Is é ról na n-ateangairí, i dtimpeallacht ilteangach eadhon Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cabhrú leat cumarsáid a dhéanamh go soiléir, go nádúrtha agus go líofa leis na rannpháirtithe eile san éisteacht. Sa chomhthéacs sin, ullmhaíonn na hateangairí iad féin go mór roimh gach éisteacht trí mhionstaidéar a dhéanamh ar an gcáschomhad. Seo a leanas roinnt moltaí a d’fhéadfadh cabhrú leat chun cumarsáid níos éifeachtúla a dhéanamh agus tú ag pléadáil os comhair na Cúirte:
- Bíonn sé an-deacair ar na hateangairí ateangaire i dteanga eile a dhéanamh i gcás ina léitear amach téacs i scríbhinn go gasta. Bíonn an cás amhlaidh mar ní mór dóibh ateangaireacht bheo a dhéanamh ar do chuid focal agus i dteanga eile. Mar sin, is fearr tú féin a chur in iúl gan srian, gan téacs a léamh, ar luas nádúrtha agus suaimhneach.
- Má chinneann tú téacs i scríbhinn a léamh, áfach, moltar duit é a sheoladh roimh ré chun Stiúrthóireacht na hAteangaireachta* trí ríomhphost. Féadfaidh na hateangairí é a chur san áireamh ansin agus iad ag ullmhú don éisteacht. Ní gá a rá:
- nach mbainfidh ach na hateangairí úsáid eisiach as do théacs; ní nochtfar é d’aon duine eile;
- ag an éisteacht, ní dhéanfar ateangaireacht ach ar an méid a déarfaidh tú i ndáiríre agus tú ag labhairt sa Chúirt.
- Tá fiú nótaí lámhscríofa le tagairtí cabhrach. Ná bíodh drogall ort cóip a chur ar fáil do na hateangairí roimh an éisteacht.
- Ná déan dearmad luanna, tagairtí, figiúirí, ainmneacha, acrainmneacha, etc. a rá go soiléir agus go mall i gcónaí.
- Sula dtosaíonn tú ag caint, bain do chluasáin díot, laghdaigh an fhuaim agus cuir iad i leataobh ón micreafón chun aon trasnaíocht a sheachaint.
- Múch d’fhón póca/PDA.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar na treoracha cleachtais do pháirtithe atá ar fáil ar leathanach “Nós Imeachta” na Cúirte Breithiúnais.
*Stiúrthóireacht na hAteangaireachta
Ríomhphost: interpret@curia.europa.eu
Facs: +352/4303-3697
Uimhir theileafóin: +352 4303-1