Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Stiúrthóireacht na nAcmhainní Daonna

Is é is aidhm do Stiúrthóireacht na nAchmhainní Daonna beartas achmhainní daonna na hInstitiúide a mholadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an dlí lena mbaineann dá bhforáiltear le Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais.

Tá ceithre Aonad sa Stiúrthóireacht:

  • Déanann an tAonad um Roghnú Tallainne bainistíocht ar na próisis earcaíochta agus roghnúcháin chomh maith le soghluaisteacht inmheánach agus comhairle ghairmthreorach  agus tá siad freagrach as nósanna imeachta measúnaithe foirne, deimhniúchán agus arduithe céime, chomh maith leis na tréimhsí oiliúna;
  • Tá an tAonad um Dhálaí Oibre freagrach as míochaine shaothair, cúnamh sóisialta, agus forbairt agus cur i bhfeidhm bearta chun sábháilteacht san áit oibre a chosaint agus folláine na foirne a chur chun cinn; tá siad i gceannas freisin ar bhearta  a cheaptar chun comhréiteach idir an saol oibre agus an saol pearsanta (ionaid cúraim leanaí, obair pháirtaimseartha, saoire do thuismitheoirí, saoire teaghlaigh, uaireanta oibre solúbtha):
  • Déanann an tAonad Forbartha Tallainne an clár ghairmoiliúinta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm lena gclúdaítear na réimsí teangeolaíochta, dlí, theicneolaíocht na faisnéise agus bainistíochta agus tugann siad tacaíocht do ranna sa phróiseas athraithe;
  • Déanann an tAonad um Bhainistíocht Ceart na teidlíochtaí airgid a shocrú agus cinntíonn siad go n-íocfar Comhaltaí, oifigigh agus gníomhairí na hInstitiúide, chomh maith le saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus oiliúnaithe.