Féach ar staitisticí mionsonraithe na Cúirte Breithiúnais
Le Marc-André Gaudissart, Cláraitheoir Cúnta na Cúirte Breithiúnais
Beartaítear leis an téacs seo, a bhíodh i gcorp Thuarascáil Bhliantúil Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh – Gníomhaíocht Bhreithiúnach, mar a dhéantar gach bliain, léargas ginearálta a thabhairt ar na príomhthreochtaí a eascraíonn ó na staitisticí breithiúnacha le bliain anuas a léamh. Dírítear san alt seo ar ábhar, áit tionscnaimh agus nádúr na gcásanna a tugadh os comhair na Cúirte Bhreithiúnais in 2023 agus tugtar treoir i leith na sonraí maidir le cásanna ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu.
Go dtí uimhir amháin beagnach, tá líon na gcásanna a tugadh os comhair na Cúirte Breithiúnais in 2023 díreach i gcomhréir leis an meán le trí bliana anuas. Le 821 chás, tá líon na gcásanna a tugadh isteach in 2023 15 níos airde ná líon na gcásanna a tugadh isteach in 2022 (806 chás) agus 17 níos ísle ná líon na gcásanna a tugadh isteach in 2021 (838 gcás). Tá miondealú na dlíthíochta de réir chineál an cháis, chomh maith, cosúil leis na mblianta roimhe sin - de bharr gurb ionann tarchuir chun réamhrialú agus achomhairc leo féin agus níos mó ná 90% na gcásanna a thugtar os comhair na Cúirte Breithiúnais (le, faoi seach 518 n-iarraidh nua ar réamhrialú agus 231 achomharc, achomhairc idirlinne nó hachomhairc ar idirghabháil) – ach, an rud a tharraingeoidh suim an léitheora ná, an méadú ar líon na gcaingne díreacha a tugadh os comhair na Cúirte Breithiúnais in 2023.
Cé go raibh an líon níos ísle ná riamh in 2021, gan ach 29 gcás nua ann, ba ionann é agus 60 cás in 2023, dhá oiread sa bhreis. Mínítear an méadú seo araon leis an méadú ar líon na gcaingne le haghaidh neamhniú (8 gcaingean a tugadh in 2023, i gcomparáid le 2 chaingean in 2022, thug Ballstát amháin (an Pholainn), ina n-aonar, 7 gcaingean anuraidh in aghaidh gníomhartha arna nglacadh ag reachtóir an Aontais i réimsí chosaint an chomhshaoil agus na héifeachtúlachta fuinnimh) agus tríd an méadú ar líon na gcaingne ar mhainneachtain an Stáit oibleagáidí a chomhlíonadh, chinn an Coimisiún, in 2023, roinnt nósanna imeachta sáraithe comhthreomhara a chur i bhfeidhm maidir le heaspa trasuímh nó cumarsáide na mbeart arna nglacadh ag Ballstáit áirithe chun a n-oibleagáidí faoi na Conarthaí a chomhlíonadh. Baineann cuid shuntasach de na cásanna sin, anseo freisin, le réimse an chomhshaoil (gnáthóga nádúrtha chomh maith le fána agus flóra fiáine a chaomhnú, córas monatóireachta a bhunú do speicis choimhthíocha ionracha, úsáid fuinnimh a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, cóireáil fuíolluisce uirbigh agus cóireáil dramhaíola...), ach baineann go leor acu freisin leis na réimsí níos traidisiúnta de shaorghluaiseacht daoine agus earraí, iompar, cóipcheart agus cearta gaolmhara sa mhargadh digiteach uathúil nó na bearta chun a chur i bhfeidhm chun sceithirí a chosaint go héifeachtach[1].
I réimse na réamhrialuithe, ní haon ionadh é – ag féachaint ar an gcomhthéacs geopholaitíochta ginearálta agus na lárionaid iomadúla coinbhleachta armtha os comhair an Aontais – is i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais atá na ceisteanna is líonmhaire arna dtarchur go dtí an gCúirt i 2023 (82 iarraidh ar réamhrialú), go leor acu a bhaineann le léirmhíniú na rialacha a bhaineann leis an gceart chun tearmainn agus leis an gcóras cosanta idirnáisiúnta do náisiúnaigh tríú tíortha. Mar a bhí ann in 2022, bhain go leor de na ceisteanna le haghaidh réamhrialú arna gcuireadh go dtí an Chúirt anuraidh le réimsí an chánachais, na cosanta tomhaltóirí agus iompair (le, faoi seach, 53, 52 agus 40 iarraidh ar réamhrialú), cé gur bhain na hachomhairc in 2023 in aghaidh chinntí na Cúirte Ginearálta go príomha le réimsí na maoine intleachtúla, na hiomaíochta, na státchabhrach agus na seirbhíse sibhialta. In ainneoin teacht chun cinn réimsí nua dlíthíochta, tá fós baint ag na réimsí sin le cuid shuntasach de ghníomhaíocht na Cúirte Ginearálta.
Maidir le tionscnamh tíreolaíochta na n-iarrataí ar réamhrialú a fuarthas sa Chúirt Breithiúnais in 2023, maidir le dlínsí, tugtar faoi deara gur tharchuir cúirteanna na mBallstát ar fad, gan eisceacht, cásanna óna gcúirteanna le bliain anuas, rud a thugann fianaise do bheogacht an idirphlé “cúirt go cúirt” arna bhunú leis na Conarthaí. Mar a bhí ann sna blianta roimhe, tháinig an líon is mó arís ó chúirteanna na Gearmáine chun tosaigh in aicmiú ‘tíreolaíochta’ na réamhrialuithe (le, 94 iarraidh ar réamhrialú a cuireadh faoi bhráid na Cúirte in 2023), ní leanann cúirteanna na hIodáile iad, an uair seo, ach cúirteanna na Bulgáire agus na Polainne, a chuir faoi bhráid na Cúirte, faoi seach, 51 agus 48 gcás tarchurtha óna gcúirteanna le bliain anuas. I gcás na Polainne, is ionainn líon na dtarchur chun réamhrialú a rinneadh in 2023 agus an líon is airde ó aontachas an Stáit sin leis an Aontas, 20 bliain ó shin, cé go bhfuil líon na n-iarrataí a rinne cúirteanna na Bulgáire in 2023 gar don líon is mó tarchur riamh a rinne na cúirteanna sin in 2021 (58 n-iarraidh).
Féadfar barúil chomhchosúil a thabhairt maidir le hiarrataí ar réamhrialú ón Rómáin. Le nach lú ná 40 iarraidh a cuireadh faoi bhráid na Cúirte in 2023, rinne cúirteanna na Rómáine líon ard tarchur, chomh maith, sroicheadh an buaicphointe in 2019, bliain inar cuireadh 49 n-iarraidh ar réamhrialú os comhair na Cúirte Breithiúnais. Baineanna na ceisteanna arna dtarchur cúirteanna an Rómánaigh in 2023 le hábhair chomh héagsúil le haicmiúcháin taraife do cháblaí snáithíní optúla, slándáil bia, cosaint tomhaltóirí ar théarmaí éagóracha i gconarthaí creidmheasa atá ainmnithe in airgeadra eachtrach, an ceart chun cánach breisluacha a asbhaint, na costais leighis arna dtabhú i mBallstát seachas an Ballstát cleamhnachta nó fós an comhréiteach íogair idir an caighdeáin náisiúnta chun cearta bunúsacha a chosaint agus urraim ar phrionsabail na tosaíochta, na haontachta agus na héifeachtúlachta do dhlí an Aontais.
Maidir le réimse na gcásanna práinneacha, cosúil le 2022, bhí i bhfad níos lú iarratas ar an nós imeachta brostaithe nó ar an nós imeachta práinne ná mar a bhí in 2021. Cé go ndearnadh suas le 90 iarratas le linn 2021, gach cineál cás le chéile, ní dhearnadh ach 41 iarratas ar imeachtaí brostaithe in 2023. Níor chuir an Chúirt an nós imeachta brostaithe i bhfeidhm ar chor ar bith in 2023, cé gur cuireadh an nós imeachta práinne i bhfeidhm dhá uair i gcásanna a bhain, faoi seach, le léiriú Airteagal 5(1) de Threoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003, maidir leis an ceart chun athaontú teaghlaigh (IO 2003 L 251, lch. 12), arna léamh i gcomhar le hAirteagail 7 agus 24 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh[2], agus léiriú Airteagal 325(1) CFAE, Airteagal 2(1) den Choinbhinsiún maidir le Leasanna Airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint, arna shíniú sa Bhruiséil an 26 Iúil 1995, agus do phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais[3].
I dtaca le hachomharc, feictear a mhalairt de threocht. Cé gur tugadh 9 n-achomharc ar bhearta idirlinne nó ar idirghabháil os comhair na Cúirte in 2021, d’éist sí le 18 n-achomharc den chineál sin in 2023, arb ionann sin agus dúbailt.
Mar a bhí ann sna cásanna a tugadh, bhí líon na gcásanna ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu in 2023 díreach i gcomhréir leis an meán le trí bliana anuas. Mar sin féin, le bliain anuas, chuir an Chúirt clabhsúr ar 783 chás in 2023, agus chuir sí clabhsúr ar 771 in 2021 agus 808 in 2022. Léiriú dílis is ea é, ós rud é gurb ionann iarrataí ar réamhrialú agus achomhairc agus formhór na gcásanna arna dtabhairt os comhair na Cúirte, ní haon ionadh gurb ionann iad freisin agus formhór na gcásanna ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu in 2023.
Má dhéanaimid measúnú breise ar conas ar cuireadh clabhsúr ar chásanna le bliain anuas, bhí sé an-ghar leis an gcaoi ar cuireadh clabhsúr ar chásanna in 2022. Cé gur thug an Chúirt 466 bhreithiúnais agus 265 ordú de gach cineál in 2022, d'ardaigh líon na mBreithiúnas agus na nOrduithe, faoi seach, go 469 agus 253 in 2023, arb ionann sin agus uimhir beagnach mar an gcéanna leis an mbliain roimhe sin. Baineann an treocht seo freisin le hOrduithe de chineál breithiúnach a chuireann deireadh leis na himeachtaí, seachas ordú lena mbainfear an cás ón gclár, cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais nó tarchur chuig an gCúirt Ghinearálta. B'ionann a líon, faoi seach, agus 167 in 2022 agus 163 in 2023, ach tá miondealú na n-orduithe seo de réir chineál an cháis beagán difriúil.
Ós rud é gur cuireadh clabhsúr ar 12.7 % de na cásanna réamhrialaithe in 2022 trí ordú arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 53(2) de na Rialacha Nós Imeachta nó ar bhonn Airteagal 99 de na Rialacha sin, nó arís ar bhonn an dá fhoráil sin le chéile, d'ardaigh an céatadán seo anuraidh go 14.6%. Maidir le hachomhairc, mar a mhalairt ar sin, tá laghdú ag teacht ar chéatadán na gcásanna a chuireadh clabhsúr orthu trí ordú faoi Airteagail 181 nó 182 de na Rialacha Nós Imeachta ó bhí laghdú ó 56.8% in 2022 go 45.9% in 2023. Mínítear an t-athrú seo le clabhsúr, in 2023, do líon níos airde achomharc trí bhreithiúnas, agus gur ghá éisteacht le roinnt cásanna casta agus/nó tuairim ón Abhcóide Ginearálta a thabhairt.
Má d’eascair líon níos mó breithiúnas as achomhairc anuraidh ná mar a bhí in 2022, ní thugann sé sin le tuiscint, áfach, go bhfuil méadú ag teacht ar líon chinntí na Cúirte Ginearálta a chuirtear ar neamhní. Le blianta beaga anuas, bhí cobhsaíocht mhór i leith chlabhsúr na gcásanna, beag beann ar an modh clabhsúr arna ghlacadh. As na 201 achomharc ar cuireadh clabhsúr orthu in 2023, chuir 37 acu cinneadh na Cúirte Ginearálta ar neamhní agus níor tharchuir ach 10 gcinn acu an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta. Anseo arís, tá na figiúirí inchomparáide go leor le figiúirí na bliana roimhe sin de bharr gur cuireadh cinntí na Cúirte Ginearálta ar neamhní 39 uair in 2022 (as 196 achomharc ar cuireadh clabhsúr orthu san iomlán) agus níor tharchuir an Chúirt Bhreithiúnas cás chuig an gCúirt Ghinearálta ach i 9 gcás.
Mar a bhí ann in 2022, is ionann na cásanna ar chuir Dlísheomraí le triúr Breithiúna clabhsúr orthu - lena n-áirítear an Dlísheomra a chineann ar chóir achomharc a cheadú - agus níos mó ná leath de na cásanna ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu in 2023 (ag fágáil as an áireamh orduithe lena mbainfear an cás ón gclár, cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta). Tháinig méadú ar sciar na gcásanna ar chuir Dlísheomraí le cúigear Breithiúna clabhsúr orthu le bliain anuas - chuir na foirmithe breithiúnais seo clabhsúr ar 298 gcás in 2023, i gcomparáid le 270 an bhliain roimhe - cé gur tháinig laghdú níos mó ná leath i leith na cásanna ar chuir an Mór-Dhlísheomra clabhsúr orthu, ó 80 cás ar cuireadh clabhsúr orthu in 2022 go dtí ach 36 chás in 2023. Is toradh an fhorbairt sin ar chur chuige níos roghnaí na Cúirte maidir le cásanna a éilíonn idirghabháil an Mhór-Dhlísheomra de bharr, go háirithe, líon agus chastacht na gcásanna a tugadh os comhair na Cúirte Bhreithiúnais, ach mínítear é freisin trí chásdlí atá breá soiléir i gcúrsaí áirithe, a cheadaíonn tarchur na gcásanna níos easca ná mar a bhí roimhe seo chuig foirmíocht níos lú, le cúigear breithiúna.
Maidir le fad na nósanna imeachta, tá meánfhad i leith cásanna réamhrialaithe a láimhseáil, gach cineál cáis le chéile, beagán níos ísle ná an bhliain roimhe sin ós rud é gurb ionann é agus 16.1 mí in 2023, i gcomparáid le 16.4 mí in 2022. Tá an laghdú seo inchurtha go príomha leis an laghdú ar mheánfhad i leith achomharc díreach a láimhseáil (ó 23.5 mí in 2022 go 20.8 mí in 2023) agus, ar leibhéal níos ísle, de réamhrialuithe (ó 17.3 mí go 16.8 mí). Mar sin féin, tá an meánfhad i leith cásanna a láimhseáil ag brath ar chastacht na gcásanna a chuirtear faoi bhráid na Cúirte agus ar mhodh clabhsúr na gcásanna, rud a mhíníonn an tábhacht bronnta ag an gCúirt don iarraidh a chuir sí faoi bhráid reachtóir an Aontais an 30 Samhain 2022 d'fhonn cuid den dlínse a fheidhmíonn sí i gcúrsaí réamhrialaithe a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta agus d’fhonn raon feidhme ábhartha an tsásra chun a chinntiú ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh a leathnú.
Amhail an 31 Nollaig 2023, bhí 1149 gcás ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais, arb ionann sin agus thart ar dhaichead cás breise ná an bhliain roimhe. Bhain formhór na gcásanna sin le hiarrataí ar réamhrialú (760 cás) agus achomhairc (289 gcás), beidh tionchar dosheachanta ag cur chun feidhme an athchóirithe a luaitear thuas ar na staitisticí sin ós rud é go n-aistreofar, nuair a thiocfaidh sé i bhfeidhm, chuig an gCúirt Ghinearálta iarrataí nua ar réamhrialú a bhaineann le hábhair shonracha.
[1] In 2023, thug an Coimisiún caingne dá bhrí sin in aghaidh 6 Bhallstát mar gheall ar mhainneachtain na forálacha reachtacha, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh, an 23 Deireadh Fómhair 2019 a ghlacadh nó a chur in iúl, maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17). I cásanna C-147/23, C-149/23, C-150/23, C-152/23, C-154/23 agus C-155/23 (caingne arna dtionscnamh, faoi seach, i gcoinne Phoblacht na Polainne, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine agus na hUngáire).
[2] Breithiúnas an 18 Aibreán 2023 i gCás C-1/23 PPU, Afrin (EU:C:2023:296).
[3] Breithiúnas an 24 Iúil 2023 i gCás C-107/23 PPU, Lin (EU:C:2023:606).
Statistics of judicial activity in a number of previous years can also be consulted on the Curia website in the ‘History' section.