Is é ról na n-ateangairí comhuaineacha, i dtimpeallacht ilteangach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cabhrú leat cumarsáid a dhéanamh go héasca agus go líofa leis na Breithiúna agus na rannpháirtithe eile san éisteacht. Ullmhaíonn na hateangairí iad féin go mór roimh gach éisteacht trí mhionstaidéar a dhéanamh ar an gcáschomhad. Bíodh sin mar atá, d’fhéadfadh sé a bheith cabhrach duit na pointí seo a leanas a choinneáil i gcuimhne agus tú ag pléadáil:
• Bíonn sé an-deacair ar na hateangairí ateangaire comhuaineach i dteanga eile a dhéanamh i gcás ina léitear amach téacs i scríbhinn go gasta. Beidh na hateangairí in ann a gcuid oibre a dhéanamh i bhfad níos éifeachtúla má labhraíonn tú go hoscailte, gan téacs a léamh, ar luas nádúrtha agus suaimhneach.
• Má chinneann tú téacs i scríbhinn a d’ullmhaigh tú a léamh amach, moltar duit é a sheoladh roimh ré chun Stiúrthóireacht na hAteangaireachta* trí ríomhphost. Féadfaidh na hateangairí é a chur san áireamh ansin agus iad ag ullmhú don éisteacht. Ní gá a rá:
- nach mbainfidh ach na hateangairí úsáid as do théacs; ní nochtfar é d’aon duine eile;
  - ag an éisteacht, ní dhéanfar ateangaireacht ach ar an méid a déarfaidh tú i ndáiríre agus tú ag labhairt sa Chúirt.
• Tá fiú nótaí lámhscríofa le tagairtí cabhrach. Ná bíodh drogall ort cóip a chur ar fáil do na hateangairí díreach roimh an éisteacht.
  • Ná déan dearmad luanna, tagairtí, figiúirí, ainmneacha, acrainmneacha, etc. a rá go soiléir agus go mall.
• Sula dtosaíonn tú ag caint, bain do chluasáin díot, laghdaigh an fhuaim agus cuir iad i leataobh ón micreafón chun aon trasnaíocht a sheachaint.
• Múch d’fhón póca/PDA go hiomlán. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar na Rialacha Cleachtais maidir le cur i bhfeidhm Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta ar leathanach “Nós Imeachta” na Cúirte Ginearálta.
*Stiúrthóireacht na hAteangaireachta
Ríomhphost: interpretation@curia.europa.eu
  Facs: +352/4303-3697