Is éard atá i gceist leis an Athbhreithniú ar an mbliain ná Tuarascáil Bhliantúil na Cúirte Breithiúnais ina leagtar amach gníomhaíocht na hInstitiúide agus cásdlí a dhá cúirt le bliain anuas.
Déantar achoimre ann ar phríomhchásanna na bliana, léirítear staitisticí maidir le hobair an dá chúirt agus tugtar léargas ann ar phríomhimeachtaí na bliana. Cuimsítear ann freisin ionchur ó Uachtaráin na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta chomh maith le Cláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, Ard-Rúnaí na hinstitiúide, maidir le gníomhaíocht agus forbairt an dá chúirt agus na hInstitiúide ina hiomláine. Cuireann Leas-Uachtarán na Cúirte Ginearálta nuálaíochtaí i gcásdlí na cúirte sin i láthair.
Tá roinn san fhoilseachán dar teideal ‘Fócas ar an gcásdlí’, a bhfuil sé mar aidhm aige gairmithe agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi chásanna suaitheanta na bliana ar bhealach críochnúil agus oideolaíoch.
Staidreamh breithiúnach na Cúirte Breithiúnais
Staidreamh breithiúnach na Cúirte Ginearálta
Gach bliain, tuairiscíonn oifigeach údarúcháin na hinstitiúide trí tharmligean chuig údaráis bhuiséadacha an Aontais, i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme, maidir le bainistiú leithreasaí agus caiteachas na hinstitiúide i bhfoirm tuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí. Áirítear sa tuarascáil, dar teideal ‘Tuarascáil bhainistíochta’, na torthaí a bhain an institiúid amach de bhua na n-acmhainní a leithdháiltear uirthi agus feidhmiú na gcóras rialaithe inmheánaigh.
![]() |
|
Féach freisin: