Cuairteanna do ghrúpaí

Tá sé mar aidhm ag an gCúirt Bhreithiúnais an Chúirt a thabhairt níos cóngaraí dá saoránaigh, go háirithe trí chuairteanna a eagrú. Is é cuspóir na gcuairteanna ná daoine a chuir ar a gcumas chun tuiscint níos fearr ar bhunchúis agus bhunról Chúirteanna an Aontais a fháil agus an tslí ina mbíonn tionchar díreach ag breithiúnais na Cúirte ar saol shaoránaigh na hEorpa.

Toisc nádúr ar leith ghníomhaíochtaí na hinstitiúide, cuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ag a suíomh i Lucsamburg, fáilte roimh ghrúpaí speisialaithe, amhail  breithiúna naisiúnta, abhcóidí, ollúna ollscoile, dlíodóirí inmheánacha etc. Freisin, cuireann an Chúirt an fháilte chéanna roimh líon mór cuairteoirí eile, mic léinn dlí ach go háirithe.

Fiú go moltar cuairteanna i bpearsa fós chun cuairt a thabhairt ar an institiúid, tá cuairteanna fíorúla le fáil anois.

Tá na cuairteanna  teoranta de réir théarmaí na Cúirte agus bíonn siad ar siúl ar laethanta oibre idir 8 a.m. agus 5.30 p.m.

Le haghaidh cuairteanna aonair  nó treoraithe, féach ar an leathanach ábharthach, le do thoil.

Bíonn cuairteanna a eagraíonn an tAonad Seimineár agus Cuairteanna saor in aisce agus bíonn siad ar siúl i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

I gcomhthéacs chóras ‘EMAS’, tá Séirbhís Cuairteanna Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tiomanta, i ngach réimse, do ghníomhú ar bhealach atá oiriúnach don chomhshaol agus a cuid gníomhaí a fheabhsú go leanúnach, ach go háirithe, trí chláir fhíorúla a chur ar fáil agus trí cháipéisí digiteacha a scaipeadh.

Sula ndéanann tú d’iarratas ar chuairt, léigh go cúramach an fhaisnéis a bhaineann leis na coinníollacha clárúcháin agus eagraíochta, le do thoil.

Cineálacha gníomhaíochtaí a eagraíonn Seirbhís na gCuairteanna

Cuireann Seirbhís na gCuairteanna dhá chineál gníomhaíochtaí ar fáil: cuairteanna agus seimineáir.

Tá an dá ghníomhaíocht le fáil i bpearsa agus i bhformáid fhíorúil.

Coinníollacha clárúcháin

Is é an feidhmchlár My Visit a úsáidtear chun cuairteanna i bpearsa agus cuairteanna fíorúla a bhainistiú. Iarrtar ar cheannaire an ghrúpa úsáid a bhaint as an bhfeidhmchlár sin chun an t-iarratas ar chuairt a dhéanamh. Agus an t-iarratas á dhéanamh agat, luaigh go sonrach, le do thoil, sa mhír le haghaidh ‘tráchtanna’ má tá cuairt fhíorúil uait.

  • Mar gheall ar an nádúr faoi leith a bhaineann le gníomhaíochtaí na Cúirte, tabharfar tús áite do ghrúpaí cleachtóirí dlí nó mac léinn dlí.
  • Ní mór do chuairteoirí a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad. Le haghaidh iarratas a bhaineann le grúpaí mac léinn nach bhfuil ar leibhéal na hollscoile, moltar duit dul i dteagmhail le Seirbhís na gCuairteanna (foirm theagmhála – an mhír maidir le turais eagraithe)
  • Toisc go bhfuil ardleibhéal suime sa Chúirt, ba cheart iarratais ar chuairt a dhéanamh cúig nó sé mhí roimh ré.
  • Eagraítear cuairteanna i bpearsa le haghaidh grúpaí ina bhfuil ar a laghad 7 ach níos lú ná 35 dhuine iontu. Le haghaidh grúpaí d’aon líon eile,  téigh i dteagmháil leis an Aonad Seimineár agus Cuairteanna (foirm theagmhála).
  • Eagraítear cuairteanna fíorúla do ghrúpaí ina bhfuil 7 rannpháirtí ar a laghad. 

Gnéithe an chláir i leith cuairteanna i bpearsa nó fíorúil

Le haghaidh cuairteanna i bpearsa agúis fíorúla, is féidir gnéithe an chláir atá oiriúnach do do chuid ábhair spéise agus do chuid tuiscint dlíthiúil, agus a bhfuil am agat dóibh, a roghnú.

  • Éisteacht i gcás roimh an gCúirt Bhreithiúnais nó an gCúirt Ghinearálta, le hachoimre an cháis (a bhíonn ar siúil go hiondúil ar an Máirt, ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin  ó 8:20 go 11:30 (thart ar 3 uaire) roimhe. Níl an ghné seo den chlár ar fáil ach le haghaidh cuairteanna i bpearsa.
  • Cur i láthair ginearálta na Cúirte Breithiúnais / na Cúirte Ginearálta (fad: 45 nóiméid)
  • Cur i láthair ar obair an dhlítheangeolaí (45 nóiméid)
  • Cur i láthair ilteangachas na Cúirte Bhreithiúnas (aistriúcháin, ateangaireacht) (45 nóiméad)
  • Cuairt ar an leabharlann (30 nóiméad; 10 nóiméad le haghaidh cuairteanna fíorúla)
  • Turas treoraithe ar na foirgnimh (45 nóiméad; 30 nóiméad le haghaidh cuairteanna fíorúla treoraithe)

Is féidir na gnéithe sin den chlár a roghnú sa cheistneoir a iarrtar ort a chomhlíonadh san fheidhmchlár (féach ar an mír ‘Ceangal le My Visit’). Ag brath ar fhoireann na Cúirte a bheith ar fáil agus acmhainní eile, déanfaidh Seirbhís na gCuairteanna a ndícheall freastal ar d’iarratas.

Cuairteanna fíorúla

Is ionann na himthosca faoina n-eagraítear cuairteanna fíorúla agus cuairteanna i bpearsa, ach ní gá go mbeadh níos lú ná 35 dhuine sa ghrúpa. Féadfaidh tú do rogha a dhéanamh de na ghnéithe thuas chun do chlár féin a dhéanamh. Is féidir cuairteanna fíorúla a mhodhnú chun iad a chur in oiriúint do leibhéal tuisceana agus d’ábhair spéise an ghrúpa. Tá feidhmchlár faoi leith ag an gCúirt Bhreithiúnais atá beartaithe le haghaidh na gchlár sin, ach, faoi choinníollacha áirithe, glacfaidh Seirbhís na gCuairteanna leis go dtarlóidh an chuairt fíorúil ar do rogha fheidhmchláir. Is féidir leis na rannpháirtithe logáil isteach ar bhonn indibhidiúil agus cuirfidh Seirbhís na gCuairteanna nasc logáil isteach ar fáil duit chomh maith le, más gá, dáta agus nasc chun an logáil isteach a thástáil.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar chuairt fíorúil trí ‘My Visit’ (féach ar an mír ‘Ceangal le My Visit’). Agus an t-iarratas á dhéanamh agat, luaigh go sonrach, sa mhír le haghaidh ‘tráchtanna’, má tá cuairt fhíorúil uait.

Laistigh de thréimhse réasúnta ama (coicís roimh an dáta, ar a laghad) is féidir iarratas a dhéanamh freisin ar chuairt i bpearsa a athrú go cuairt fhíorúil nó vice versa.

I gcás deacrachta nó má tá aon cheist agat a bhaineann le heagrú do chuairte, téigh i dteagmháil le Seirbhís na gCuairteanna (foirm theagmhála – an mhír ‘cuairteanna eagraithe’).

Seimineáir

Is féidir Seimineáir a mhaireann ar feadh lá nó dhó agus lena mbeartaítear cláir a shocraítear le hábhair spéise na rannpháirtithe go díreach san áireamh a shocrú ar iarratas ó ghrúpa breithiúna.

Is í aidhm na seimineár sin cuir le scaipeadh agus le tuiscint fheabhsaithe dhlí an Aontais go dtí go gcuirfear feabhas ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais. Aidhm eile atá ag na seimineáir ná an plé idir an breitheamh náisiúnta agus an breitheamh Eorpach a éascú, sa chéad háit, agus, sa dara háit, an comhoibriú breithiúnach idir na Ballstáit éagsúla a éascú.

Tá na seimineáir ar fáil i bhformáid fhíorúil freisin.

Má tá suim agat i bhformáid faoi leith, téigh i dteagmhail le Séirbhís na gCuairteanna (foirm theagmhála – an mhír ‘cuairteanna eagraithe’),  agus cuirfidh siad na treoracha riachtanacha go léir ar fáil duit.

Cláir i bpearsa a eagrú

  • Iarrtar ar cheannasaí an ghrúpa liosta a sheoladh, coicís roimh an gcuairt ar a laghad, ina liostaítear na rannpháirtithe agus a ndáta breithe trí My Visit.  Ná téigh thar an líon rannpháirtithe a fhógraítear gan teagmháil a dhéanamh, i scríbhinn, le Séirbhís na gCuairteanna.
  • Seolann Seirbhís na gCuairteanna an clár beartaithe thart ar choicís roimh an gcuairt agus an clár deireanach thart ar sheachtain amháin roimh an gcuairt, trí phróifíl phearsanta an duine teagmhála ar My Visit.
  • Ar lá na cuairte, iarrtar ar an ngrúpa teacht chuig an mbealach isteach ag an am a luaitear ar an gclár. Iarrtar ar na rannpháirtithe a bheith fíorphoncúil. Tarraingítear aird na gcuairteoirí ar an trácht trom a bhíonn i Lucsamburg, agus go mbíonn tranglam tráchta ann go minic ar maidin dá bharr, ar na mótarbhealaí agus sa phríomhchathair.
  • Mar gheall ar bhearta slándála, beidh ar chuairteoirí dul trí bhrathadóir miotail, agus caithfear lena gcuid bagáiste láimhe agus nithe pearsanta eile amhlaidh.
  • Ag brath ar an staid sláinte, féadfar teastais sláinte a sheiceáil.
  • Ní mór do chuairteoirí rialacha slándála agus rialacha nós imeachta na Cúirte a chomhlíonadh.
  • Cuireann treoraí ón Aonad Seimineár agus Cuairteanna fáilte roimh an ngrúpa cuairteoirí ag bealach isteach na Cúirte. Téann an duine sin in éineacht leis an ngrúpa agus déanann sé/sí maoirseoireacht orthu i rith a gcuairte ar an gCúirt Bhreithiúnais. Tá ceannasaí na ngrúpaí freagrach freisin as maoirseoireacht a dhéanamh ar chuairteoirí agus cúnamh a thabhairt don treoraí.
  • Iarrtar ar gach rannpháirtí cárta aitheantais, pas, nó ceadúnas tiomána a thabhairt leo.
  • De ghnáth, ní bhíonn rochtain ar an mbialann féinseirbhíse nó caifitéire na Cúirte ach ag baill foirne.
  • I ndiaidh na cuairte, iarrtar ar cheannaire an ghrúpa foirm mheasúnaithe a chomhlíonadh, atá ar fáil ar líne ag :

 https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/MY_Visit_Evaluation

  • Tabhair faoi deara go gcoimeádann an Chúirt an cheart chun cuairt phleanáilte a chur ar ceal, in imthosca eisceachtúla.
  • Seolann Seirbhís na gCuairteanna nasc le logáil isteach chuig ceannasaí an ghrúpa, agus más gá, dáta agus nasc chun an logáil isteach a thástáil
  • Cuireann ceannasaí an ghrúpa na sonraí go léir a fhaightear ar fáil do bhaill eile an ghrúpa (clár, nasc chun logáil isteach, dáta na tástála logála isteach).
  • Iarrtar ar cheannasaí an ghrúpa an líon daoine lena bhfuil siad ag súil a shonrú; le haghaidh cuairteanna san fhormáid seo ní gá ainmneacha ná dátaí breithe na rannpháirtithe a chur isteach.
  • Tá ceannasaí an ghrúpa freagrach as comhdhéanamh an ghrúpa. Tugann siad faoi dháileadh an naisc ar chuairteoirí a bhfuiltear ag súil amháin.
  • Seolann Seirbhís na gCuairteanna an clár beartaithe amach thart ar choicís roimh an gcuairt agus an clár deireanach thart ar sheachtain roimh an gcuairt, trí phróifíl phearsanta an duine teagmhála ar My Visit.
  • Ar lá na cuairte, iarrtar ar na cuairteoirí a bheith fíorphoncúil.
  • Déanann comhghleacaí ón Aonad Seimineár agus Cuairteanna maoirseoireacht ar an gclár fíorúil le cinntiú go bhfuil gach rud ag obair i gceart.

Cláir fíorúla a eagrú

  • I ndiaidh na cuairte, iarrtar ar cheannaire an ghrúpa foirm mheasúnaithe a chomhlíonadh, atá ar fáil ar líne ag :

 https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/MY_Visit_Evaluation

  • Tabhair faoi deara go gcoimeádann an Chúirt an ceart chun cuairt phleanáilte a chur ar ceal, in imthosca eisceachtúla.

Iarratas ar chuairt ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh / ceangal le My Visit

Ligeann My Visit duit cuairteanna i bpearsa agus fíorúla a bhainistiú. Iarrtar ar cheannasaí an ghrúpa an feidhmchlár a úsáid chun an t-iarratas a dhéanamh. Agus an t-iarratas á dhéanamh agat, luaigh go sonrach, sa mhír le haghaidh ‘tráchtanna’, má tá foirm fíorúil uait.

Chun an feidhmchlár a úsáid, ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat agus ní mór próifíl phearsanta a chruthú. Tríd an bpróifíl phearsanta, is féidir:

  • Grúpaí cuairteoirí a chruthú a bheidh tú in ann iad a úsáid arís agus tú ag ullmhú cuairteanna eile ina dhiaidh sin;
  • Dátaí a d’fhéadfaidís bheith oiriúnach do chuairteanna a fheiceáil sula ndéanann tú iarratas;
  • Gnéithe chlár do chuairte a roghnú.

Nuair a bheidh an t-iarratas déanta agat, beidh tú in ann logáil isteach ar do phróifíl phearsanta agus:

  • Súil a choinneáil ar an tslí a bhfuil ag éirí le d’iarratas ar chuairt;
  • sonraí áirithe an iarratais ar chuairt a athrú sula ndéanann tú é a dhearbhú;
  • litreacha a bhaineann le do chuairt a léamh nó a phriontáil;
  • sonraí na gcuairteanna a bhí agat roimh ré a shábháil.

Má eascraíonn fadhb ar bith agus tú ag úsáid My Visit, is féidir breathnú ar lámhleabhar ar líne an úsáideora trí chliceáil ar ‘?’ , nó bain úsáid as an  bhfoirm teagmhála – an mhír ‘cuairteanna eagraithe’.

Ceangail le My Visit

Mura bhfuil seoladh ríomhphoist agat, féach Teagmháil.

Cuairteanna treoraithe de na foirgnimh agus na Saothair Ealaíne (Tuaras ealaíne)

A bhuí le tabhartais agus iasachtaí na mBallstát, coimeádann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cnuasach ealaíne a léiríonn oidhreacht chultúrtha na hEorpa. Mar gheall ar obair ailtireachta Dominique Perrault ar fhoirgneamh na Cúirte, rinneadh iad a athlonnú agus a fheabhsú. Is minic a eagraíonn Seirbhís Chuairteanna Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cuairteanna treoraithe saor in aisce chun taitneamh a bhaint as an gcnuasach ealaíne seo faoin ailtireacht aitheanta seo.

Eagraítear na turais sin, de réir amchláir réamhsháinithe, as Béarla, as Fraincis nó as Gearmáinis, do ghrúpaí nach mó ná 20 duine an turais. Iarrtar ar aon daoine a bhfuil súim acu páirt a ghlacadh i dturas dá leithéid cláraigh 2 lá oibre roimh ré, ar a laghad, trí úsáid a bhaint as an bhfoirm clárúcháin . Iarrtar ar chuairteoirí a bhfuil áiteanna deimhnithe acu teacht go bealach isteach na gcuairteoirí (plean) 15 nóiméad roimh thús an turais, le doiciméad aitheantais.

Is féidir cuairteanna treoraithe sa bhreis, do ghrúpaí amháin (le 7 rannpháirtithe ar a laghad), a eagrú ach iad a iarraidh ó Sheirbhís na gCuairteanna (foirm teagmhála – an mhír ‘turais eagraithe’)