Rugadh an tUasal Koen Lenaerts in 1954 in Mortsel (an Bheilg). Bhain sé céim amach sa dlí in 1977 ó Katholieke Universiteit Leuven (Ollscoil Chaitliceach Leven, an Bheilg) sular lean sé ar aghaidh lena chuid staidéir in Ollscoil Harvard (Ollscoil Harvard, Stáit Aontaithe Mheiriceá). Bhain sé amach Máistreacht sa Dlí ann in 1978 agus Máistreacht i Riarachán Poiblí in 1979. D’fhill sé ar an Katholieke Universiteit Leuven, áit ar bronnadh dochtúireacht sa dlí air in 1982.
Ba ag an ollscoil chéanna seo a thosaigh sé ar a ghairm bheatha in 1979 mar chúntóir, ansin mar Ollamh le Dlí Eorpach in 1983. Le linn a ghairm acadúil, mhúin sé freisin i gColáiste na hEorpa in Brugge (an Bheilg) ó 1984 go 1989, chomh maith le Scoil Dlí (Scoil Dlí Harvard, Stáit Aontaithe), mar Ollamh ar cuairt, in 1989.
Chuaigh an tUas. Lenaerts isteach i seirbhís na Cúirte Breithiúnais mar rúnaí dlí don bhreitheamh René Joliet, post a bhí aige ó 1984 go 1985, sular chleachtaigh sé mar dhlíodóir ó 1986 go 1989 ag barra na Bruiséile.
Ceapadh é ina bhreitheamh i gCúirt Chéadchéime na gComhphobal Eorpach ón 25 septembre 1989, an lá a suiteáladh an chúirt nua-chruthaithe seo. Shuigh sé ansin ar feadh níos mó ná ceithre bliana déag, sular ceapadh é ina bhreitheamh sa Chúirt Bhreithiúnais ón 7 Deireadh Fómhair, 2003. Chuir a chomhghleacaithe feidhmeanna Uachtarán dlísheomra de chúram air ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile, ón 9 Deireadh Fómhair 2006 go 8 Deireadh Fómhair 2012, agus ansin feidhmeanna Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais ar an 9 Deireadh Fómhair 2012.
Toghadh é ina Uachtarán ar an gCúirt Bhreithiúnais ón 8 Deireadh Fómhair 2015 agus tá an post aige ó shin.
Rugadh Thomas von Danwitz in 1962 in Bedburg/Erft (an Ghearmáin). Rinne sé staidéar ag an Rheinische Friedrich-Wilhelms-Universität Bonn (Ollscoil na Réine Frédéric-Guillaume in Bonn, an Ghearmáin), áit ar ghlac sé an chéad scrúdú stáit sa dlí in 1986, agus in Ollscoil na Ginéive (an Eilvéis). Thug sé faoi thráchtas ag an Rheinische Friedrich-Wilhelms-Universität Bonn agus bronnadh dochtúireacht sa dlí air in 1988. Iar-mhac léinn de chuid na Scoile Náisiúnta um Ghnóthaí Riaracháin (an Fhrainc), bhain an tUasal von Danwitz dioplóma idirnáisiúnta sa riarachán poiblí amach ann in 1990. In 1992, chríochnaigh sé a thréimhse oiliúna sa dlí in Köln (an Ghearmáin) leis an dara scrúdú stáit sa dlí agus ansin, in 1996, chríochnaigh sé a staidéar iardhochtúireachta ag an Rheinische Friedrich-Wilhelms-Universität Bonn, áit ar oibrigh sé mar chúntóir taighde.
Ag díriú a chuid taighde go príomha ar dhlí poiblí na Gearmáine chomh maith le dlí na hEorpa, theagaisc an tUasal von Danwitz na hábhair seo, ó 1996 go 2003, mar ollamh ag an Ruhr-Universität Bochum (Ollscoil Ruhr in Bochum, an Ghearmáin), áit a raibh post aige mar dhéan ar an scoil dlí ann ó 2000 go 2001. Ó 2003 go 2006, theagaisc sé ag Universität zu Köln (Ollscoil Köln, an Ghearmáin) agus in 2006 ceapadh é mar stiúrthóir ar an Institiúid um Dhlí Poiblí agus Eolaíochtaí Riaracháin ann.
Mar thoradh ar a shlí bheatha acadúil bhí sé mar ollamh ar cuairt ag an Fletcher School of Law and Diplomacy ag Tufts University (Ollscoil Tufts, Stáit Aontaithe Mheiriceá) in 2000, ag Ollscoil François Rabelais de Tours (an Fhrainc) idir 2001 agus 2006, agus ansin in Ollscoil Pháras I Panthéon-Sorbonne (an Fhrainc) idir 2005 go 2006. In 2005, chaith sé tréimhse teagaisc agus taighde ag an University of California, Berkeley (Ollscoil California in Berkeley, Stáit Aontaithe Mheiriceá). In 2004, chuaigh sé isteach mar chomhalta den choiste stiúrtha do Lá Dlíodóirí na Gearmáine (Ständige Deputation des Deutschen Juristentags), a raibh baint aige leis go dtí 2014.
Ceapadh an tUasal von Danwitz mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2006. Agus é tofa mar Uachtarán ar dhlísheomra ag a chomhghleacaithe, shuigh sé sa Chúirt sa cháil sin idir an 9 Deireadh Fómhair 2012 agus an 8 Deireadh Fómhair 2018. Ón 8 Deireadh Fómhair 2024, is é an tUasal von Danwitz Leas-Chathaoirleach na hInstitiúide.
Rugadh François Biltgen in 1958 i Lucsamburg (Ard-Diúcacht Lucsamburg). In 1981, bhain sé amach máistreacht sa dlí, chomh maith le Dioplóma Ardléinn (DEA) sa Dlí Poiblí in 1982, in Ollscoil an Dlí, eacnamaíocht agus eolaíochtaí sóisialta d’Ollscoil Pháras II Panthéon-Assas (an Fhrainc). An bhliain chéanna, bhain sé céim amach ón Institut d’études politiques de Paris (Institiúid Staidéar Polaitiúil Pháras, an Fhrainc).
Glacadh isteach ag Barra Ard-Diúcacht Lucsamburg é in 1987, áit ar chleachtaigh sé mar dhlíodóir ó 1987 go 1999. I gcomhthráth leis sin, lean sé lena ghairm bheatha pholaitiúil mar rúnaí ar ghrúpa parlaiminte an Pháirtí Shóisialaigh Críostaí i bParlaimint Lucsamburg ó 1983 go 1994, agus, ó 1987 go 1999, mar chomhairleoir i gComhairle Bardais Esch-sur-Alzette (Lucsamburg), ar ceapadh é ina leasmhéara ann ó 1997 go 1999, ceapachán lena gcabhraíodh leis post a bhaint amach mar chomhalta malartach de thoscaireacht Lucsamburg chuig Coiste Réigiúin an Aontais Eorpaigh idir 1994 go 1999. Toghadh é chuig Parlaimint Lucsamburg ar feadh téarma cúig bliana in 1994, agus ghlac sé páirt ghníomhach i ngníomhaíochta reachtacha ann, go háirithe trí ghníomhú mar rapóirtéir do roinnt bhillí a bhain le gníomhartha de chuid dhlí an Aontais.
Tar éis an olltoghcháin in 1999, vótáladh isteach i Rialtas Lucsamburg é agus bhí sé freagrach as roinnt aireachtaí : ceann i ndiaidh a chéile, ceapadh é mar Aire Saothair agus Fostaíochta, mar Aire Gnóthaí Eaglasta, mar Aire don Chaidreamh leis an bParlaimint agus mar Aire Stáit na Cumarsáide ó 1999 go 2004, mar Aire Saothair agus Fostaíochta, mar Aire Gnóthaí Eaglasta agus mar Aire Cultúir, Ardoideachais agus Taighde ó 2004 go 2009, ansin mar Aire Dlí agus Cirt, mar Aire Státseirbhíse agus um Athchóiriú Riaracháin, mar Aire Ardoideachais agus Taighde, mar Aire don Chumarsáid agus do na Meáin agus mar Aire Gnóthaí Eaglasta ó 2009 go 2013.
Léiríonn na misin a rinneadh faoi chuimsiú a fheidhmeanna aireachta na freagrachtaí a bhí aige ar leibhéal idirnáisiúnta. Mar sin, in 2005, bhí sé ina chathaoirleach ar roinnt foirmíochtaí de Chomhairle an Aontais Eorpaigh. In 2005 agus 2009, bhí an tUasal Biltgen mar chomhchathaoirleach ar Chomhdháil Aireachta Phróiseas Bologna agus, ó 2012 go 2013, ar Chomhdháil idir-aireachta na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis (ESA).
Ceapadh an tUasal Biltgen ina bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2013 agus is Uachtarán ar Dlísheomra é ón 8 Deireadh Fómhair 2024.
Rugadh Küllike Jürimäe in 1962 in Haapsalu (an Eastóin). Bhain sí amach céim sa Dlí (comhionann le Máistreacht) in 1986 ag Tartu ülikool (Ollscoil Tartu, an Eastóin). Lean sí lena cuid staidéir ardoideachas i gColáiste Taidhleoireachta na hEastóine, ar bhain sí céim amach ann i 1992. Sa bhliain 2003, ag deireadh cúrsa staidéir ag an Università degli Studi di Padova (Ollscoil Padova, an Iodáil) agus University of Nottingham (Ollscoil Nottingham, an Ríocht Aontaithe), bhain sí amach Máistreacht Eorpach i gCearta an Duine agus sa Daonlathú.
Ó 1986 amach, bhí post mar Ionchúisitheoir aici i dTaillinn (an Eastóin) ar feadh cúig bliana. Ó 1991 go 1993, chomhlíon sí a cuid feidhmeanna mar Chomhairleoir Dlí agus ansin, ó 1992 go 1993, mar Chomhairleoir Ginearálta le Eesti Kaubandus-Tööstuskoda (Comhlachas tráchtála agus tionsclaíochta na hEastóine). Idir 1993 agus 2004, ghníomhaigh sí i gcáil breitheamh ag Tallinna Ringkonnakohus (Cúirt Achomhairc Thaillinn, an Eastóin).
Ceapadh í mar Bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh ar an 12 Bealtaine 2004. Is Breitheamh den Chúirt Bhreithiúnais í ón 23 Deireadh Fómhair 2013 anuas, agus tá sí ina suí sa cháil mar Uachtarán ar Dhlísheomra ón 8 Deireadh Fómhair, 2021.
Rugadh an tUasal Constantinos Lycourgos in 1964 i Niocóis (an Chipir). Bhain sé céim sa dlí amach in 1985, agus ansin Dioplóma Ardléinn i ndlí an Chomhphobail san université Panthéon-Assas Paris II (Ollscoil Pháras II, Panthéon-Assas) (an Fhrainc) in 1987, áit ar chosain sé a thráchtas dochtúireachta sa dlí in 1991.
Glacadh isteach é mar abhcóide sa Chipir in 1993, agus bhí sé ag cleachtadh ag barra na Niocóise go dtí 1996, nuair a ceapadh é mar Chomhairleoir Speisialta ar Ghnóthaí Eorpacha d’Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Cipire. Bhí an post sin aige go dtí 1999, ansin bhí sé mar Chomhairleoir ar dhlí an Chomhphobail do Sheirbhís Dlí Phoblacht na Cipire, ó 1999 go 2002. Idir 1998 agus 2003, bhí sé mar chuid de mhisean na Cipire a bhí freagrach as an idirbheartaíocht maidir le haontachas leis an Aontas Eorpach, agus é ina chomhalta ag an am céanna, ó 2002 go 2014, de thoscaireachtaí Gréigeacha na Cipire a raibh baint acu leis an idirbheartaíocht chun socrú cuimsitheach a fháil ar fhadhb na Cipire.
Mar thoradh ar a chuid saineolais, ghlac sé post mar Phríomh-Oifigeach Dlí ó 2002 go 2007, agus ansin, ó 2007 go 2014, mar Phríomhdhlíodóir Phoblacht na Cipire. Ó 2003 go 2014, ceapadh é mar cheann roinne ar Roinn Dlí na hEorpa i seirbhís dlí Phoblacht na Cipire agus iarradh air freisin, ó 2004 go 2014, ionadaíocht a dhéanamh ar rialtas na Cipire mar ghníomhaire os comhair chúirteanna an Aontais Eorpaigh.
Ceapadh an tUasal Lycourgos mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais an 8 Deireadh Fómhair 2014 agus tá sé mar Uachtarán ar Dhlísheomra ann ó 8 Deireadh Fómhair 2021 i leith.
Rugadh Irmantas Jarukaitis in 1973 in Prienai (an Liotuáin). Bhain sé céim sa dlí amach in 1997 chomh maith le dochtúireacht in 2008 in Vilniaus universitetas (Ollscoil Vilnias, an Liotuáin). Chuir sé tús lena shaol proifisiúnta mar theagascóir san ollscoil sin mar Léachtóir Cúnta agus ansin mar Ollamh Comhlach ó 1999 go 2018. Ghlac sé dualgais eile air féin chomh maith a chuaigh chun tairbhe an taighde dlí, a léirítear leis an méid foilseacháin atá aige i réimsí an dlí Eorpaigh agus an dlí bhunreachtúil. I dteannta a dhualgais ollscoile, bhí páirt ghníomhach aige i mbunú Chomhlachas na Liotuáine um Dhlí Eorpach, a bhfuil sé mar chomhbhunaitheoir de.
In 1997, chuaigh sé i mbun seirbhíse a thír dhúchais nuair a ceapadh é i Roinn an Dlí Eorpaigh ag Aireacht Dlí agus Cirt na Liotuáine: ann bhí sé ina Phríomh-Shaineolaí agus, ina dhiaidh sin, ina Cheannasaí ar Rannóg, ó 2002 go 2003, agus ansin ina Leas-Ard-Stiúrthóir ó 2004 go 2010. Idir 2010 agus 2018, bhí dualgais bhreithiúnacha aige mar bhreitheamh ag an Lietuvos vyriausiasis administracinis (Cúirt Uachtarach Riaracháin na Liotuáine), a raibh sé mar Leas-Uachtarán uirthi ó 2012 go 2017. Ó 2015 go 2017, ainmníodh é mar Uachtarán Gníomhach ar an gcúirt sin agus é, ag an am céanna, ag an Teisėjų taryba (Comhairle Bhreithiúnach, an Liotuáin).
Tá an tUasal Jarukaitis ina Bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ón 8 Deireadh Fómhair 2018 agus tá sé ina Uachtarán ar Dhlísheomra ón 8 Deireadh Fómhair 2024.
Rugadh Maria Lourdes Arastey Sahún in 1959 in Tarragona (an Spáinn). Rinne sí staidéar ag an Universitat de Barcelona (Ollscoil Barcelona, an Spáinn) agus bhain sí céim sa dlí amach ann in 1983 sula ndearna sí gairmoiliúint mar bhreitheamh ó 1984 go 1985 ag an Escuela Judicial (Scoil Náisiúnta na mBreithiúna, an Spáinn).
Ceapadh í mar bhreitheamh ag an Juzgado de Distrito de Sant Feliu de Llobregat (Cúirt Dúiche Sant Feliu de Llobregat, an Spáinn) agus ag an Juzgado de Distrito de Barcelona (Cúirt Dúiche Barcelona, an Spáinn) ó 1985 go 1989. In 1989, sannadh í ar feadh bliana don Juzgado de lo Social nº 7 de Barcelona (Cúirt Saothair agus Slándála Sóisialta Uimh. 7 de Barcelona, an Spáinn) agus ansin chuaigh sí isteach i ndlísheomra sóisialta an Tribunal Superior de Justicia de Cataluña (Ard-Chúirt Bhreithiúnais na Catalóine, an Spáinn), áit ar shuigh sí go dtí 2009. Ceapadh í chuig an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn) mar bhreitheamh ó 2009. Ó 2013 go 2021, shuigh sí chomh maith mar bhreitheamh ar an mBinse Riaracháin d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (OTAN) (an Bhruiséil, an Bheilg).
I gcomhthráth lena gairm bhreithiúnach, chuaigh an Uasal Lourdes Arastey Sahún i mbun gníomhaíochtaí teagaisc. Ó 1998 go 2008, bhí post aici mar ollamh comhlach le dlí saothair agus slándála sóisialta ag Universitat de Barcelona. Bhí sí ina léachtóir freisin in ionaid náisiúnta do staidéar bhreithiúnach, go háirithe sa Spáinn (go rialta), sa Bhulgáir (2008) sa Rómáin (2008), agus i Scoil Juan Carlos I de Mheiriceá Láir agus den Mhuir Chairib (2006). Tugann Lourdes Arastey Sahún léachtaí agus glacann sí páirt i seimineáir i roinnt ollscoileanna. Shuigh sí ar roinnt comhlachtaí a oibríonn i réimsí dhlí AE go háirithe, agus a oibríonn in oiliúint, i measúnú ar inniúlacht na mbreithiúna, agus i réiteach malartach díospóidí chomh maith.
Ceapadh í mar bhreitheamh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7 Deireadh Fómhair 2021 agus tá sí ina hUachtarán Dlísheomra ón 8 Deireadh Fómhair 2024.
Rugadh Maciej Szpunar in 1971 in Krakow (an Pholainn). Bhain sé máistreacht sa dlí amach ag an Uniwersytet Śląski (Ollscoil Silesia, an Pholainn) in 1995 agus ó Choláiste na hEorpa in Brugge (an Bheilg) in 1996. Chosain sé a thráchtas dochtúireachta sa dlí in 2000, agus rinne sé Iardhochtúireacht san Eolaíocht Dhlíthiúil in 2009, ansin ceapadh é mar ollamh le dlí in 2013 ag an Uniwersytet Śląski. In 1998, mar thoradh ar a chuid oibre ollscoile chuaigh sé go Jesus College in Cambridge (an Ríocht Aontaithe) mar “Visiting Scholar”, ansin chuig Ollscoil Liège (an Bheilg) in 1999 agus chuig an Institiúid Ollscoile Eorpach i bhFlórans (an Iodáil) in 2003.
In 2001, chuaigh sé isteach go Barra Katowice chun dul i mbun ghairm an dlíodóra, áit ar oibrigh sé go dtí 2008. Ba ag an am seo freisin go raibh sé mar chuid de choiste dlí idirnáisiúnta príobháideach an choimisiúin do chódú an dlí shibhialta in Aireacht Dlí agus Cirt na Polainne.
Bhí post aige mar Leas-Státrúnaí den Choiste um Lánpháirtiú Eorpach (an Pholainn) ó 2008 go 2009, sula ndeachaigh sé isteach in Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Polainne idir 2010 agus 2013. Le linn na dtrí bliana sin, rinne sé ionadaíocht thar ceann rialtas na Polainne mar ghníomhaire i líon mór cásanna os comhair chúirteanna an Aontais.
Agus é fós ceangailte le réimse an taighde ollscoile, bhí sé mar chuid den bhord eagarthóireachta de roinnt tréimhseachán dlí, a thug deis dó iliomad foilseachán a scríobh i réimse dhlí na hEorpa agus I réimse an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh.
Ceapadh an tUasal Szpunar mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais ar an 23 Deireadh Fómhair 2013 agus tá sé ag gníomhú mar Chéad Abhcóide Ginearálta ón 11 Deireadh Fómhair 2018.
Rugadh Siniša Rodin in 1963 in Zagreb (an Chróit). Bhain sé céim sa dlí amach ó Sveučilište u Zagrebu (Ollscoil Zagreb, an Chróit) in 1987 agus lean sé lena staidéir ollscoile i Stáit Aontaithe Mheiriceá, áit a bhfuair sé Máistreacht sa Dlí ó University of Michigan (Ollscoil Michigan) in 1992. Agus é ar ais sa Chróit, lean sé lena staidéir in Sveučilište u Zagrebu, áit a bhain sé dochtúireacht sa dlí amach in 1995. Ó 2001 go 2002, bhí sé ina Fulbright Fellow agus Visiting Scholar ag Harvard University (Ollscoil Harvard, Stáit Aontaithe Mheiriceá).
Ba le Sveučilište u Zagrebu mar Ollamh Cúnta a thosaigh sé ar a shlí bheatha ghairmiúil in 1987. Ó 2003, tá post aige mar Ollamh le Dlí an Aontais ann, agus, in 2006, bronnadh Ollúnacht Jean Monnet air agus is sealbhóir ad personam air sin é ó 2011. In 2012, bhí sé ina Ollamh ar Cuairt in Cornell Law School (Scoil Dlí, Ollscoil Cornell, Na Stáit Aontaithe). Le linn a shlí bheatha acadúla, d’fhoilsigh an tUasal Rodin roinnt saothar a chuir le scaipeadh dhlí an Aontais sa Chróit.
Idir 2006 agus 2011, bhí an tUasal Rodin mar chuid den fhoireann Chrótach a shainigh creat caibidlíochta agus próiseas aontachais na Cróite leis an Aontas agus chomh maith leis sin bhí sé, ó 2009 go 2010, ina bhall de Choimisiún na Cróite um Leasuithe Bunreachtúla agus ina Chathaoirleach ar an Meitheal um Aontachas na Cróite leis an Aontas.
Agus é an chéad Bhreitheamh Crótach a ceapadh chuig an gCúirt Bhreithiúnais, tá an tUasal Rodin in oifig ó 4 Iúil 2013.
Rugadh Andreas Kumin in 1965 in Graz (an Ostair). Rinne sé staidéar ar an dlí ag Karl-Franzens-Universität Graz (Ollscoil Graz, an Ostair) agus bhain sé céim sa dlí amach ann in 1987 agus dochtúireacht sa dlí in 1990. Bhronn an ollscoil chéanna céim san aistriúchán air in 1988. Ba mar chuid dá oiliúint mar státseirbhíseach a ndearna sé an cinneadh chun leanúint ar aghaidh lena chuid staidéir sa Fhrainc in 1991 sa Scoil Náisiúnta Riaracháin (ENA, an Fhrainc), ar bhain sé céim amach ann sa “cúrsa idirnáisiúnta fada sa riarachán poiblí ” in 1992.
Thosaigh sé a shlí bheatha ghairmiúil mar státseirbhíseach ag Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na hOstaire in 1990 agus lean sé air ann go dtí 1994, ar dtús sa tSeirbhís Dlí agus ansin san Ard-Stiúrthóireacht um Bheartas Lánpháirtíochta Eacnamaíoch agus Eorpach. Ó 1994 go 2000, bhí sé mar chomhairleoir ag Buan-Mhisean na hOstaire chuig Oifig na Náisiún Aontaithe agus na hinstitiúidí speisialaithe sa Ghinéiv (an Eilvéis). Ó 2000 go 2019, lean sé air ag freastal ar Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na hOstaire, ar dtús mar cheannasaí ar an aonad “Saincheisteanna dlí an chéad cholún den Aontas Eorpach” agus ansin, ó 2005 go 2019, mar cheannasaí ar Roinn Dlí na hEorpa.
Dhréachtaigh sé iliomad foilseachán ar dhlí an Aontais lenar cuireadh go mór lena ghairm acadúil, a thosaigh in 2007 mar léachtóir ag an Institiúid um Dlí Eorpach agus Idirnáisiúnta ag an Leopold-Franzens-Universität Innsbruck (Ollscoil Innsbruck, an Ostair), mar léachtóir, ó 2012 go 2018, ag an Diplomatische Akademie Wien (Scoil Céimithe um Staidéir Idirnáisiúnta i Vín, an Ostair) agus, ó 2014 amach, mar chomh-stiúrthóir ar roinnt seimineár ag an Wirtschaftsuniversität Wien (Ollscoil Eacnamíochta Vín, an Ostair). Faoi dheireadh, ar feadh tréimhse ó 2014 go 2019, bronnadh conradh air mar ollamh ag Institiúid Dlí na hEorpa den Karl-Franzens-Universität Graz, áit a bhfuil sé fós ag teagasc i ndiaidh dó a beith ainmnithe mar ollamh oinigh in 2020.
Ceapadh an tUasal Kumin ina bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais an 20 Márta 2019, agus tá sé sa phost sin ó shin.
Rugadh Niilo Jääskinen in 1958 in Mikkeli (an Fhionlainn). Bhain sé céim sa dlí in 1980 agus Dioplóma Ardléinn sa Dlí in 1982 ag an Helsingin yliopisto (Ollscoil Heilsincí, an Fhionlainn). In 2008, ba ag an ollscoil sin a chosain sé a thráchtas dochtúireachta sa dlí. Thosaigh a spéis sa teagaisc go han-luath agus ba ag an Helsingin yliopisto a thosaigh sé mar léachtóir le dlí in 1980, post a bhí aige go dtí 1986.
In 1983, bhí sé mar Rúnaí Dlí ar feadh bliana agus mar bhreitheamh sealadach ag an Rovaniemen kihlakunnanoikeus (Cúirt Chéadchéime Rovaniemi, an Fhionlainn). Tar éis dó gníomhú mar chomhairleoir dlí in Aireacht Dlí agus Cirt na Fionlainne ó 1987 go 1989, ceapadh é ina Cheannasaí ar an Rannóg um Dhlí na hEorpa ansin agus bhí sé i gceannas ar an tseirbhís sin ó 1990 go 1995. Ag an am céanna, bhí sé ina chomhairleoir dlí ag Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Fionlainne idir 1989 agus 1990. Le freagracht as ceisteanna dlí agus institiúideacha, ghlac sé páirt san idirbheartaíocht ar aontachas na Fionlainne leis an Aontas Eorpach sular ghlac sé post mar chomhairleoir agus rúnaí do ghnóthaí Eorpacha ar Phríomh-Choiste Pharlaimint na Fionlainne ó 1995 go 2000.
Ceapadh an tUasal Jääskinen chuig seirbhís bhreithiúnach na Fionlainne mar bhreitheamh sealadach ag an Korkein hallinto-oikeus (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Fhionlainn) ó 2000 go 2002, agus bhí sé mar bhreitheamh ann ó 2003 go 2009.
Chuaigh sé isteach i seirbhís na Cúirte Breithiúnais mar Abhcóide Ginearálta an 7 Deireadh Fómhair 2009, post a bhí aige go dtí an 7 Deireadh Fómhair 2015. Ag filleadh ar a thír dhúchais, bhí sé mar bhreitheamh ag an Korkein hallinto-oikeus ó 2015 go 2019, agus bhí sé mar leas-uachtarán ann ó 2018 go 2019.
Ceapadh an tUasal Jääskinen mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2019, post atá aige ó shin.
Rugadh Dimitrios Gratsias in 1957 san Aithin (an Ghréig). Bhain sé máistreacht sa dlí amach ón Ethniko kai Kapodistriako Panepistimio Athinon (Ollscoil Náisiúnta agus Chapóidistriach na hAithne, an Ghréig) in 1980 chomh maith le Dioplóma Ardléinn sa Dlí Poiblí (DEA) ó Ollscoil Pháras I, Panthéon-Sorbonne (an Fhrainc) in 1981. An bhliain dár gcionn, bhronn Ionad na hOllscoile um Staidéar Poiblí agus Eorpach (Ollscoil Pháras I, an Fhrainc) teastas staidéir sa Dlí Poiblí air.
In 1985, chuir an tUasal Gratsias tús lena slí beatha ghairmiúil ag an Symvoulio tis Epikrateias (Comhairle Stáit, an Ghréig), áit ar oibrigh sé mar Oifigeach Sóisearach go dtí 1992. In 1992, ceapadh é ina Chomhalta Sóisearach, agus ansin ina Chomhalta den Chomhairle Stáit in 2005. Chomh maith leis na feidhmeanna seo, ceapadh é ina chomhalta comhlach den Anotato Eidiko Dikastirio (An Chúirt Uachtarach Speisialta, an Ghréig) ar feadh dhá bhliain (1998, 1999), agus in 2006, shuigh sé ar an Eidiko Dikastirio Agogon Kakodikias (An Chúirt Speisialta do Chásanna Míthrialach, an Ghréig). In 2008, bhí sé mar chomhalta den Anotato Dikastiko Symvoulio Dioikitikis Dikaiosinis (Chomhairle Uachtarach um Ghiúistíocht Riaracháin, an Ghréig). Le linn na bliana breithiúnaí 2009-2010, bhí sé ina Chigire ar na Cúirteanna Riaracháin.
Idir 1994 agus 1996, chuaigh an tUasal Gratsias isteach sa Chúirt Bhreithiúnais mar Rúnaí Dlí in oifig an Abhcóide Ghinearálta Georges Cosmas.
Bhí an tUasal Gratsias ina Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ón 25 Deireadh Fómhair 2010 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2021 agus ghlac sé le feidhmeanna mar Uachtarán ar Dhlísheomra ar feadh dhá théarma i ndiaidh a chéile, ón 18 Meán Fómhair 2013 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019. Tá sé ina Bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ón 7 Deireadh Fómhair 2021.
Rugadh Miroslav Gavalec in 1961 in Zlín (an tSeicslóvaic). Bhain sé amach céim san innealtóireacht mheicniúil i réimsí meaisíní teirmeacha agus trealamh núicléach ag an České vysoké učení technické v Praze (Ollscoil Pholaiteicniúil Prág, an tSeicslóvaic), agus ghlac sé le feidhmeanna éagsúla san earnáil núicléach sa tSlóvaic ó 1986 go 1991.
Mar gheall ar a spéis sna heolaíochtaí sóisialta, rinne sé staidéar ar an dlí ag an Univerzita Komenského v Bratislave (Ollscoil Comenius sa Bhratasláiv, an tSlóvaic) ó 1990 go 1995, áit ar bhain sé amach dioplóma “Magister” sa dlí in 1995, agus bhain sé dochtúireacht sa dlí (PhD) amach san Ollscoil sin in 2010.
In 2001, ceapadh é mar bhreitheamh ar ghnóthaí tráchtála agus teaghlaigh agus mar bhreitheamh riaracháin ag an Okresný súd Bratislava III (Cúirt Dúiche na Bratasláive III, an tSlóvaic). Bhí sé sa phost sin go dtí 2005, nuair a chuaigh sé isteach sa Najvyšší súd Slovenskej republiky (Cúirt Uachtarach Phoblacht na Slóvaice), áit ar shuigh sé ar dtús mar bhreitheamh ar an rannóg riaracháin agus ansin mar Uachtarán ar an gcéad dlísheomra den rannóg riaracháin ó 2009.
I gcomhthráth lena ghairm bheatha bhreithiúnach, tá an tUasal Gavalec domhain i ngníomhaíochtaí teagaisc chomh maith. Idir 2005 agus 2011, bhí sé ina léachtóir ag an Institiúid um Eolaíochtaí Eacnamaíocha agus Bhainistíocht den Paneurópska vysoká škola (Ardscoil Pan-Eorpach, an tSlóvaic).Ó 2006 go 2014, bhí sé ina léachtóir ag Institiúidí an Dlí Riaracháin agus an Dlí Phríobháidigh ag an Paneurópska vysoká škola.
Bhí an tUasal Gavalec ina chomhalta d’Fhóram Breithiúna an Aontais Eorpaigh don Chomhshaol ó 2005 go 2020, agus, idir 2006 agus 2015, de Chumann Bhreithiúna Riaracháin na hEorpa.
Ceapadh an tUasal Gavalec mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2021.
Rugadh Juliane Kokott in 1957 in Frankfurt am Main (an Ghearmáin). Rinne sí staidéar ar an dlí ag an Universität Bonn (Ollscoil Bonn, an Ghearmáin) agus ag Ollscoil na Ginéive (an Eilvéis) ó 1976 go 1982. Sealbhóir scoláireachta Fulbright, d’fhreastal sí ar an American University, Washington DC (Ollscoil Mheiriceá Washington DC, Stáit Aontaithe Mheiriceá) agus bhain sí amach LL.M ann in 1983. Ar ais san Eoraip, bhain sí dochtúireacht sa dlí amach ó Universität Heidelberg (Ollscoil Heidelberg, an Ghearmáin) in 1985 agus ansin ó Harvard University (Ollscoil Harvard, Stáit Aontaithe Mheiriceá) in 1990. Ina theannta sin, in 1985, bhain sí an Dioplóma amach san Acadamh Idirnáisiúnta um Dhlí Bunreachtúil a bhfuil a cheanncheathrú acu sa Túinis.
Ba mar ollamh ar cuairt ag an University of California, Berkeley (Ollscoil California, Berkeley, Stáit Aontaithe Mheiriceá) a thosaigh Kokott a gairm acadúil in 1991. Lean sí ar aghaidh leis an ngairm sin sa Ghearmáin, áit a raibh sí ina hollamh le dlí poiblí na Gearmáine agus eachtrach, le dlí idirnáisiúnta agus le dlí na hEorpa ag an Universität Augsburg (Ollscoil Augsbourg) in 1992, ag an Universität Heidelberg in 1993 agus ag an Heinrich-Heine-Universität Düsseldorf (Ollscoil Heinrich Heine de Düsseldorf) ó 1994 go 1999. In 1999, bhí Ollúnacht aici ag an Universität St. Gallen (Ollscoil Saint Gallen, an Eilvéis), áit ar theagasc sí cúrsaí sa dlí idirnáisiúnta, sa dlí gnó idirnáisiúnta agus i ndlí na hEorpa. In 2000, ba ag Institiúid Dhlí Gnó na hEorpa agus Idirnáisiúnta ag Universität St. Gallen a iarradh uirthi feidhmeanna stiúrthóra a ghlacadh agus ina dhiaidh sin, ó 2001 go 2003, feidhmeanna mar leas-stiúrthóir an chláir speisialtóireachta sa dlí gnó san ollscoil chéanna.
Bhí sí ag obair i gcomhar le rialtas na Gearmáine, a cheap í, in 1995, mar bhreitheamh ionadach don Chúirt Idirnáisiúnta Idir-réitigh agus Eadrána den Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE). Go dtí 2003, bhí sí mar Leas-Uachtarán ar an Wissenschaftliche Beirat ‘Globale Umweltveränderungen”’der Bundesregierung (WBGU) (Bord Comhairleach an Rialtais Chónaidhme ar Athrú Chomhshaoil Domhanda, an Ghearmáin).
Ceapadh Kokott mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Breithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2003. Bhí sí mar Chéad Abhcóide Ginearálta ó 2006 go 2007.
Rugadh Alexander Arabadjiev in 1949 in Blagoevgrad (an Bhulgáir). Rinne sé staidéar ar an dlí ag an Sofiyski universitet “Sv. Kliment Ohridski” (Ollscoil Sóifia Naomh Kliment d’Ohrid, an Bhulgáir), áit ar bhain sé céim amach ann in 1972.
In 1975, ceapadh é ina bhreitheamh ag an Rayonen sad Blagoevgrad (Cúirt Dúiche Blagoevgrad, an Bhulgáir) agus shuigh sé ann go dtí 1983, an bhliain a chuaigh sé isteach san Okrazhen sad Blagoevgrad (Cúirt Réigiúnach Blagoevgrad, an Bhulgáir), áit ar obair sé go dtí 1986. Ansin chuaigh sé isteach i seirbhís Varhoven Sad (an Chúirt Uachtarach, an Bhulgáir) idir 1986 agus 1991, agus shuigh sé ar an Konstitutsionen sad (an Chúirt Bhunreachtúil, an Bhulgáir) ó 1991 go 2000. Ceapadh é ina chomhalta den Choimisiún Eorpach um Chearta an Duine ó 1997 go 1999.
Idir 2001 agus 2006, chuir sé a ghairm bheatha bhreithiúnach ar fionraí go sealadach chun dul ag obair i bpróiseas aontachais na Bulgáire leis an Aontas Eorpach, inar ghlac sé páirt ghníomhach mar chomhalta de Pharlaimint na Bulgáire, agus mar bhreathnóir i bParlaimint na hEorpa freisin ó mhí Lúnasa 2005 go dtí mí na Nollag 2006. Ó 2002 go 2003, ghlac sé páirt san fhorbairt de réitigh straitéiseacha ar na dúshláin a bhí os comhair an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs mhéadú 2004, mar chomhalta den Choinbhinsiún ar Thodhchaí na hEorpa.
Ar an 12 Eanáir 2007, cúpla lá tar éis aontachas na Bulgáire leis an Aontas Eorpach, ceapadh an tUasal Arabadjiev mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais agus tá an post sin aige ó shin. Agus é tofa mar Uachtarán ar Dhlísheomra ag a chomhghleacaithe, shuigh sé sa Chúirt sa cháil sin idir an 9 Deireadh Fómhair 2018 agus an 7 Deireadh Fómhair 2024.
Rugadh Manuel Campos Sánchez-Bordona in 1950 in Zafra (an Spáinn). Bhain sé céim sa dlí amach in 1972 ó Universidad de Sevilla (Ollscoil Sevilla, an Spáinn) agus ó Universidad de Granada (Ollscoil Ghreanáda, an Spáinn). Thosaigh sé a shaol proifisiúnta sa dlí mar ionchúisitheoir ag Audiencia Provincial de Palma de Mallorca (Cúirt Réigiúnach Palma de Mallorca, an Spáinn) agus ag Audiencia Provincial de Sevilla (Cúirt Réigiúnach Sevilla, an Spáinn) ó 1977 go 1982.
Ina dhiaidh sin, bhí sé ina bhreitheamh le Cúirt Riaracháin an Tribunal Superior de Justicia de Canarias (Ard-Chúirt Bhreithiúnais na nOileán Canárach, an Spáinn), leis an Audiencia Nacional (Ard‑Chúirt Náisiúnta, an Spáinn), leis an Tribunal Superior de Justicia de Andalucía (Ard-Chúirt Bhreithiúnais na hAndalúise, an Spáinn) agus leis an Tribunal Superior de Justicia de Cantabria (Ard‑Chúirt Bhreithiúnais de Chantabria, an Spáinn). Ó 1989 go 1994, bhí sé ina Uachtarán ar an gCúirt Riaracháin sa chúirt sin.
Tar éis dó post mar rúnaí dlí a bheith aige le hAbhcóide Ginearálta Dámaso Ruiz-Jarabo Colomer ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ó 1995 go 1999, ghlac sé post mar Bhreitheamh i gCúirt Riaracháin an Tribunal Supremo (An Chúirt Uachtarach, an Spáinn) ó 1999 go 2015.
Ag an am céanna leis na poist sin, ba bhall é an tUasal Campos Sánchez-Bordona de Bhord Stiúrthóirí an Chomhlachais um Chomhairlí Stáit agus Uaschúirteanna Riaracháin an Aontais Eorpaigh (ACA‑Europe) ó 2006 go 2014.
Ceapadh é mar Abhcóide Ginearálta ag an gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2015.
Rugadh Eugene Regan in 1952 i gCill Chuan (Éire). Rinne sé staidéar i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (Éire), áit a bhain sé máistreacht sa Pholaitíocht agus Eacnamaíocht amach in 1974 agus máistreacht san eacnamaíocht pholaitiúil in 1975. Chríochnaigh sé a chuid staidéir le máistreacht sa dlí idirnáisiúnta agus sa dlí comparáideach ag Université libre de Bruxelles (Saor-Ollscoil na Bruiséile, an Bheilg) in 1979.
In 1975, d’oibrigh sé mar anailísí eacnamaíoch ar feadh bliana le Cumann Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA) (Baile Átha Cliath). Ó 1975 go 1979, rinne sé roinnt gníomhaíochtaí chun earnálacha talmhaíochta na hÉireann a chosaint trí cheannas a ghlacadh ar Oifig IFA laistigh de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Ceapadh é mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Chumann Onnmhaireoirí Feola na hÉireann ó 1980 go 1984. Tar éis tréimhse, idir 1985 agus 1988, nuair a bhí sé ina chomhairleoir Polaitiúil do Peter Sutherland, an Coimisinéir un Iomaíocht laistigh den Choimisiún Eorpach, d’fhill sé ar an earnáil talmhaíochta ó 1989 go 1995, mar stiúrthóir bainistíochta de chuideachta an-tábhachtach i margadh thrádáil feola na hÉireann.
Bhí an tUasal Regan ina abhcóide ag Cumann Onórach Óstaí an Rí ó 1985 agus bhí sé ag cleachtadh ag Barra na hÉireann ó 1995 go 2005, agus mar Abhcóide Sinsir ó 2005 go 2015. Ó 2007 go 2011, bhí sé mar sheanadóir sa Seanad (Éire).
Ceapadh an tUasal Regan ina bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2015. Agus é tofa mar Uachtarán ar dhlísheomra ag a chomhghleacaithe, shuigh sé sa Chúirt sa cháil sin idir an 9 Deireadh Fómhair 2018 agus an 7 Deireadh Fómhair 2024.
Rugadh an tUasal Nuno Piçarra in 1957 in Sintra (an Phortaingéil). Rinne sé staidéar ar an dlí ag an Universidade de Lisboa (Ollscoil Liospóin, an Phortaingéil); bhain sé céim amach ann in 1980 agus máistreacht sa dlí in 1986. Ina dhiaidh sin, scríobh sé tráchtas sa scoil dlí den Universidade Nova de Lisboa (Ollscoil Nua Liospóin, an Phortaingéil) agus in 2003 bhain sé dochtúireacht sa dlí amach ann.
Mar chuid dá ghairm bheatha acadúil, bhí sé mar chúntóir dlí sa scoil dlí den Universidade de Lisboa idir 1981 agus 1986, ansin mar ollamh ar cuairt ag an Institiúid um Léann Eorpach (Ollscoil Saar), ó 1987 go 1996. Bhí sé mar ollamh cúnta le dlí ag an Universidade Nova de Lisboa ó 2003 go 2008 agus mar ollamh comhlach le dlí ó 2008 go 2018. Ina theannta sin, theagasc sé mar ollamh ar cuairt le dlí ag an Universidad Pontificia Comillas (Ollscoil Phointifiúil Comillas, an Spáinn) ó 2014 go 2018. Taispeántar a thiomantas don taighde eolaíoch san iliomad foilseacháin a bhfuil sé ina údar orthu sa dlí bunreachtúil agus i réimsí dhlí an Aontais agus go háirithe maidir leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, maidir le saorghluaiseacht daoine agus maidir leis an dlí institiúideach.
Ba sa bhliain 1986 a chuaigh an tUasal Piçarra isteach i seirbhís na Cúirte Breithiúnais den chéad uair. Bhí sé ina dhlítheangeolaí go dtí 1987, ansin mar athbhreithneoir dlí ó 1987 go 1990. Ceapadh é mar Rúnaí Dlí in 1990 agus chuaigh sé isteach sa Chúirt Ghinearálta in oifig an Uachtaráin José Luís da Cruz Vilaça, áit a raibh sé ag obair ann go dtí 1995, sula ndeachaigh sé isteach in oifig Rui Manuel Gens de Moura Ramos go dtí 1996.
Ó 1996 go 1999, thug rialtas a thíre dúchais feidhmeanna dó mar chomhordaitheoir náisiúnta ar ghnóthaí saorghluaiseachta daoine sa limistéar Eorpach in Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Portaingéile, chomh maith le feidhmeanna mar chomhalta de choiste K4 den Chomhairle agus de Lárghrúpa Bhuanstruchtúr Comhairliúcháin na gComhaontuithe Schengen.
Ceapadh é mar chomhalta na Portaingéile de líonra saineolaithe neamhspleácha FreSsco i réimsí saorghluaiseacht na n-oibrithe agus comhordú na slándála sóisialta laistigh den Aontas Eorpach agus mar chomhalta de líonra acadúil Odysseus maidir le staidéar dlí inimirce agus tearmann san Eoraip, ó 2004 go 2018. Shuigh sé chomh maith ar an mbord bainistíochta de Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha i Vín (an Ostair), ó 2015 go 2018.
Ceapadh an tUasal Piçarra mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais an 8 Deireadh Fómhair 2018, post atá aige ó shin.
Rugadh Jean Ricard de la Tour in 1959 in Le Dorat (an Fhrainc). Bhain sé máistreacht sa dlí amach in Ollscoil Pháras II (an Fhrainc) in 1982 agus chuaigh sé faoi oiliúint mar bhreitheamh i Scoil Náisiúnta na mBreithiúna (Bordeaux, an Fhrainc), ó 1984 go 1986.
Ainmníodh mar bhreitheamh é in 1986 agus chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil i gCúirt Chéadchéime Limoges (an Fhrainc), mar a bhí sé go 1988, roimh dó bheith, ó 1988 go 1996, ina bhreitheamh sa riarachán lárnach d’Aireacht Dlí agus Cirt na Fraince sa Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Sibhialta agus Dlí agus Cirt. Ó 1996 go 2004, bhí sé ina Bhreitheamh Cúntach ag an gCúirt Achomhairc (Páras, an Fhrainc).
Ina dhiaidh sin, chaith an tUasal Richard de la Tour cuid dá shaol proifisiúnta i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus é ina léitheoir de na breithiúnais ó 2004 go 2006. Ó 2006 go 2012, d’oibrigh sé mar rúnaí dlí ag an gCúirt Bhreithiúnais leis an mBreitheamh Pernilla Lindh agus, ina dhiaidh sin, leis an mBreitheamh Carl Gustav Fernlund.
In 2012, chuaigh sé ar ais chuig a thír dhúchais nuair a ainmníodh é mar abhcóide ginearálta sa dlísheomra sóisialta ag an gCúirt Achomhairc. Chomhlíon sé a chuid dualgas ann tráth a raibh dualgais air chomh maith mar chomhairleoir speisialta leis an bPríomh-Ionchúisitheoir Poiblí ag an gCúirt Achomhairc, go dtí 2017. Ainmníodh é ansin mar Phríomh-Abhcóide Ginearálta den dlísheomra tráchtála, airgeadais agus eacnamaíochta ag an gCúirt Achomhairc, post a bhí aige ó 2017 go 2020.
Ó 1998 go 2002, i dteannta a dhualgais bhreithiúnacha, bhí sé ina chomhalta den Choimisiún um Thuairisciú agus Staidéar ag an gCúirt Achomhairc agus den Choimisiún um Athbhreithnithe ar Chiontuithe Coiriúla ag an gCúirt Achomhairc ó 1999 go dtí 2004. Ó 2016 go 2020, bhí sé ina Uachtarán ar Bhord Stiúrthóirí na hInstitiúide Náisiúnta um Thraenáil Nótairí (an Fhrainc).
Tá an tUasal Richard de la Tour ina Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais ó 23 Márta 2020.
Rugadh Athanasios Rantos in 1953 san Aithin (an Ghréig). In 1976, bhain sé céim sa dlí amach ag an Panepistimio Athinon (Ollscoil na hAithne, an Ghréig) agus chríochnaigh sé a chuid staidéir, in 1990, le máistreacht i ndlí na hEorpa ag an Université libre de Bruxelles (Saor-Ollscoil na Bruiséile, an Bheilg). In 1992, rinneadh “Fellow” de san Institiúid Idirnáisiúnta um Chearta an Duine [an Ghinéiv (an Eilvéis) agus Strasbourg (an Fhrainc)].
In 1978, tar éis bliain a chaitheamh mar dhlíodóir ag Barra na hAithne, ainmníodh é chuig an Symvoulio tis Epikrateias (Comhairle Stáit, an Ghréig): idir 1979 agus 2020, bhí roinnt postanna aige, ceann i ndiaidh a chéile, mar bhreitheamh faoi oiliúint, mar chomhalta sóisearach agus ansin mar chomhairleoir, mar Leas-Uachtarán agus ansin mar Uachtarán. Ó 2000 go 2020, bhí sé ina chomhalta den Anotato Eidiko Dikastirio (an Chúirt Uachtarach Speisialta, an Ghréig) agus, ó 2011 go 2020, mar Uachtarán den Eidiko Dikastirio Agogon Kakodikias (Cúirt Speisialta um Chaingne i gcoinne Breithiúna, an Ghréig). Ó 1996 go 2020, bhí sé ina chomhalta, ansin ina Uachtarán, den Anotato Symvoulio Dioikitikis Dikaiosynis (Comhairle Uachtarach an Bhreithiúnais Riaracháin, an Ghréig). Ó 2011 go 2020, bhí sé mar Uachtarán ar an Peitharchiko Symvoulio Melon Didaktikou Ereunitikou Prosopikou ton Anotaton Ekpaideutikon Idrymaton (Comhairle Araíonachta na Múinteoirí in Institiúidí Ardoideachais, an Ghréig).
I dteannta a fheidhmeanna breithiúnacha, bhí an tUasal Rantos i gceannas ar roinnt misin mar chathaoirleach ar roinnt Ardchoistí maidir le dréachtú reachtaíochta. Bhí sé ina chomhalta den Κentriki Nomoparaskeuastiki Epitropi (Ardchoiste um Dhréachtú Reachta, an Ghréig). Mar gheall ar a spéis i gcúrsaí teagaisc, theagasc sé cúrsaí i ndlí na hEorpa agus sa dlí riaracháin ag an Ethniki Scholi Dimosias Dioikisis (Scoil Náisiúnta Riaracháin, an Ghréig) ó 1990 go 1994 ach freisin, ó 1995 go 2016, ag an Ethniki Scholi Dikastikon Leitourgon (Scoil Náisiúnta na mBreithiúna, an Ghréig). Mar thoradh ar a chuid machnaimh ar théamaí éagsúla dlí tá an iliomad saothair taighde déanta aige ar ábhair éagsúla, agus tá an formhór acu foilsithe i bhfoiseacháin.
Ceapadh an tUasal Rantos mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais an 10 Meán Fómhair 2020, post atá aige ó shin.
Rugadh Ineta Ziemele in 1970 in Jelgava (an Laitvia). In 1993, bhain sí céim sa dlí amach ó Latvijas Universitāte (Ollscoil Laitvia). An bhliain chéanna, rinne sí cúrsa ag déanamh staidéir ar chóras dlí Mheiriceá, ar dhlí agus ar pholasaithe na gComhphobal Eorpach agus ar an eolaíocht pholaitiúil ag Aarhus Universitet (Ollscoil Aarhus, an Danmhairg). Ina dhiaidh sin, in 1994, bhain sí máistreacht sa dlí idirnáisiúnta amach ag Lunds Universitet (Ollscoil Lund, an tSualainn) agus chuir sí críoch lena staidéar in Cambridge University (Ollscoil Cambridge, an Ríocht Aontaithe), áit a bhain sí amach dochtúireacht sa dlí in 1999.
Is mar chúntóir parlaiminte i bParlaimint na Laitvia ó 1990 go 1992 a chuir sí tús lena slí beatha ghairmiúil agus ina dhiaidh sin bhí post aici mar chomhairleoir ag an gCoimisiún um Ghnóthaí Eachtracha de Pharlaimint na Laitvia ó 1992 go 1995. Ainmníodh í mar chomhairleoir do Phríomh‑Aire na Laitvia in 1995 agus bhí an post céanna aici ag an Ard-Stiúrthóireacht um Chearta an Duine ag Comhairle na hEorpa in Strasbourg (an Fhrainc) ó 1999 go 2001.
Ina theannta sin, bhí Ineta Ziemele i mbun teagaisc, ó 1993, mar Léachtóir cúnta sa Roinn um Staidéar Dlí agus Polaitíochta agus sa Roinn Dlí Idirnáisiúnta agus Dlí na Mara ag Latvijas Universitāte. Ina dhiaidh sin, go dtí 1999, bhí sí ina Léachtóir le Dlí Idirnáisiúnta agus Dlí Eorpach agus bhunaigh sí an Institiúid um Chearta an Duine ag Latvijas Universitāte. Bhí sí ina stiúrthóir ar an institiúid sin go dtí an bhliain chéanna sin. Chomh maith leis sin, ba Ollamh Söderberg í agus, ina dhiaidh sin, Ollamh ar Cuairt ag Rīgas Juridiskā augstskola (Ardscoil an Dlí, Riga, an Laitvia). Bhí Ollúnacht sa Dlí Idirnáisiúnta agus Cearta an Duine ansin aici ó 2001. Ó 2001 go 2005, bhí sí ina hOllamh ar Cuairt ag Institiúid Raoul Wallenberg ag Lunds Universitet.
Cuireadh tús le gairmréim bhreithiúnach Ineta Ziemele in 2005 nuair a ainmníodh í mar bhreitheamh ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine in Strasbourg; bhí sí ina hUachtarán ar rannán ansin chomh maith go dtí 2014. Ainmníodh í mar bhreitheamh den Latvijas Republikas Satversmes tiesa (An Chúirt Bhunreachtúil, an Laitvia) in 2015 agus bhí sí ina hUachtarán ar an gcúirt sin ó 2017 go 2020.
Ó 2017, is comhalta comhoibrithe í d’Acadamh na nEolaíochtaí, an Laitvia; bíonn sí rannpháirteach sa taighde dlí a bhíonn ar siúl ann chomh maith leis na foilseacháin a bhíonn ann dá réir sin.
Ainmníodh Ineta Ziemele mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ó 6 Deireadh Fómhair 2020, post atá aici ó shin i leith.
Rugadh Jan Passer in 1974 i bPrág (an tSeicslóvaic). Rinne sé staidéar ag an Universita Karlova (Ollscoil Shéarlais, Poblacht na Seice) agus bhain sé céim sa dlí amach ann in 2000, mar aon le máistreacht sa dlí ag an Stockholms universitet (Ollscoil Stócólm, an tSualainn). In 2007, chosain sé a thráchtas dochtúireachta sa dlí ag an Universita Karlova.
Ó 1997 ar aghaidh, d’oibrigh sé sa réimse breithiúnach ina thír dhúchais, ar dtús mar bhreitheamh faoi oiliúint ag an Městský soud v Praze (Cúirt Chathrach Phrág, Poblacht na Seice), post a bhí aige go dtí 2001, ansin mar bhreitheamh ag an Obvodní soud pro Prahu 2 (Cúirt Dúiche Phrág 2, Poblacht na Seice), ó 2001 go 2005. Ó 2005 go 2016, bhí sé ina bhreitheamh ag an Nejvyšší správní soud (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, Poblacht na Seice).
Mar thoradh ar an taithí a fuair sé le linn a chleachtais, theagasc sé mar léachtóir i ndlí an Aontais, i measc ábhair eile, ag an Universita Karlova ó 2001 go 2003, ag an Masarykova univerzita (Ollscoil Masaryk, Poblacht na Seice) ó 2006 go 2016, agus ag an Univerzita Palackého v Olomouci (Ollscoil Palacký d’Olomouc, Poblacht na Seice) ó 2014 go 2016. Thug an saineolas seo deis teagaisc sa dlí dó chomh maith in Acadamh Dlí agus Cirt Phoblacht na Seice ó 2001 go 2016.
Ceapadh an tUasal Passer ina bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh ar an 19 Meán Fómhair 2016. Shuigh sé ann ar feadh ceithre bliana, sular ceapadh é, ar an 6 Deireadh Fómhair 2020, mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais, agus tá sé fós sa phost sin.
Rugadh Nicholas Emiliou in Famagouste (an Chipir). Rinne sé staidéar ag an Ethniko kai Kapodistriako Panepistimio Athinon (Ollscoil Náisiúnta agus Chapóidistriach na hAithne, an Ghréig), áit ar bhain sé céim sa dlí amach in 1986. Lean sé lena chuid staidéir ag an London School of Economics and Political Science (Scoil Eacnamaíochta agus Eolaíochta Polaitiúla Londain, an Ríocht Aontaithe) agus bhain sé máistreacht i ndlí na hEorpa amach ann in 1987. In 1991, bhain sé dochtúireacht sa dlí amach ó University College London (Coláiste na hOllscoile Londain, an Ríocht Aontaithe).
Is san ollscoil sin a thosaigh sé ar a ghairm bheatha acadúil mar thaighdeoir sóisearach, ó 1988 go 1991. Ina dhiaidh sin chuaigh sé i mbun teagaisc le dlí na hEorpa ag University of Southampton (Ollscoil Southampton, an Ríocht Aontaithe) ó 1991 go 1993, agus ansin ag Queen Mary and Westfield College, University of London (Queen Mary and Westfield College, Ollscoil Londain, an Ríocht Aontaithe), ó 1993 go 1994. Idir 1995 agus 1997, bhí an Ollúnacht Jean Monnet i gComhtháthú na hEorpa aige ag University of Durham (Ollscoil Durham, an Ríocht Aontaithe). Ó 1994 go 1997, i gcomhthráth leis na gníomhaíochtaí sin, bhí an tUasal Emiliou mar chomhalta taighde sinsearach oinigh (Honorary Senior Research Fellow) ag University College London agus mar chomhairleoir speisialta d’Aire Ghnóthaí Eachtracha na Cipire.
Idir 1997 agus 1998, bhí sé ina Aire Lánchumhachtach i Roinn an Aontais Eorpaigh d’Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Cipire agus ó ansin, 1998 go 1999, mar Leas-Oifigeach Buan de Phoblacht na Cipire chuig an Aontas Eorpach.
Ó 1999 go 2002, bhí an tUasal Emiliou mar Ambasadóir Lánchumhachtach agus Urghnách Phoblacht na Cipire go hÉirinn.
Idir 2002 agus 2004, chomhlíon sé feidhmeanna mar ionadaí buan do Phoblacht na Cipire ar Chomhairle na hEorpa agus mar ionadaí do Rialtas na Cipire i gcásanna a tugadh os comhair na Cúirte Eorpaigh um Chearta an Duine. In 2004, ceapadh é mar Bhuanionadaí Phoblacht na Cipire chuig an Aontas Eorpach agus bhí an post sin aige go dtí 2008.
Ceapadh an tUasal Emiliou ansin mar Bhuan-Rúnaí d’Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Cipire, post a bhí aige go dtí 2012.
Idir 2012 agus 2017, ceapadh é mar Bhuanionadaí de Phoblacht na Cipire chuig na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac, sular ghlac sé le feidhmeanna mar Bhuanionadaí Phoblacht na Cipire chuig an Aontas Eorpach, ó 2017 go 2021. Shuigh sé freisin ar an mBaicle d’eadránaithe den Bhuan-Chúirt Eadrána sa Háig (an Ísiltír), ó 1995 go 2016.
Ceapadh an tUasal Emiliou mar Abhcóide Ginearálta sa Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2021.
Rugadh Zoltán Csehi in 1965 in Budapest (An Ungáir), agus bhain sé céim sa dlí amach ag Eötvös Loránd Tudományegyetem (Ollscoil Loránd Eötvös, An Ungáir) in 1990 chomh maith leis an dioplóma Master of Laws ag an Ruprecht-Karls-Universität Heidelberg (Ollscoil Ruprecht Karl de Heidelberg, An Ghearmáin) in 1991. Rinne sé staidéir dochtúireachta ag Eötvös Loránd Tudományegyetem, agus ba ag an ollscoil sin a chosain sé a thráchtas dochtúireachta sa dlí in 2004. Bhain sé céim amach freisin i Stair na hEalaíne ó Ollscoil Eötvös Loránd Tudományegyetem in 1992.
Glacadh isteach i mBarra Búdaipeist é, agus lean sé lena shlí bheatha mar dhlíodóir san Ungáir idir 1995 agus 2016. I dteannta a ghníomhaíochtaí mar dhlíodóir, ceapadh é mar eadránaí ag an Pénz és Tőkepiaci Állandó Választottbíróság (Buanchúirt Eadrána na margaí caipitil agus airgeadais, An Ungáir) agus mar eadránaí ad hoc, ó 2004 go 2016.
Ina theannta sin, chuaigh an tUasal Csehi i mbun teagasc an dlí mar ollamh comhlach, ó 1991 go 2005, agus ansin mar ollamh, ó 2005 go 2016, ag Eötvös Loránd Tudományegyetem. Theagasc sé chomh maith ag an Pázmány Péter Katolikus Egyetem (Ollscoil Chaitliceach Péter Pázmány, an Ungáir), mar Cheann ar Roinn an Dlí Tráchtála ó 2007 go 2013, agus mar ollamh ó 2013. Ansin ghlac sé le feidhmeanna Cheann na Roinne Dlí Príobháidí agus Tráchtála ó 2013 go 2016, agus mar Ollamh Taighde sa Dlí Príobháideach agus Tráchtála ó 2017, chomh maith le Ceann na Roinne Dlí Sibhialta ó 2018. Ó 2013, bhí sé ina ollamh cuairte ag an université catholique de Lyon (Ollscoil Chaitliceach Lyon, An Fhrainc)
Ceapadh an tUasal Csehi mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 13 Aibreán 2016. Bhí sé sa phost sin ar feadh cúig bliana sular ceapadh é mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2021.
Rugadh Octavia Spineanu-Matei in 1967 in Vălenii de Munte (an Rómáin). Bhain sí amach céim sa dlí ag an Universitatea Alexandru Ioan Cuza din Iași (Ollscoil Alexandru Ioan Cuza, an Rómáin) (dioplóma tuillteanais) in 1990 agus dochtúireacht sa dlí ag an Academia de Poliție “Alexandru Ioan Cuza“ (Acadamh na Póilíneachta “Alexandru Ioan Cuza”, an Rómáin) in 1999.
In 1991, chuir sí tús lena slí bheatha ghairmiúil mar bhreitheamh ag an Judecătoria sectorului 4 București (an Chúirt Chéadchéime den 4ú cheantar i mBúcairist, an Rómáin) agus bhí na feidhmeanna sin aici go dtí 1996. Ó 1996 go 1999, bhí sí ag obair mar bhreitheamh ag an Tribunalul București (Cúirt Réigiúnach Bhúcairist, an Rómáin), a raibh sí ina hUachtarán ar an roinn shibhialta idir 1997 agus 1999. Tar éis di dul isteach sa Curtea de Apel București (Cúirt Achomhairc Bhúcairist, an Rómáin) mar bhreitheamh ó 1999 go 2005, agus í ina hUachtarán ar an rannóg shibhialta ó 1999 go 2003, ceapadh í ina breitheamh ag Înalta Curte de Casație și Justiție (Ard-Chúirt um Achomharc agus Bhreithiúnas, an Rómáin) ó 2006 go 2016.
Ó 2006 go 2016, ceapadh Spineanu-Matei mar chomhalta seachtrach de Mhórbhord Achomhairc Oifig Eorpach na bPaitinní in München (an Ghearmáin).
In 1997, thosaigh sí ag obair in oiliúint na mbreithiúna agus na mbreithiúna faoi oiliúint sa Rómáin mar oiliúnóir ag an Institutul Național al Magistraturii (Institiúid Náisiúnta na Breithiúnachta, an Rómáin), áit a bhfuil sí ina comhalta den chomhairle eolaíochta freisin, agus a raibh sí ina stiúrthóir ann ansin ó 2011 go 2016. Shuigh sí chomh maith ar an mBord Rialaithe den Școala Națională de Grefieri (Scoil Náisiúnta na gCláraitheoirí, an Rómáin). Ó 2012 go 2016, bhí sí ina comhalta de chomhairle na scoil dochtúireachta in Universitatea din București (Ollscoil Bhúcairist, an Rómáin). Tá sí ina comhúdar ar roinnt leabhar agus ina húdar ar iliomad alt sa réimse dlí, agus labhraíonn sí go rialta ag comhdhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta.
CeapadhSpineanu-Matei mar bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta ar an 19 Meán Fómhair 2016. Shuigh sí ansin ar feadh cúig bliana sular ceapadh í ina breitheamh den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2021.
Rugadh Tamara Ćapeta in 1967 in Ságrab (An Chróit). Chuir sí tús lena cuid staidéir ag an Sveučilište u Zagrebu (Ollscoil Shágraib, an Chróit), áit ar bhain sí céim amach sa dlí in 1991. Lean sí lena cuid staidéir i gColáiste na hEorpa in Brugge (an Bheilg) áit ar bhain sí máistreacht ardléinn amach i ngnóthaí Eorpacha in 1993. Ag filleadh ar Sveučilište u Zagrebu, thosaigh sí ag scríobh tráchtais agus bhain sí dochtúireacht sa dlí amach in 2001.
Thosaigh an tUasal Ćapeta ar a slí bheatha ghairmiúil in 1992 mar státseirbhíseach in Aireacht Ghnóthaí Eachtracha na Cróite, sa Roinn um Chomhtháthú Eorpach agus i Roinn Ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe le ceanncheathrú san Eoraip. Idir 1994 agus 1997, rinne sí obair thaighde ar phróiseas an chomhtháthaithe Eorpaigh ag an Institiúid za razvoj i međunarodne odnose (Institiúid Forbartha agus Caidrimh Idirnáisiúnta, an Chróit).
Thosaigh sí lena ghairm acadúil in 1997, mar chúntóir acadúil sa Roinn Dlí Tráchtála agus Trádáil Idirnáisiúnta i nDámh na hEacnamaíochta ag an Sveučilište u Zagrebu. Tá sí ina ollamh i nDámh an Dlí ag Sveučilište u Zagrebu ó 2002, áit a raibh sí ar dhuine de bhunaitheoirí na Roinne um Dhlí Poiblí na hEorpa.
Ó 2013 go 2014, ceapadh an tUasal Ćapeta mar Cheann-Aonad ar Aonad Aistriúcháin Teanga na Cróite ag Ard-Stiúrthóireacht Ilteangachais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus ina dhiaidh sin chuaigh sí ar ais i mbun a gníomhaíochtaí teagaisc ag an Sveučilište u Zagrebu. Ó 2015 go 2021, ceapadh í ina Ceann ar Roinn Dlí Poiblí na hEorpa agus ina Stiúrthóir ar an gClár Staidéar Iarchéime i nDlí na hEorpa. Bhí sí mar bhunaitheoir, in 2018, ar Ionad Barr Feabhais Jean Monnet, atá tiomnaithe do thaighde ar an smacht reachta, agus ghlac sí feidhmeanna mar chomhordaitheoir air ó 2018 go 2021.
Is údar í an Uasal Ćapeta ar roinnt foilseachán i réimse dhlí an Aontais Eorpaigh. Tá sí ina bunaitheoir ar iris idirnáisiúnta ar dhlí an Aontais, an t-aon cheann go dtí seo sa Chróit, a raibh sí ina príomh-eagarthóir uirthi freisin ó 2010 go 2015. I dteannta a gníomhaíochta teagaisc ag Sveučilište u Zagrebu, bhí sí mar ollamh ar cuairt i ndlí an Aontais faoi réir Chlár Malairte Dhámh an Dlí in Indiana University (Ollscoil Indiana, Stáit Aontaithe Mheiriceá) idir 2005 agus 2010, agus ansin in 2016, in University of Pittsburgh (Ollscoil Pittsburgh, Stáit Aontaithe Mheiriceá) agus ag Zhōngguó Zhèngfǎ Dàxué (Ollscoil Eolaíochta Polaitiúla agus Dlí na Síne, an tSín). Déanann sí an dlí a theagaisc freisin do bhreithiúna agus státseirbhísigh na Cróite trí chláir oideachais leanúnacha i ndlí an Aontais, arna n-eagrú ag an Pravosudna akademija (Acadamh Breithiúnach, an Chróit) agus an Državna škola za javnu upravu (Scoil Stáit an Riaracháin Phoiblí, an Chróit).
In 2020, cheap Comhchoiste an Aontais Eorpaigh an tUasal Ćapeta mar chomhalta den phainéal eadrána faoi Chomhaontú Aistarraingthe na Ríochta Aontaithe, post ar scoir sí de tar éis a ceapacháin mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais.
Ceapadh Tamara Ćapeta ina hAbhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair, 2021.
Rugadh Laila Medina in 1971 in Jelgava (an Laitvia). Rinne sí staidéar ag an IMO International Maritime Law Institute (IMO Institiúid an dlí idirnáisiúnta muirí, Málta) agus bhain sí máistreacht sa dlí idirnáisiúnta muirí amach in 1995. Níos déanaí, bhain sí máistreacht i ndlí an Aontais amach in 2002 ag an Rīgas Juridiskā augstskola (Ardscoil an Dlí, Riga, an Laitvia).
Ó 1995, thosaigh sí ag obair i seirbhísí Aireacht Iompair na Laitvia mar cheann na rannóige dlí agus mar leas-stiúrthóir ar an roinn mhuirí. D’fheidhmigh sí sna postanna sin go dtí 2002, bliain a ceapacháin san aireacht sin mar chomhairleoir don Státrúnaí ar ghnóthaí Eorpacha.
Ó 2004 go 2005, bhí post ag an Uasal Medina mar Leas-Cheann na hOifige um Ghnóthaí Eorpacha ag Seansailéireacht Stáit Phoblacht na Laitvia.
In 2005, thosaigh sí ag obair i seirbhísí Aireacht Dlí agus Cirt na Laitvia mar Stiúrthóir ar an roinn pleanála beartais. Ó 2006, ceapadh í mar Státrúnaí gníomhach don bheartas earnálach in san Aireacht Dlí agus Cirt, ansin mar Státrúnaí gníomhach don bheartas dlíthiúil ó 2009 go 2021.
Le linn a slí bheatha ghairmiúil tá an Uasal Medina i ndiaidh tabhairt faoi ghníomhaíochtaí teagaisc chomh maith. Idir 1998 agus 2006, bhí sí ina léachtóir le dlí na hEorpa agus le dlí institiúideach an Aontais Eorpaigh ag an Valsts administrācijas skola (Scoil Riaracháin Phoiblí, an Laitvia). In 2012, chuir sí oiliúint ar fáil do na breithiúna agus na nótairí ar Rialachán na Róimhe III. Faoi dheireadh, ó 2008, bhí sí ina comhalta de bhord na scoile dlí ag an Biznesa augstskola Turība (Ardscoil Ghnó Turība, an Laitvia).
Ceapadh an Uasal Medina mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais ar an 7 Deireadh Fómhair 2021.
Rugadh Bernardus (Ben) Maria Polycarpus Smulders in 1960 sa Háig (an Ísiltír). Bhain sé máistreacht sa dlí amach ó Universiteit Leiden (Ollscoil Leiden, an Ísiltír) in 1983. Lean sé lena chuid staidéir ag an London School of Economics and Political Science (Scoil Eacnamaíochta agus Eolaíochta Polaitiúla Londain, an Ríocht Aontaithe) agus bhain sé máistreacht sa dlí amach in 1984. In 2010, rinne sé staidéar ag an London Business School (An Ríocht Aontaithe), in 2011 ag an INSEAD Fontainebleau (An Fhrainc) agus in 2018 ag an Stanford Business School (Stáit Aontaithe Mheiriceá).
In 1985, thosaigh Smulders a shaol proifisiúnta mar dhlíodóir ag Barra Amstardam agus bhí an post sin aige go dtí 1990.
Chuaigh sé isteach i Seirbhís Dlí an Choimisiúin Eorpaigh in 1991 agus d’oibrigh sé ann go dtí 1994, san fhoireann ‘Saorghluaiseacht caipitil, saoirse bunaíochta, saoirse chun seirbhísí a sholáthar, cánachas, Aontas Custaim agus Eacnamaíoch agus airgeadaíochta’ agus san fhoireann ‘Rialú Státchabhrach agus frithdhumpála’.
Lean Smulders lena shlí bheatha ag an gCoimisiún mar bhall d’oifig an Choimisinéara um Chaidreamh seachtrach agus méadú Hans van den Broek (1995-1999), an Choimisinéara um Margadh Inmheánach, Cánachas agus Aontas Custaim Frits Bolkestein (1999-2000) agus an Uachtaráin Romano Prodi (2000-2004). Ó 2004 go 2008, bhí sé ina Cheann ar oifig an Choimisinéara um Iomaíocht Neelie Kroes, ansin ina Chomhairleoir Dlí Sinsearach mar Stiúrthóir d’fhoireann ‘Institiúidí agus Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta’ ó Sheirbhís Dlí an Choimisiúin (2008-2014). Ceapadh é ina Cheann Oifig an Chéad Leas-Uachtarán den Choimisiún Frans Timmermans (2014-2019), ansin ina Chomhairleoir Dlí Sinsearach mar Stiúrthóir d’fhoireann ‘Eagraíochta Domhanda Trádála agus Beartais Trádála’ ó Sheirbhís Dlí an Choimisiúin (2020-2022). Ó 2022 go 2024, bhí sé ina Leas-Ardstiúrthóir ar Ard-Stiúrthóireacht Iomaíochta an Choimisiúin, áit a bhfuil sé freagrach as státchabhair a rialú.
Ó 2012 i leith, bhí sé mar bhreitheamh ó am go chéile ionaid i ndlísheomra sibhialta agus tráchtála an Gerechtshof Den Haag (Cúirt Achomhairc na Háige, an Ísiltír), ag déileáil go háirithe le cásanna a bhain le dliteanas Stáit i gcás sárú ar dlí an Aontais, an dlí poiblí idirnáisiúnta nó ceisteanna díolúine ó fhorghníomhú tríú tíortha. Ina theannta sin, chuaigh sé i mbun gairm ollscoile, go príomha sa dlí idirnáisiúnta agus Eorpach, mar léachtóir ag Fondazione Collegio Europeo di Parma (Coláiste Eorpach Parma, an Iodáil) ó 2003 i leith agus ag Ollscoil Pháras-Panthéon-Assas (an Fhrainc) ó 2019 i leith agus mar ollamh ar cuairt ag Vrije Universiteit Brussel (Université Libre de Bruxelles, an Bheilg) agus ag Coláiste na hEorpa i mBruges (an Bheilg) ó 2013. Mhúin sé freisin in Universiteit van Amsterdam (Ollscoil Amstardam, an Ísiltír) agus in Radboud Universiteit Nijmegen (Ollscoil Radboud Nijmegen, an Ísiltír) ó 1994 go 2005. Ó 2002 go 2022, bhí Smulders ina chomhalta agus, ina dhiaidh sin, ina uachtarán den Curatorium den Europa Instituut in Leiden de Dhámh an Dlí Ollscoil Leiden. Ó 2008 go 2024, bhí sé ina bhall de bhord eagarthóireachta an Common Market Law Review.
Tá sé ina údar ar go leor saothar agus alt, go háirithe maidir le dlí na hiomaíochta, an dlí institiúidigh, an smacht reachta a chosaint, an margadh inmheánach agus an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.
Ceapadh an tUasal Smulders mar Bhreitheamh sa Chúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2024.
Rugadh Dean Spielmann in 1962 i Lucsamburg (Ard-Diúcacht Lucsamburg). Bhain sé céim sa dlí amach in 1988 ó Université catholique de Louvain (Ollscoil Chaitliceach Louvain, an Bheilg) sular lean sé dá chuid staidéir in Fitzwilliam College, University of Cambridge (Coláiste Fitzwilliam in Ollscoil Cambridge, an Ríocht Aontaithe), áit ar bhain sé an chéim Master of Laws amach in 1990.
Bhí sé ag cleachtadh mar dhlíodóir ag Barra Lucsamburg ó 1989 go 2004 agus, ina theannta sin, bhí gairm acadúil ar bun aige i dteagasc an dlí choiriúil, chearta an duine agus imeachtaí os comhair na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, i measc ábhar eile. Ó 1991 go 1997, bhí post mar chúntóir taighde aige in Ollscoil Chaitliceach Louvain agus mar léachtóir comhlach in Ollscoil Lucsamburg ó 1996 go 2006. Idir 1997 agus 2009, bhí sé ina theagascóir freisin in Université Nancy II (Ollscoil Nancy II, an Fhrainc) agus in 2017 agus 2018, theagasc sé in Institut d'études politiques de Paris (Institiúid Staidéar Polaitiúil Pháras, an Fhrainc).
Tá sé ina údar freisin ar go leor saothar agus alt agus is comhalta é de choistí eolaíocha agus dréachtaithe roinnt irisí dlí.
In 2000, ceapadh é ina chomhalta den Choimisiún Comhairleach um Chearta an Duine i Lucsamburg, coiste dá raibh sé ina chomhalta go dtí 2004. Ó 2002 go 2004 bhí sé ina chomhalta freisin den Choiste um Chearta an Duine agus den Choiste um an Dlí Coiriúil i gComhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa (CCBE), agus de Líonra an Aontais Eorpaigh de Shaineolaithe Neamhspleácha ar Chearta Bunúsacha chomh maith.
Ceapadh é mar bhreitheamh den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine in Strasbourg (an Fhrainc) in 2004, agus ceapadh é ina chathaoirleach rannóige ina dhiaidh sin in 2011, ina leas-uachtarán in 2012 agus ansin ina uachtarán ó 2012 go 2015.
Ceapadh an tUasal Spielmann ina Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 13 Aibreán 2016 agus bhí sé mar Uachtarán ar Dhlísheomra ansin idir an 30 Meán Fómhair 2019 agus an 6 Deireadh Fómhair 2024.
Ón 7 Deireadh Fómhair 2024, is breitheamh é den Chúirt Bhreithiúnais.
Rugadh Massimo Condinanzi in 1964 in Biella (an Iodáil). Bhain sé céim amach sa dlí in 1988 ó l'Università degli Studi di Genova (Ollscoil Genoa, an Iodáil) In 1993, bhain sé dochtúireacht i ndlí na gComhphobal Eorpach amach ó Università degli Studi di Bologna (Ollscoil Bologna, an Iodáil).
Chuir Condinanzi tús lena shaol proifisiúnta acadúil in 1990 mar chúntóir i ngníomhaíochtaí oideachais agus eolaíocha in Institiúid an Dlí Idirnáisiúnta i nDámh an Dlí in Università degli Studi di Milano (Ollscoil Milano, an Iodáil), post a bhí aige go dtí 1996. Ó 1996 go 1998, bhí post aige mar thaighdeoir ar an dlí idirnáisiúnta laistigh den dámh céanna.
In 1997, thosaigh sé ag obair i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpaigh mar Rúnaí Dlí leis an Abhcóide Ginearálta Giuseppe Tesauro, agus ansin leis an Abhcóide Ginearálta Antonio Saggio.
D’fhill sé ar an Iodáil in 1998 agus mhúin sé dlí idirnáisiúnta san Università di Bologna, mar ollamh comhlach de dhlí an Aontais ar champas Piacenza de l'Università Cattolica del Sacro Cuore (Ollscoil Chaitliceach an Chroí Ró-Naofa, an Iodáil), san Università degli Studi di Genova, agus i nDámh an Dlí d’Università degli Studi di Milano. D’éirigh sé ina Ollamh le Dlí an Aontais in 2005, agus tá an post sin aige ó shin mar shealbhóir le hOllúnacht Dhlí an Aontais Eorpaigh agus mar Chathaoirleach maidir le Dlíthíocht an Aontais Eorpaigh. Idir 2014 agus 2018, sa Dámh céanna, bhí sé ina Chomhordaitheoir ar Rannóg um Dhlí Idirnáisiúnta agus Dlí an Aontais Eorpaigh laistigh de Roinn Dlí Phoiblí na hIodáile agus Fornáisiúnta. Bhí sé ina Ollamh ar Cuairt in Ollscoil Pháras-Panthéon-Assas (an Fhrainc), in Ollscoil Montesquieu Bordeaux IV (an Fhrainc), in Universitatea ‘Alexandru Ioan Cuza’ din Iași (Ollscoil Alexandru Ioan Cuza, Iași, an Rómáin) agus in Ollscoil na Ginéive (an Eilvéis). Ba Chomhalta agus Rapóirtéir é den Ghiúiré um Thráchtais Dhréachtaithe, go háirithe maidir le dlíthíocht an Aontais i roinnt ollscoileanna Eorpacha.
Ós rud é go raibh suim aige i gcónaí i ndlíthíocht an Aontais Eorpaigh, is é an Stiúrthóir atá freagrach as athbhreithniú ar dhlíthíocht Eorpach ó 2023 i leith.
Ó 2016 go 2018 agus ó 2019 go 2023, is Comhordaitheoir Struchtúr Misin é chun caingean um shárú a réiteach faoi Uachtaránacht Chomhairle Airí Phoblacht na hIodáile.
Ó 2005 go 2024, bhí sé ag cleachtadh freisin mar dhlíodóir ag Cumann Barra Biella agus Milano agus sa cháil sin bhí baint aige le go leor cásanna a láimhseáil os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh.
Taobh leis na gníomhaíochtaí sin, ba chomhalta é de Bhord Bainistíochta Acadamh an Dlí Eorpaigh, Trier (ERA, an Ghearmáin) agus freisin shainoiliúnóir ag Scuola Superiore della Magistratura (Ardscoil na Giúistíseachta, an Iodáil).
Tá líon mór saothar agus alt foilsithe ag Condinanzi, go háirithe maidir le dlí an Aontais, agus ghlac sé páirt, is minic ina cháil mar eagraí, i roinnt comhdhálacha dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta. In 2017, bhí baint aige le comhordú a dhéanamh ar dhréachtú na chéad tráchtaireachta ‘airteagal ar airteagal’ de Rialacha Nós Imeachta chúirteanna na hEorpa san Iodáilis. Chomh maith leis sin, ba chomhordaitheoir é, idir 2017 agus 2023 ar aonad taighde a raibh sé de chuspóir aige clár taighde maidir leis an leas náisiúnta (PRIN 2017) dar teideal ‘Dova va l’Europa (Cad atá i ndán don Eoraip?)’.
Ceapadh Condinanzi ina Bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais mhian 7 Deireadh Fómhair 2024.
Rugadh Fredrik Schalin in 1964 i Stócólm (an tSualainn). Bhain sé dioplóma sa dlí amach in 1991 ó Stockholms universitet (Ollscoil Stócólm, an tSualainn), chomh maith le céim sa dlí in 1990 agus Céim Ardléinn i nDlí an Chomhphobail agus sa Dlí Eorpach in 1994 ó université de Paris I Panthéon-Sorbonne (Ollscoil Pháras I Panthéon-Sorbonne, an Fhrainc).
Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar rúnaí dlí ag Södertälje tingsrätt (Cúirt Chéadchéime Södertälje, an tSualainn) ó 1991 go 1993 agus ansin ag Svea hovrätt (an Chúirt Achomhairc, Stócólm, an tSualainn) ó 1994 go 1995. Bhí sé ina bhreitheamh ag Gotlands tingsrätt (Cúirt Chéadchéime Gotland, an tSualainn) agus ag Norrtälje tingsrätt (Cúirt Chéadchéime Norrtälje, an tSualainn) ó 1995 go 1996 agus ansin ag Svea hovrätt ó 1996 go 1997.
In 1997, bhí sé ina leas-rúnaí ar Choiste Parlaiminteach Aireacht Airgeadais na Sualainne, sular ceapadh é mar Chomhairleoir Dlí do Ghnóthaí Eorpacha in Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Sualainne in 1999.
Chuaigh sé isteach i seirbhís na Cúirte Breithiúnais mar rúnaí dlí don Bhreitheamh Hans Ragnemalm in 1998, agus arís ó 1999 go 2006 don Bhreitheamh Stig von Bahr.
Nuair a d’fhill sé ar a thír dhúchais, bhí an tUasal Schalin ina oifigeach dlí ó 2006 go 2008 agus, tar éis dó clárú le Barra Stócólm in 2008, thosaigh sé a ghairm bheatha mar dhlíodóir. In 2009, d’fhill sé ar an mBreithiúnacht mar bhreitheamh agus ansin mar Uachtarán ar Södertörns tingsrätt (Cúirt Chéadcheime Södertörn, an tSualainn), post a bhí aige go dtí 2016.
Tá speisialtóireacht aige freisin sa teagasc agus bhí sé ina léachtóir in Stockholms universitet ó 2006 go 2008 agus in Domstolsakademin (Acadamh Chúirteanna na Sualainne) ó 2011.
Ceapadh an tUasal Schalin mar Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta an 8 Meitheamh 2016 agus bhí sé ina Uachtarán ar an Dlísheomra idir an 19 Meán Fómhair 2022 agus an 6 Deireadh Fómhair 2024.
Ón 7 Deireadh Fómhair 2024 amach, is breitheamh den Chúirt Bhreithiúnais.
Rugadh Andrea Biondi in 1965 i bhFlórans (an Iodáil). Rinne sé staidéar in Università degli Studi di Firenze (Ollscoil Fhlórans, an Iodáil), áit ar bhain sé máistreacht sa dlí amach in 1990, agus dochtúireacht sa dlí comparáideach ina dhiaidh sin in 1996.
Chuir sé tús lena shlí bheatha acadúil i University College London (Coláiste na hOllscoile Londain, an Ríocht Aontaithe) in 1993 agus ina dhiaidh sin, idir 1994 agus 1997, i University of Birmingham (Ollscoil Birmingham, an Ríocht Aontaithe). In 1997, chuaigh sé go King’s College London (Coláiste an Rí, an Ríocht Aontaithe), áit a raibh sé ina Ollamh le Dlí an Aontais Eorpaigh in 2006, post atá aige ó shin. Ó 2001 go 2024, bhí sé ina Stiúrthóir ar an Lárionad um Dhlí na hEorpa i King’s College London chomh maith.
Le linn a ghairmréime, mhúin an tUasal Biondi go rialta mar ollamh ar cuairt in ollscoileanna cáiliúla, go háirithe ag Libera Università Internazionale degli Studi Sociali Guido Carli “LUISS” (Saor-Ollscoil Idirnáisiúnta Guido Carli um Staidéar Sóisialta, an Iodáil), ag Università Bocconi (Ollscoil Bocconi, an Iodáil), ag Università degli Studi di Roma “La Sapienza” (Ollscoil na Róimhe “La Sapienza”, an Iodáil), ag Freie Universität Berlin (Saor-Ollscoil Bheirlín, an Ghearmáin), ag Université Paris II Panthéon-Assas (Ollscoil Pháras II Panthéon-Assas, an Fhrainc), ag Georgetown University (Ollscoil Georgetown, Stáit Aontaithe Mheiriceá) agus ar Champas Natolin de chuid Choláiste na hEorpa (an Pholainn).
In 2021, bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Bhord Achomhairc Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER).
Glacadh an tUasal Biondi isteach ag Barra na hIodáile in 2001 agus chuaigh sé isteach in dhá ghnólacht dlí i Londain mar shainchomhairleoir idir 2003 agus 2024.
Tá sé ina údar ar go leor saothar agus foilseachán, go háirithe faoi dhlí an Aontais Eorpaigh.
Ceapadh an tUasal Biondi mar Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2024.
Rugadh Stéphane Gervasoni sa bhliain 1967 in Voiron (an Fhrainc). Bhain sé céim amach ó Institut d’ Études Politiques (IEP) (Institiúid um Staidéar Polaitiúil) de Grenoble (an Fhrainc) in 1988 agus ó École Nationale d’Administration (ENA) (Scoil Náisiúnta an Riaracháin) (an Fhrainc) in 1993 (Promotion Léon Gambetta).
Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil sa Chomhairle Stáit (Páras, an Fhrainc) in 1993 mar bhreitheamh faoi oiliúint agus ansin, ó 1996, mar chomhalta sóisearach (go dtí 2008, nuair a ceapadh ag grád an chomhairleora stáit é). Sa cháil sin, bhí sé ina bhreitheamh is rapóirtéir sa Roinn Dlíthíochta go dtí 1997, agus ag an am céanna shuigh sé ar an Roinn Gnóthaí Sóisialta (ó 1996 go 1997). I gcomhthráth leis sin, ó 1994 go 1996, cuireadh dualgais choimisinéir rialtais ag Coimisiún Speisialta Achomhairc na bPinsean de chúram air, a bhí ceangailte go sealadach leis an gComhairle Stáit, agus, ó 1995 go 1997, bhí dualgais an chomhairleora dlí d’Aireacht Sheirbhís Sibhialta na Fraince agus do Chathair Pháras air.
In 1997, chuaigh sé isteach i Maoracht cheantar Yonne (an Fhrainc) mar Ard-Rúnaí, agus bhí sé freagrach as dualgais an fho-Mhaoir ar an gceantar áitiúil Auxerre freisin, ar dhualgais iad a chomhlíon sé go dtí 1999. Ansin chuaigh sé isteach i Maoracht cheantar Savoie (an Fhrainc), mar Ard-Rúnaí agus mar fho-Mhaor ar an gceantar áitiúil Chambéry (an Fhrainc), ó 1999 go 2001.
Mar thoradh ar na dualgais a chomhlíon sé sa Chomhairle Stáit agus sa riarachán poiblí, chuaigh sé isteach i gCúirt Bhreithiúnas na gComhphobal Eorpach, mar rúnaí dlí le breitheamh Jean-Pierre Puissochet, ó 2001 go 2005. Ceapadh é ina bhreitheamh de Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh ar an 5 Deireadh Fómhair 2005, an lá ar cuireadh an chúirt sin ar bun, agus í nuachruthaithe ag an am. Chomhlíon sé a dhualgais ann go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2011, agus mar Uachtarán ar Dhlísheomra idir an 6 Deireadh Fómhair 2008 agus an 6 Deireadh Fómhair 2011.
Athghaireadh chun na Comhairle Stáit é, agus ó 2011 go 2013, bhí an tUasal Gervasoni ina Leas-Uachtarán de chuid an Ochtú Dlísheomra i Roinn na Dlíthíochta.
Caitheann sé a dhúthracht le gníomhaíochtaí teagaisc chomh maith, agus é ina léachtóir, ó 1993 go 1995, in Institiúid um Staidéar Polaitiúil, Páras, agus in Université de Luxembourg, (Ollscoil Lucsamburg, Lucsamburg) ó 2016. Ina theannta sin, bhí sé ina lánchomhalta de Bhord Achomhairc d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) ó 2001 go 2005, agus ina chomhalta de Bhord Achomhairc Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) ó 2011 go 2013.
Ceapadh an tUasal Gervasoni mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta ar an 16 Meán Fómhair 2013. Thogh a chomhghleacaithe é faoi dhó mar Uachtarán ar Dhlísheomra, agus bhí sé ina shuí sa cháil sin ón 21 Meán Fómhair 2016 go dtí an 19 Meán Fómhair 2022.
Rugadh Niels Fenger in 1968 i gCóbanhávan. Bhain sé céim sa dlí amach in 1992 ó Københavns Universitet (Ollscoil Chóbanhávan, an Danmhairg) agus a dhochtúireacht sa dlí in 2004 ó Aarhus Universitet (Ollscoil Aarhus, an Danmhairg).
Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil in Aireacht Dlí agus Cirt na Danmhairge, áit a raibh post aige mar Cheann Rannóige in Oifig Dlí an Aontais Eorpaigh ó 1992 go 1993 agus in Oifig an Dlí Shibhialta ó 1993 go 1994. In 1994, tháinig sé chun Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar Rúnaí Dlí in oifig an Abhcóide Ghinearálta Michael Bendik Elmer.
Nuair a d’fhill sé ar an Danmhairg in 1995, mhúin sé, mar thaighdeoir, dlí an riaracháin agus dlí an Aontais ag an Københavns Universitet. Idir 1996 agus 2000, chuaigh sé isteach arís in Aireacht Dlí agus Cirt na Danmhairge mar Cheann Rannóige in Oifig an Dlí Bunreachtúil agus Riaracháin.
In 2001, chuaigh sé isteach in Aireacht Gnóthaí Baile na Danmhairge mar Cheann Oifige, áit a raibh sé freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht cinntí bardasacha i réimsí na trádála agus an chomhshaoil. In 2002, ceapadh é ina Stiúrthóir ar Sheirbhís Dlí Údarás Faireacháin Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), post a bhí aige go dtí 2009 trí ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid sin os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Chúirt CSTE.
Rinneadh Ollamh le Dlí Riaracháin de in Ollscoil Københavns in 2009, post a bhí aige go dtí 2017. Tá roinnt saothar agus alt scríofa aige i réimse dhlí an Aontais Eorpaigh, dlí riaracháin agus rialacha nós imeachta chúirteanna na Danmhairge.
Ó 2014 go 2015 agus ansin ó 2017 go 2019, bhí sé ina bhreitheamh ag Østre Landsret (Cúirt Achomhairc an Oirthir, an Danmhairg).
Ó 2014 go 2016, bhí sé mar chuid de choiste na Danmhairge freisin a raibh sé de chúram air rialú a dhéanamh ar inghlacthacht achomharc in ábhair shibhialta agus choiriúla.
Ó 2019 go 2024, ba ombudsman parlaiminteach de chuid na Danmhairge é an tUasal Fenger.
Ceapadh an tUasal Fenger mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2024.
Rugadh Ramona Frendo sa bhliain 1971 agus is as Zetjun (Málta) di ó dhúchas. Bhain sí céim sa dlí amach in 1993 agus dochtúireacht sa dlí amach in 1995 ó Università ta' Malta (Ollscoil Mhálta). Lean sí ar aghaidh lena cuid staidéir ag University of Cambridge (Ollscoil Cambridge, an Ríocht Aontaithe) agus bronnadh máistreacht sa choireolaíocht uirthi ann in 1996. In 2018, chríochnaigh sí a cuid staidéir ollscoile le dioplóma iarchéime sa dlí Eorpach ag King’s College London (Coláiste an Rí, Londain, an Ríocht Aontaithe).
Chuir an tUasal Frendo tús lena slí bheatha ghairmiúil mar dhlíodóir ag Barra Mhálta, post a bhí aici ó 1996 go 2019. Mar thoradh ar a heolas ildisciplíneach, d’oibrigh sí chomh maith mar chomhairleoir dlí d’Aireacht Choimirce Sóisialaí Mhálta ó 1997 go 1998 agus mar shaineolaí dlí ag cúirteanna Vaileite (Málta) idir 1997 agus 2019, agus ag roinnt cuideachtaí árachais, ó 2006 go 2019.
Ó 2006 go 2019, bhí sí ina comhalta de phainéal eadrána náisiúnta Mhálta agus, ó 2009 go 2019, bhí sí ina comhalta de Choimisiún Fostaíochta Mhálta. Ceapadh mar chomhalta den Choimisiún Náisiúnta um an Teaghlach (Málta) í ó 2012 go 2013, tráth a raibh sí ina comhalta den Choimisiún um Athchóiriú Cuimsitheach an Chórais Dlí agus Cirt (Málta) chomh maith agus ansin, idir 2014 agus 2016, bhí sí ina comhalta den Choimisiún um Athchóiriú an Dlí (Málta). Tar éis di a bheith ceaptha in 2016 ag rialtas Mhálta, mar chomhairleoir speisialta don mheitheal um “Víosaí” de chuid Chomhairle an Aontais Eorpaigh, bhí sí ina cathaoirleach ar an meitheal seo faoi uachtaránacht Mhálta ar an gComhairle sa chéad leath de 2017.
Ceapadh ina breitheamh den Chúirt Ghinearálta í ar an 20 Márta 2019. Shuigh sí ann ar feadh ceithre bliana, sular ceapadh í, an 7 Deireadh Fómhair 2024, mar bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais, mar a bhfuil sí ag tabhairt faoina dualgais anois.
Rugadh Rimvydas Norkus sa bhliain 1979 in Klaipėda (an Liotuáin). Bhain sé máistreacht sa dlí amach ó Vilniaus universitetas (Ollscoil Vilnias, an Liotuáin) in 2001. Ina dhiaidh sin, chuir sé tús lena staidéar dochtúireachta sa dlí ag Mykolo Romerio universitetas (Ollscoil Mykolas Romeris, an Liotuáin) áit ar chosain sé a thráchtas in 2005.
Chuir sé tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar chúntóir breithiúnach ag Lietuvos apeliacinis teismas (Cúirt Achomhairc na Liotuáine) ó 1999 go 2000, agus ó 2000 go 2003, bhí sé ina chomhairleoir d’Uachtarán na cúirte sin. Idir 2003 agus 2009, ceapadh é ina stiúrthóir ar an tSeirbhís um Chleachtas Breithiúnach in Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (Cúirt Riaracháin Uachtarach na Liotuáine).
Ó 2009 go 2010, bhí sé ina dhlítheangeolaí i bParlaimint na hEorpa sular fhill sé ar a thír dhúchais chun bheith ina stiúrthóir ar an Roinn um Thaighde Dlí ag Lietuvos Aukščiausiasis Teismas (Cúirt Uachtarach na Liotuáine) ó 2010 go 2012. Ceapadh é ina bhreitheamh in Lietuvos apeliacinis teismas ó 2012 go 2013 agus ansin bhí sé ina bhreitheamh ar feadh bliain amháin in Lietuvos Aukščiausiasis Teismas, agus bhí sé ina uachtarán ar an gcúirt sin ó 2014 go 2019. Ba é Uachtarán ar Lietuvos Teisėjų taryba (Comhairle Bhreithiúnach na Liotuáine) chomh maith ó 2016 go 2018.
Ó 2007 go 2008, bhí Rimvydas Norkus ag teagasc mar ollamh comhlach ag Mykolo Romerio universitetas, agus bhí sé ina ollamh ag an Institiúid um Dhlí Príobháideach san ollscoil sin ó 2012 go 2019. Chomh maith leis sin, tá sé ina údar ar an iliomad foilseacháin dhlíthiúla.
Rugadh an tUasal Alfredo Calot Escobar in 1961 in Valencia (an Spáinn). Rinne sé staidéar ag an Universidad de Valencia (Ollscoil Valencia, an Spáinn), áit ar bhain sé chéim sa dlí amach in 1984.
I mí Eanáir 1986, d’earcaigh an Chomhairle um Chomhlachais Tráchtála de Rialtas Réigiúnach Valencia é le hoibriú mar anailísí gnó le hOifig Tráchtála na Spáinne in Toronto (Ceanada). D’oibrigh sé ann go dtí gur thosaigh sé ina phost i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach an 16 Iúil 1986, ar tháinig sé isteach ann tar éis éirí leis i gcomórtas oscailte chun na céad phoist dhlí-theangeolaithe le Spáinnis a líonadh i Stiúrthóireacht an Aistriúcháin.
In 1990, tugadh ardú céime dó chuig post mar athbhreithneoir dlí agus bhí an post seo aige go dtí 1993, nuair a chuaigh sé isteach i seirbhís preasa agus faisnéise na Cúirte.
In 1995, d’éirigh leis i gcomórtas oscailte nua arna eagrú ag Parlaimint na hEorpa. Lig sé seo dó a bheith mar chuid de Rúnaíocht an Choiste um Ghnóthaí Institiúideacha, áit a raibh sé freagrach as tuarascálacha dlí éagsúla a ullmhú le haghaidh na gComhaltaí, go háirithe i gcomhthéacs na Comhdhála Idir-Rialtasaí a bhí ann sular tugadh Conradh Amstardam i gcrích.
In 1996, iarradh air dul isteach in oifig Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, áit ar oibrigh sé mar attaché go dtí 1999, nuair a ceapadh é ina Rúnaí Dlí don Abhcóide Ginearálta Dámaso Ruiz-Jarabo Colomer.
Ag tarraingt ar éagsúlacht a thaithí ghairmiúil, d’fhill sé ar sheirbhís aistriúcháin na Cúirte in 2000 mar Cheann-Roinne na Spáinnise, ar chuidigh sé lena bunú 14 bliana roimhe sin.
In 2001, ceapadh é mar Stiúrthóir an Aistriúcháin, ag am fíor-thábhachtach i stair an ilteangachais, toisc go raibh méadú de dheich mBallstát nua ar an Aontas agus leis sin, tháinig méadú nach mór faoi dhó ar líon na dteangacha oifigiúla, ó 11 go 20.
Tar éis d’athrú teacht ar struchtúr sheirbhísí riaracháin na hinstitiúide, ceapadh an tUasal Calot Escobar mar Ard-Stiúrthóir an Aistriúcháin i Meitheamh 2007.
Toghadh é mar Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais ar an 6 Deireadh Fómhair 2010, post atá aige ó shin tar éis dó athnuachan a fháil in 2022, ag deireadh a dhara téarma.