Féach ar staitisticí mionsonraithe na Cúirte Breithiúnais
le
Marc-André Gaudissart
Cláraitheoir Cúnta na Cúirte Breithiúnais
Mar is ghnáth gach bliain, is cúis áthais dom peann a chur le pár chun léiriú ginearálta a thabhairt ar na staitisticí breithiúnacha le bliain anuas agus treoir agus tuiscint a thabhairt don léitheoir i leith na sonraí maidir le cásanna a tugadh os comhair na Cúirte nó cásanna ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu.
Cé nach cleachtadh éasca é sin i gcónaí toisc go mbíonn na héagsúlachtaí ó bhliain go chéile neamhshuntasach uaireanta agus, dá bhrí sin, ní léirítear leo forbairtí suntasacha ná treochtaí a bhíonn ag atarlú i gcónaí, is léir gur eisceacht ón riail é 2024. Ar go leor bealaí, is féidir cur síos a dhéanamh ar an mbliain seo caite mar bhliain neamhghnách, sa chéad chiall den téarma, a mhéid a bhaineann le líon na gcásanna a tugadh os comhair na Cúirte Breithiúnais in 2024 agus líon na gcásanna ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu araon. Meabhraíonn an dá cheann acu na buaiceanna stairiúla a tharla in 2019 agus tugann siad brí iomlán don athchóiriú reachtach a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2024 agus a d’fhág gur roinn an Chúirt a dlínse réamhrialuithe a thabhairt le Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, a bhfuil dlínse eisiach aici anois ceisteanna a tharchuir cúirteanna Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a fhreagairt sna hábhair shonracha dá dtagraítear in Airteagal 50b de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Reacht’).
Ar an gcéad dul síos, maidir le cásanna a tugadh os comhair na Cúirte Breithiúnais in 2024, bhí 920 cás ann. Ní hé sin an líon is airde i stair na Cúirte Breithiúnais — baineadh amach an líon is airde 5 bliana níos luaithe, le 966 chás nua in 2019 — ach fós féin is méadú 12 % é i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (821 chás nua in 2023) agus ní áirítear leis an 20 iarraidh ar réamhrialú a taisceadh i gClárlann na Cúirte Breithiúnais tar éis an 1 Deireadh Fómhair 2024 agus a tarchuireadh chuig an gCúirt Ghinearálta tar éis na réamhanailíse dá dtagraítear in Airteagal 93a de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais. In éagmais an athchóirithe thuas, bheadh líon na gcásanna beartaithe don Chúirt in 2024 níos airde fós dá bhrí sin.
Ní nach ionadh, baineann iarrataí ar réamhrialú fós leis an gcuid is mó de chásanna a tugadh os comhair na Cúirte in 2024, gan níos lú ná 573 iarraidh ar réamhrialú nua (i gcomparáid le 518 in 2023), ach tá méadú tagtha freisin ar méid na n-achomharc in imeachtaí na Cúirte, ós rud é gurb ionann líon na n-achomharc, na n-achomharc idirlinne agus na n-achomharc ar idirghabháil a tugadh in 2024 agus 277, líon atá níos airde ná líon na n-achomharc a cláraíodh in 2023 (231), ach níos airde freisin ná an uasmhéid a baineadh amach in 2019 (le 266 achomharc nua a tugadh an bhliain sin). Eascraíonn an méadú sin as an iliomad cinntí críochnaitheacha a ghlac an Chúirt Ghinearálta i ndíospóidí idir roinnt dosaen institiúidí baincéireachta agus an Bord Réitigh Aonair. Ós rud é gur chuir an Chúirt Ghinearálta cinntí an orgáin sin maidir le ríomh ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Aonair Réitigh ar neamhní, rinne Comhairle an Aontais Eorpaigh nó na bainc agóid i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta. Dá bhrí sin, tugadh 76 achomharc ar a laghad os comhair na Cúirte Breithiúnais. A mhéid gurbh ionann ábhar na gcásanna sin go bunúsach agus go bhforluíonn na saincheisteanna dlí arna n-agairt ag na hiarratasóirí, shainaithin an Chúirt, ar mhaithe le riaradh cuí an cheartais, cásanna ‘píolótacha’ áirithe agus, le comhaontú na bpáirtithe lena mbaineann, chinn sí láimhseáil na gcásanna eile a chur ar fionraí go dtí go ndéanfar na cinntí atá le teacht sna cásanna píolótacha.
Contrártha leis na tarchuir chun réamhrialú agus na hachomhairc, tháinig laghdú beag ar chaingne díreacha in 2024 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (53 chás nua, i gcomparáid le 60 in 2023), ach go háirithe an chéad chaingean arna tabhairt de bhun na chéad mhíre d’Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, arna tharchur thar ceann Thionól Náisiúnta Phoblacht na Fraince ag Rialtas na Fraince [1], agus dhá chaingean mar gheall ar mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh arna dtabhairt ag an gCoimisiún i gcoinne na Ríochta Aontaithe ar bhonn Airteagal 87(1) den Chomhaontú maidir leis an Stát sin a tharraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. Taisceadh an chaingean an 20 Nollaig 2024, is é sin le rá, cúpla lá roimh dhul in éag na tréimhse ceithre bliana dá dtagraítear san Airteagal thuasluaite den Chomhaontú um Tharraingt Siar, iarrtar leis na gcaingean sin a dhearbhú, ar an gcéad dul síos, gur mhainnigh an Ríocht Aontaithe a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagail 45 agus 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i roinnt airteagal de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh gluaiseacht faoi shaoirse agus cónaí ar chríoch na mBallstát [2] [3] agus, ar an dara dul síos, gur mhainnigh an Stát sin a oibleagáidí a chomhlíonadh faoi roinnt forálacha de na Conarthaí, faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus faoi phrionsabail ghinearálta an dlí trí mhainneachtain lánéifeacht a thabhairt do bhreithiúnas na Cúirte in Achmea [4] agus trí mhainneachtain deireadh a chur le conarthaí déthaobhacha infheistíochta idir an Ríocht Aontaithe agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh [5].
I measc roinnt iarratas ar chúnamh dlíthiúil nó ar chánachas costas, chuir an Coimisiún iarraidh ar thuairim isteach an 13 Meán Fómhair 2024 maidir le cineál (eisiach nó comhroinnte) inniúlacht an Aontais an comhaontú idir Sabhdánacht Óman, ar thaobh amháin, agus an tAontas agus a Bhallstáit, ar an taobh eile, a thabhairt i gcrích i réimse an aeriompair. Spreag an t-iarratas, a cuireadh isteach faoi Airteagal 218(11) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, spéis mhór ós rud é, le heisceacht amháin, gur thíolaic gach Ballstát de chuid an Aontais, chomh maith le Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, barúlacha i scríbhinn maidir leis an gceist a chuir an Coimisiún.
Léiríonn scrúdú níos dlúithe ar ábhar na gcásanna a cuireadh faoi bhráid na Cúirte le bliain anuas go gcomhfhreagraíonn sé, go ginearálta, d’ábhar na mblianta roimhe sin. Mar a tharla roimhe seo, in 2024, tarchuireadh go leor cásanna maidir le hiomaíocht nó le Státchabhair, le cosaint tomhaltóirí agus leis an gcomhshaol nó leis an mbeartas sóisialta agus le hiompar chuig an gCúirt, ach mar sin féin is dócha go mbeidh aird an léitheora ar líon ard na gcásanna a bhaineann le beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus le bearta sriantacha arna nglacadh i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin, chomh maith le líon na gcásanna i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. Tugadh 123 chás ar a laghad, lena n-áirítear 117 n-iarraidh ar réamhrialú, os comhair na Cúirte sa réimse sin in 2024, 40 cás níos mó ná an bhliain roimhe sin. Tháinig go leor acu ón Iodáil.
I ndáil leis sin, is toisc thábhachtach eile í an anailís ar thionscnamh geografach na n-iarrataí ar réamhrialú a cuireadh faoi bhráid na Cúirte in 2024. Cé gur tháinig laghdú suntasach ar líon na dtarchur a rinne cúirteanna na hIodáile in 2023, tháinig méadú tobann ar a líon in 2024, agus sheol cúirteanna na hIodáile beagnach 100 iarraidh ar réamhrialú chuig an gCúirt in 2024 (98, i gcomparáid le 43 in 2023), an líon is airde tarchuir ón Stát sin ó 1952 i leith. A mhalairt maidir le líon na dtarchur a rinne cúirteanna na Gearmáine, ós rud é, le 66 iarratas, gurbh é líon na n-iarrataí ó chúirteanna an Stáit sin an líon is ísle le 15 bhliain anuas — bhí fós 94 iarratas in 2023 agus 140 iarraidh trí bliana níos luaithe (2020) — cé gur fhan líon na dtarchur a rinne cúirteanna na Polainne beagnach mar an gcéanna, agus 47 n-iarraidh arna ndéanamh ag na cúirteanna sin chun na Cúirte in 2024 (i gcomparáid le 48 an bhliain roimhe sin). Leanann cúirteanna na hOstaire, na Bulgáire agus na Beilge iad, in ord, le 39, 38 agus 36 iarraidh ar réamhrialú faoi seach. Ina theannta sin, sa chomhthéacs sin, as na 36 iarraidh a chuir cúirteanna na Beilge isteach, tagann ar a laghad cúig cinn acu ó Chúirt Bhunreachtúil an Stáit sin. Baineann a ceisteanna le hábhair atá chomh héagsúil le cosaint sonraí pearsanta agus cosaint phríobháideachais in earnáil na cumarsáide leictreonaí, comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise agus bailíocht na mbeart arna nglacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar na praghsanna arda fuinnimh, i gcomhthéacs geopholaitiúil atá thar a bheith éiginnte.
Ar deireadh, maidir le réimse na gcásanna práinneacha, tá méadú tagtha ar líon na n-iarrataí ar an nós imeachta brostaithe nó ar an nós imeachta práinne. Cé gur tháinig laghdú suntasach ar líon na n-iarratas den sórt sin sa dá bhliain roimhe sin (le 52 iarratas in 2022 agus 43 iarratas in 2023 faoi seach), tháinig méadú ar an bhfigiúr arís in 2024, le níos mó ná 75 iarratas, gach cineál cás le chéile. Cuireadh an nós imeachta brostaithe i bhfeidhm sé huaire le bliain anuas, mar aon leis an nós imeachta brostaithe, a cuireadh i bhfeidhm freisin i sé chás a bhaineann, faoi seach, le léiriú na bhforálacha maidir le daoine a thabhairt suas chun críche ionchúisimh choiriúil faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile [6], léiriú na bhforálacha maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe [7] agus léiriú an choincheapa ‘tír shábháilte thionscnaimh’ mar a leagtar amach, inter alia, in Airteagail 36, 37 agus 38 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60) [8].
Cé go gcuirfeadh an bhliain seo caite 2019 i gcuimhne duit ar bhealach, i dtéarmaí líon na gcásanna a tugadh os comhair na Cúirte, is fíor fós é an bharúil sin maidir leis na cásanna ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu. In 2024, chuir an Chúirt clabhsúr ar 863 chás, beagnach an líon céanna cásanna ar cuireadh clabhsúr orthu cúig bliana roimhe sin (865 chás). Léiríonn an toradh sin, arb ionann é agus méadú 10 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin inar cuireadh clabhsúr ar 783 chás, iarrachtaí leanúnacha na cúirte déileáil lena hualach oibre, atá ag méadú i gcónaí, i gcomhthéacs ina léirítear, thairis sin, imeacht Comhalta amháin i mí Feabhra 2024 agus bás Comhalta eile le linn a théarma oifige ceithre mhí ina dhiaidh sin. Tráth scríofa na tuarascála seo, ní raibh aon duine curtha in ionad na beirte Comhalta sin go fóill, rud a chuir iallach ar Chúirt inar chóir go mbeadh 27 mbreitheamh feidhmiú ach le 25 bhreitheamh.
Léiriú dílis is ea é, ós rud é gurb ionann iarrataí ar réamhrialú agus achomhairc agus formhór na gcásanna arna dtabhairt os comhair na Cúirte, ní haon ionadh gurb ionann iad freisin agus formhór na gcásanna ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu. Nuair a dhéantar measúnú breise ar conas ar cuireadh clabhsúr ar chásanna le bliain anuas, tabharfar faoi deara gur chuir an Chúirt clabhsúr ar líon níos airde cásanna trí bhreithiúnas. Mar thoradh air sin, socraíodh 595 chás ar an gcaoi sin in 2024, i gcomparáid le 535 chás sa bhliain roimhe sin. Mar mhalairt ar sin, tháinig laghdú beag ar líon na gcásanna a socraíodh le hordú, i gcásanna réamhrialaithe agus in achomhairc araon. Dá bhrí sin, ní raibh sna hachomhairc a socraíodh le hordú ach 40 % de na hachomhairc ar fad ar cuireadh clabhsúr orthu in 2024, agus bhí an céatadán sin fós níos mó ná 50 % bliain roimhe sin agus 60 % in 2022! Is cinnte go mbíonn tionchar ag an bhfachtóir sin ar mheánfhad na n-imeachtaí.
Ós rud é gur shocraigh an Chúirt líon ard achomharc anuraidh, go háirithe i réimsí na hiomaíochta agus na Státchabhrach, tar éis nós imeachta iomlán a bhain le héisteacht agus Tuairim ón Abhcóide Ghinearálta a thabhairt, tháinig méadú ar meánfhad láimhseáil na gcásanna sin ó 13.9 mí in 2023 go 18.4 mí in 2024.
Tháinig méadú ar an meánfhad i leith tarchuir chun réamhrialú agus caingne díreacha a láimhseáil freisin, ach tá raon feidhme níos lú aige ná mar atá in achomhairc. Tháinig méadú ar an meánfhad a glacadh chun iarrataí ar réamhrialú a láimhseáil ó 16,8 mí in 2023 go 17,2 mí in 2024, agus tháinig méadú ar an meánfhad chun caingne díreacha a láimhseáil le linn na tréimhse céanna ó 20,8 mí go 21,5 mí, atá fós laistigh de theorainneacha réasúnta i bhfianaise gur chuir an Chúirt clabhsúr ar líon ard cásanna a bhí ar feitheamh le roinnt blianta agus, go háirithe, na caingne arna dtionscnamh roinnt Ballstát i mí Dheireadh Fómhair 2020 i gcoinne na rialacha arna nglacadh ag reachtas an Aontais maidir le bunú agus cabatáiste, uas-amanna tiomána agus tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar. Cinneann breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2024 go comhpháirteach 15 chaingean agus tá beagnach 1 500 mír ann [9].
Mar thoradh ar na fachtóirí sin, go loighciúil, tagann méadú ar mheánfhad na n-imeachtaí os comhair na Cúirte, arbh ionann é agus 17.7 mí in 2024, i gcomparáid le 16.1 mí sa bhliain roimhe sin, i ngach cineál cás. Mar mhalairt ar sin, maidir le cásanna atá faoi réir an nós imeachta brostaithe, ar gá faireachas breise a dhéanamh orthu i gcónaí i bhfianaise na réimsí íogaire a chumhdaítear leo, ba cheart a thabhairt faoi deara gur tháinig méadú ar mheánfhad a láimhseála ó 4.3 mí in 2023 go 3.3 mí in 2024, atá an-ghar don mheánfhad a beartaíodh nuair a tugadh isteach an nós imeachta sin i mí an Mhárta 2008 [10].
Maidir le miondealú na gcinntí arna dtabhairt ag foirmíocht na Cúirte, tá méadú suntasach tagtha ar líon na gcinntí arna dtabhairt ag Mór-Dhlísheomra na Cúirte. In 2024, chuir an fhoirmíocht sin clabhsúr ar 75 chás, i gcomparáid le 36 chás bliain roimhe sin. Mínítear an figiúr sin, mar atá feicthe againn, leis an rialachán maidir le grúpa de 15 chás ghaolmhara a bhaineann le rialacha iompair Eorpacha, ach freisin leis an athnuachan pháirteach ar chomhdhéanamh na Cúirte i mí Dheireadh Fómhair 2024. Ós rud é gur tháinig deireadh le téarma oifige líon mór breithiúna i mí Dheireadh Fómhair 2024, b’éigean cinneadh a dhéanamh sna cásanna ina raibh na breithiúna sin ina suí roimh a n-imeacht chun fadhbanna cúraim a sheachaint. Rinneadh líon mór de na cásanna sin a tharchur os comhair an Mhór-Dhlísheomra.
Cé gurb ionann sciar is mó cásanna ar cuireadh clabhsúr orthu in 2024 agus cásanna ó Dhlísheomraí le triúr breithiúna, arb ionann é agus 46 % ar a laghad de chásanna ar cuireadh clabhsúr orthu trí bhreithiúnais nó orduithe de chineál breithiúnach, tá méadú ag teacht ar sciar na gcásanna ó Dhlísheomraí le cúigear Breithiúna i gcónaí mar sin féin agus arbh ionann é agus 42 %. Ba é líon iomlán na gcásanna ar chuir na foirmíochtaí sin clabhsúr orthu in 2024, faoi seach, 359 gcás do Dhlísheomraí le triúr Breithiúna iontu — lena n-áirítear an Dlísheomra a chinneann an bhféadfar dul ar aghaidh le hachomhairc — agus 324 chás do Dhlísheomraí le cúigear Breithiúna. Bliain roimhe sin, b’ionann an líon sin agus 381 chás (Dlísheomraí le triúr breithiúna) agus 298 gcás (Dlísheomraí le cúigear breithiúna).
Ar deireadh, ba cheart a thabhairt faoi deara gur thug an Chúirt cinneadh ina foirmíocht is sollúnta in 2024 (an Chúirt Iomlán): breithiúnas an 30 Aibreán 2024, sa dara cás ‘Quadrature du Net’. D’iarr Comhairle Stáit na Fraince ar an gCúirt, arís eile, soiléiriú breise tábhachtach a sholáthar maidir le léiriú Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), arna leasú le Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009, arna léamh i bhfianaise na Cairte um Chearta Bunúsacha [11].
Cé go raibh líon na gcásanna ar chuir an Chúirt clabhsúr orthu in 2024 thar a bheith ard, mar atá feicthe againn, tá sé fós níos ísle, áfach, ná líon na gcásanna a tugadh an bhliain sin, agus is é an iarmhairt loighciúil atá air sin gur tháinig méadú ar líon na gcásanna atá ar feitheamh os comhair na cúirte, arbh ionann é agus 1 206 chás an 31 Nollaig 2024. Is é seo an líon is airde a taifeadadh riamh i stair na Cúirte. Léiríonn sé gan amhras an mhuinín atá ag saoránaigh agus cúirteanna Bhallstáit an Aontais Eorpaigh sa Chúirt Bhreithiúnais as réiteach a fháil ar na ceisteanna maidir le léiriú dhlí an Aontais atá rompu, ach leagann sé béim freisin ar thábhacht fhoriomlán an athchóirithe reachtaigh a tháinig i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair 2024, ós rud é go bhféachtar leis an ualach oibre idir an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta a athchothromú trí dhlínse na Cúirte Breithiúnais réamhrialuithe a thabhairt a aistriú chuig an gCúirt Ghinearálta.
Ar ndóigh, tá sé róluath ag an gcéim seo an t-athchóiriú sin a mheas, ach tabharfar aird ar fhorbairt líon na gcásanna a thugtar os comhair na Cúirte, go háirithe sna réimsí sonracha a chumhdaítear leis an aistriú dlínse, chun measúnú a dhéanamh ar thionchar an athchóirithe sin, ar láimhseáil na gcásanna a bhaineann leis an gCúirt Ghinearálta agus ar ualach oibre na Cúirte agus ar fhad láimhseáil na gcásanna, ar cheann de na fachtóirí é ba chúis le hiarraidh ar leasú ar an Reacht.
*****
[1] Cás C-553/24, Assemblée nationale v Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/1351 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bainistiú tearmainn agus imirce, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1147 agus (AE) 2021/1060 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (IO L an 22 Bealtaine 2024).
[2] IO L 158, 30 Aibreán 2004, lch. 77.
[3] Cás C-892/24, an Coimisiún v Ríocht Aontaithe.
[4] Breithiúnas an 6 Márta 2018, Achmea (C-284/16, (EU:C:2018:158).
[5] Cás C-894/24, an Coimisiún v Ríocht Aontaithe.
[6] Cásanna C-202/24, Alchaster (breithiúnas an 29 Iúil 2024, EU:C:2024:649) agus C-743/24, Alchaster II.
[7] Cásanna Uamtha C-244/24 agus C-290/24, Kaduna (breithiúnas an 19 Nollaig 2024, EU:C:2024:1038).
[8] Cásanna Uamtha C-758/24 agus C-759/24 Alace agus Canpelli.
[9] Cásanna Uamtha C-541/20 go C-555/20, an Liotuáin agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle (Pacáiste Soghluaisteachta), EU:C:2024:818.
[10] Féach, ina leith sin, an dearbhú a ghlac an Chomhairle an 20 Nollaig 2007, ar imeall ghlacadh a cinnidh lena leasaítear an Prótacal ar Reacht na Cúirte Breithiúnais, ar dá réir ‘gur cheart an nós imeachta práinne um réamhrialú a chuir ar clabhsúr laistigh de thrí mhí’ (IO L 24 an 29 Eanáir 2008, lch. 44).
[11] Cás C-470/21, Quadrature du Net agus páirtithe eile (Sonraí Pearsanta agus an Comhrac in aghaidh Góchumadh), EU:C:2024:370.
Statistics of judicial activity in a number of previous years can also be consulted on the Curia website in the ‘History' section.