Ar aghaidh go dtí an príomhábhar



Rialacha slándála agus rialacha iompraíochta

Ní mór do chuairteoirí sa Chúirt Bhreithiúnais na rialacha slándála agus rialacha iompraíochta seo a leanas a urramú:

  • De bharr seiceálacha slándála, ní mor do chuairteoirí cloí go docht leis an amchlár dá gcuairt.
  • Iarrtar ar chuairteoirí iad féin a iompar go discréideach agus le srian le linn na cuairte chuig an gCúirt Bhreithiúnais, agus a bheith gléasta go cuí.
  • Iarrtar ar chuairteoirí a fhreastalaíonn ar éisteacht phoiblí dul chuig a suíochán i seomra na cúirte roimh thús na héisteachta; ní bheidh iontráil nó imeacht ceadaithe le linn na héisteachta. Ní mór do chuairteoirí fanacht i dtost le linn cur i láthair na n-argóintí ó bhéal. Tá coisc ar bhia agus deoch laistigh de sheomraí na cúirte agus na seomraí cruinnithe.
  • Tá coisc ar ghrianghrafadóireacht agus taifeadadh le linn éisteachtaí.  Chun trasnaíocht leis an trealamh ateangaireachta a sheachaint, ní mór gutháin a mhúchadh.
  • Ní mór cárta aitheantais a bheith ag gach cuairteoir, agus é a chaitheamh go feiceálach le linn na cuairte. Mar gheall ar chúiseanna slándála, níl cead ag cuairteoirí a bheith ach amháin in áiteanna a áirítear ar chlár na cuairte.
  • Iarrtar ar cheannairí grúpa maoirseacht a dhéanamh ar na cuairteoirí le linn na cuairte chuig an gCúirt Bhreithiúnais.
  • Bhí ar an gCúirt Bhreithiúnais slándáil a dhéanamh níos doichte maidir le cead isteach sna foirgnimh.  Mar sin iarrtar ar chuairteoirí cloí go hiomlán le treoir na gardaí slándála nó an treoraí fáiltigh. Tabhair faoi deara go ndéanfar seiceáil ar mhálaí na gcuairteoirí ar theacht isteach.
  • Tá cosc ar chaitheamh tabac i bhfoirgnimh na Cúirte.