Couleur Chapitre | Zinnwaldite Brown |
Image Chapitre |
![]() |
Titre d'image Chapitre (infobulle) | |
Texte alternatif d'image Chapitre | |
Contenu |
Foráiltear le treoir de chuid dhlí an Aontais nach bhfuil tomhaltóirí faoi réir téarmaí éagóracha i gconradh arna chur i gcrích le díoltóir nó soláthróir. Thug an Chúirt Bhreithiúnais rialú ar neart cásanna sa réimse seo agus shoiléirigh sí raon feidhme fhorálacha na treorach sin. I dtosach báire, shoiléirigh an Chúirt go bhfuil ceanglas ar chúirteanna náisiúnta scrúdú a dhéanamh, as a stuaim féin, cé acu an féidir go bhfuil téarma conartha éagórach. Ní cheadaítear faoin riail sin, a bhfuil feidhm aici i leith imeachtaí dócmhainneachta freisin, do na cúirteanna ábhar an téarma sin a leasú; ní féidir leo ach gan an téarma sin a chur i bhfeidhm (breithiúnais an 4 Meitheamh 2009, Pannon GSM, C 243/08; an 21 Aibreán 2016, Radlinger agus Radlingerová, C-377/14; an 14 Meitheamh 2012, Banco Español de Crédito, C-618/10). Ina theannta sin, ní féidir srianta ama a chur i bhfeidhm ar iarmhairtí na neamhbhailíochta de chuid “clásail íosráta ríofa” (clásail lena n éilítear ar an tomhaltóir íosmhéid úis a íoc) atá áirithe i gconarthaí iasachta morgáiste arna gcur i gcrích le tomhaltóirí (breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Gutiérrez Naranjo, C-154/15, C-307/15 agus C-308/15). Ar deireadh, i gcás ina ndeonaíonn institiúid airgeadais iasacht in airgeadra eachtrach, ní foláir dó eolas dóthanach a chur ar fáil don iasachtaí chun go bhféadfaidh sé cinneadh eolach agus stuama a dhéanamh (breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2017, Andriciuc e.a., C-186/16). |
Document |