Couleur Chapitre | Gris Tipographie |
Image Chapitre |
![]() |
Titre d'image Chapitre (infobulle) | |
Texte alternatif d'image Chapitre | |
Contenu |
I ré na teicneolaíochta faisnéise agus an idirlín, tá urraim do phríobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta thar a bheith íogair mar ábhair. Thug an Chúirt freagra, go háirithe, ar dhá cheist sa réimse sin: an bhfuil “an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad” ar innill chuardaigh agus an leor an chosaint do shonraí pearsanta de chuid shaoránaigh an Aontais laistigh agus lasmuigh den Aontas? In 2014, chinn an Chúirt gurbh ann do “ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad” ar innill chuardaigh. Dá réir sin, i gcás inar mian le duine nach dtiocfaidh nasc chuig eolas faoina shaol príobháideach chun cinn nuair a dhéantar cuardach ar a ainm, is féidir leis a iarraidh ar oibritheoir an innill cuardaigh, an nasc sin a bhaint ón liosta torthaí, agus i gcás a dhiúltaithe, is féidir leis an méid sin a iarraidh ar na húdaráis inniúla. Mar sin féin, dhearbhaigh an Chúirt, i gcásanna áirithe, gur féidir ceart an phobail chun faisnéise treis a ghabháil ar iarratas ar nasc a bhaint (breithiúnas an 13 Bealtaine 2014, Google Spain agus Google, C-131/12). In 2015, dhearbhaigh an Chúirt, ar a bharr sin, go raibh cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh lenar ceadaíodh do Facebook sonraí pearsanta a úsáideoirí Eorpacha a aistriú chuig na Stáit Aontaithe neamhbhailí, go háirithe toisc nár áirithíodh leis an gcinneadh sin cosaint leordhóthanach i gcoinne rochtain a bheith ag na húdaráis Mheiriceánacha ar na sonraí arna n-aistriú ó thíortha an Aontais (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2015, Schrems, C-362/14). |
Document |