Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

CEARTA PAISINÉIRÍ AERLÍNE

Couleur Chapitre Vivid Cerulean
Image Chapitre
Titre d'image Chapitre (infobulle)
Texte alternatif d'image Chapitre
Contenu

Faigheann trí bhilliún paisinéir eitiltí gach bliain. Tá breithiúnais tugtha ag an gCúirt ar a gcearta agus, go háirithe, tá freagra tugtha aici ar cheist a thagann chun cinn go minic: cad iad na cásanna ina gcaithfidh cuideachta aerlíne cúiteamh a íoc lena paisinéirí agus cad iad na coinníollacha lena mbaineann?

In 2009, dhearbhaigh an Chúirt go bhfuil ceart chun cúiteamh a fháil ag paisinéirí a bhfuil moill trí uair an chloig nó níos mó ar a n-eitilt, mar is amhlaidh i gcás paisinéirí ar cuireadh a n-eitilt ar ceal orthu, mura féidir leis an gcuideachta aerlíne a chruthú go bhfuil an mhoill sin ann de bharr imthosca urghnácha nach raibh neart iarbhír aici orthu (breithiúnas an 19 Samhain 2009, Sturgeon, C-402/07). Shonraigh an Chúirt ansin nach imthosca urghnácha é imbhualadh staighre soghluaiste bordála agus eitleáin ná an chuid is mó de na fadhbanna teicniúla nach mbítear ag súil leo agus mar gheall air sin, ní chuirtear bac leo ar an gceart chun cúiteamh a fháil (breithiúnas an 21 Samhain 2014, Siewerte e.a., C-394/14; breithiúnas an 17 Meán Fómhair 2015, van der Lans, C-257/14).

In 2014, dhearbhaigh an Chúirt freisin go dtagraítear le ham sroichte iarbhír na heitilte don uair a osclaítear ceann amháin de dhorais an eitleáin ar a laghad. Ní ach go dtí go gceadaítear do na paisinéirí an t-aerárthach a fhágáil gur féidir leo dul i mbun a ngnóthaí arís gan srianta (breithiúnas an 4 Meán Fómhair 2014, Germanwings, C-452/13).

Document