Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

AN SPÓRT

Couleur Chapitre Orange
Image Chapitre
Titre d'image Chapitre (infobulle)
Texte alternatif d'image Chapitre
Contenu

Iarradh ar an gCúirt, roinnt uaireanta, díospóidí a réiteach maidir le spórt, go bunúsach, agus go háirithe maidir leis an gceart chun faisnéise agus inrochtaineacht craoltaí maidir le comórtais spóirt.

In 1995, dhearbhaigh an Chúirt gur oibrithe iad imreoirí sacair agus, dá bhrí sin, go bhfuil saoirse acu chun glacadh le fostaíocht leis an gclub a roghnaíonn siad ag deireadh a gconartha gan an club nua a bheith freagrach as táille a íoc i ndáil leis sin. Ó tugadh an breithiúnas sin, is féidir le clubanna sacair foireann a ainmniú le haghaidh craobhchomórtas náisiúnta nach bhfuil aon imreoir inti a bhfuil náisiúntacht na tíre aige ina bhfuil an craobhchomórtas ar siúl (breithiúnas an 15 Nollaig 1995, Bosman, C-415/93).

In 2013, dhearbhaigh an Chúirt, de bhreis air sin, gur féidir a cheangal ar na Ballstáit go ndéanfar na cluichí sacair i gCorn an Domhain agus an EURO a chraoladh saor in aisce (breithiúnas an 18 Iúil 2013, UEFA agus FIFA Commission, C-201/11 e.a.). In 2013 freisin, chinn an Chúirt gur féidir leis na húdaráis srian a chur ar tháillí craolta i gcomhair sleachta gairide ó chluichí sacair, sa chaoi gur féidir le cainéil teilifíse tuairiscí gairide nuachta a dhéanamh ar chostas níos lú (breithiúnas an 22 Eanáir 2013, Sky Österreich, C-283/11).

Document