Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

COSAINT AN CHOMHSHAOIL

Couleur Chapitre Maximum Green
Image Chapitre
Titre d'image Chapitre (infobulle)
Texte alternatif d'image Chapitre
Contenu

Is minic a bhí deis ag an gCúirt breith a thabhairt ar chúrsaí comhshaoil, de bharr an mhéid beart a ghlacann an tAontas Eorpach sa réimse sin. Mar sin, tá breitheanna tugtha ag an gCúirt cheana féin ar chosaint neart speiceas ainmhí (éin, toirtísí, hamstair, lincse, etc.), ar chóireáil dramhaíola agus ar chóireáil fuíolluisce uirbigh, ar chomhlíonadh teorainnluachanna dé-ocsaíde nítrigine, ar na rialacha maidir le margú táirgí róin nó ar chuótaí astaithe gáis ceaptha teasa.

Faoin “nós imeachta um shárú dúbailte” (mar gheall ar mhainneachtain Bhallstáit an chéad bhreithiúnas arna thabhairt ina choinne a chomhlíonadh), chuir an Chúirt pionóis airgeadais — pionóis shuntasacha i gcásanna áirithe — dá bharr ar Bhallstáit a mhainnigh breithiúnais na Cúirte maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhlíonadh. Dá réir sin, ba ar an Iodáil a gearradh an méid socraithe is mó (EUR 40 milliún) in 2014 i leith rialacha an Aontais maidir le cóireáil dramhaíola a shárú (breithiúnas an 2 Nollaig 2014, an Coimisiún v an Iodáil, C-196/13). Ba ar an bhFrainc a gearradh an fhíneáil is troime (EUR 57.77 milliún i gcomhair gach tréimhse moille sé mhí) as mainneachtain na rialuithe cearta a dhéanamh ar iascaireacht iasc áirithe (colmóir faoin íosmhéid arna ceangal ag an Aontas) (breithiúnas an 12 Iúil 2005, an Coimisiún v an Fhrainc, C-304/02).

Document