Couleur Chapitre | Charcoal |
Image Chapitre |
![]() |
Titre d'image Chapitre (infobulle) | |
Texte alternatif d'image Chapitre | |
Contenu |
Tar éis na mbreithiúnas in Kohll agus Decker, bhí roinnt deiseanna ag an gCúirt Bhreithiúnais léirmhíniú a dhéanamh ar Rialachán 1971, in dhá phríomhréimse: cúram sceidealta agus cúram neamhsceidealta d’othair. Cúramsceidealtad’othairchónaitheacha I gcás gur diúltaíodh go mícheart don údarú is gá le haghaidh cúram othar cónaitheach atá sceidealta i mBallstát eile agus go ndeonaítear é, ar chúis éigin, tar éis an chúraim sin, tá an t-othar i dteideal aisíocaíocht ar na costais a tabhaíodh ar an mbealach céanna amhail is dá mbeadh an t-údarú deonaithe in am trátha (12 Iúil 2001, Vanbraekel e. a., C-368/98).
Má táthar chun an t-údarú atá ag teastáil ó othar chun cóireáil a fháil in ospidéal thar lear a dhiúltú ar an bhforas go bhféadfadh sé an chóireáil a fháil, tar éis tréimhse feithimh áirithe, in ospidéal ina thír féin, ní mór do na húdaráis náisiúnta deimhin a dhéanamh de nach mbeidh an t-am feithimh atá socraithe ag dul thar thréimhse a bheadh inghlactha ó thaobh leighis de i bhfianaise staid sláinte agus riachtanais chliniciúla an othair (16 Bealtaine 2006, Watts, C-372/04). Ina theannta sin, ní féidir an réamhúdarú a dhiúltú i gcás go gcuirfeadh easpa soláthairtí leighis fíor-riachtanacha cosc ar an othar cóireáil ospidéil a fháil in am trátha ina thír féin (9 Deireadh Fómhair 2014, Petru, C-268/13).
Os a choinne sin, féadfar réamhúdarú a dhiúltú mura gcumhdaítear na sochair leighis a sholáthraítear thar lear faoi chóras slándála sóisialta an othair. Mar sin féin, má tá an modh cóireála a chuirtear i bhfeidhm thar lear ar aon dul le sochair a chumhdaítear i mBallstát an othair, ní féidir réamhúdarú a dhiúltú ar an bhforas nach bhfuil an modh sin á chleachtadh sa Bhallstát sin (5 Deireadh Fómhair 2010, Elchinov, C-173/09).
Sa chás go bhfuil údarú faighte ag othar le haghaidh cóireáil in ospidéal i mBallstát eile agus go bhfuil cuid de chostais chóireála an ospidéil á híoc aige, féadfaidh sé a iarraidh ar a chiste árachais sláinte na costais sin go léir nó cuid díobh a aisíoc de réir chostas na cóireála coibhéisí ina thír féin (16 Bealtaine 2006, Watts, C-372/04). Cúram neamhsceidealta d’othair chónaitheacha Foráiltear le Rialachán 1971, arna ionadú le Rialachán Uimh. 883/2004, go bhfuil duinefostaithe nó féinfhostaithe a dteastaíonn cóireáil sláinte uaidh láithreach le linn fanacht i mBallstát eile (cóireáil éigeandála leighis) i dteideal an chóireáil sin a bheith cumhdaithe ag a chiste árachais sláinte, gan réamhúdarú a fháil ón gciste sin, de réir na dtaraifí a chuirtear i bhfeidhm sa tír chóireála. Sa chás go dtaistealaíonn pinsinéir chuig Ballstát eile agus go gcaitheann sé cóireáil éigeandála ospidéil a fháil ansin, ní féidir lena chiste árachais sláinte cumhdach na gcostas leighis a chur faoi réir réamhúdaraithe nó faoi choinníoll go mbeadh an tinneas atá ar an duine sin tagtha air go tobann, cé go bhfuil an riachtanas sin i bhfeidhm maidir le daoine fostaithe agus féinfhostaithe. An chúis atá leis an difríocht sa chóireáil idir pinsinéirí agus oibrithe ná go bhfuil reachtas an Aontais ag iarraidh tacú le soghluaisteacht éifeachtach na bpinsinéirí agus aird á tabhairt ar a leochaileacht agus ar an spleáchas níos mó a ghabhann leo ó thaobh cúrsaí sláinte de. (25 Feabhra 2003, IKA, C-326/00). Ina theannta sin, má thugtar cóireáil do dhuine a bhfuil réamhúdarú aige i mBallstát eile agus má chinneann dochtúirí an Stáit sin é a aistriú, ar fhorais phráinne leighis, chuig ospidéal atá lonnaithe i Stát nach cuid den Aontas é (an Eilvéis, mar shampla), is féidir leis an othar a theidlíocht cumhdaigh a choinneáil i leith na gcostas leighis. Caithfidh ciste árachais sláinte an othair muinín a bheith acu as na dochtúirí sa Bhallstát cóireála, toisc gurb iad siúd na daoine is fearr chun an chóireáil atá ag teastáil ón othar a mheas (12 Aibreán 2005, Keller, C-145/03). Ar deireadh, i gcás ina ndéantar cóireáil éigeandála in ospidéil a sholáthar le linn turas i mBallstát eile, tá ciste árachais sláinte an othair in ann diúltú d’aisíoc na gcostas atá le híoc ag an othar féin i Stát na cóireála (mar shampla, ranníocaíocht an othair féin) (15 Meitheamh 2010, an Coimisiún v an Spáinn, C-211/08).
|
Document |