Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

CÁSDLÍ NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS MAIDIR LEIS AN tSAOIRSE CHUN SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR

Couleur Chapitre Olive Drab
Image Chapitre
Titre d'image Chapitre (infobulle)
Texte alternatif d'image Chapitre
Contenu

Tar éis an bhreithiúnais in Kohll in 1998, shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais a cásdlí i gcásanna go gcinneann duine cóireáil a fháil i mBallstát eile faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar seachas ar bhonn Rialachán 1971. Baineann an soiléiriú seo le cóireáil leighis sceidealta amháin (cúram othar seachtrach nó cónaitheach), agus ní le cóireáil éigeandála leighis (cóireáil gan choinne).

Cúram sceidealta d’othair sheachtracha nach gcuirtear ar fáil san ospidéal

I gcomhréir leis an mbreithiúnas in Kohll, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil réamhúdarú ag teastáil le haghaidh cúram othar seachtrach nár soláthraíodh san ospidéal agus a sholáthair soláthraithe neamhchonarthacha i mBallstát eile (13 Bealtaine 2003, Müller-Fauré agus Van Riet, C-385/99). Ina theannta sin, ní féidir leis na Ballstáit cumhdach na gcostas a ghabhann le leigheas spá thar lear a chur faoi réir an choinníll go mbeadh seans i bhfad níos fearr go n-éireoidh le leigheas den sórt sin (18 Márta 2004, Leichtle, C-8/02).

Ina theannta sin, ní mór do na Ballstáit foráil a dhéanamh ina reachtaíocht náisiúnta go bhféadfadh daoine árachaithe aisíocaíocht a fháil i leith na gcostas a ghabhann le hanailisí leighis agus tástálacha saotharlainne a dhéantar i mBallstát eile (27 Eanáir 2011, an Coimisiún v Lucsamburg, C-490/09). Thairis sin, níl sé ceadaithe do Bhallstáit an cumhdach do chúram othar seachtrach a sholáthraítear thar lear a shrianadh do chás eisceachtúil ina bhfuil sé thar chumas an chórais cúraim sláinte náisiúnta an chóireáil atá ag teastáil a sholáthar don othar atá cleamhnaithe leis an gcóras sin (27 Deireadh Fómhair 2011, an Coimisiún v an Phortaingéil, C-255/09).

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais, áfach, go bhféadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh aisíocaíocht i leith cúram othar seachtrach a chuirtear ar fáil i mBallstát eile faoi réir réamhúdarú i gcás go bhfuil gá le trealamh trom leighis a úsáid leis an gcóireáil sin (mar shampla IAM (MRI) nó PET-SCAN (TAM)). I bhfianaise nádúr an- trom an trealaimh sin, ní foláir go mbeadh sé indéanta, cosúil le seirbhísí ospidéil, go mbeadh an trealamh faoi réir beartais phleanála d’fhonn a chinntiú, ar fud na críche náisiúnta, go mbeadh cúram atá réasúnaithe, cobhsaí, cothrom agus inrochtana ar fáil agus d’fhonn aon chur amú acmhainní airgeadais, teicniúla agus daonna a sheachaint. Mar sin, is ionann riachtanas réamhúdaraithe don chineál sin cúraim agus srian ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a bhfuil údar leis (5 Deireadh Fómhair 2010, an Coimisiún v an Fhrainc, C-512/08).

Cúram sceidealta d’othair chónaitheacha

Chinn an Chúirt Bhreithiúnais, i gcodarsnacht le cúram othar seachtrach nach ndéantar in ospidéal (féach an leathanach roimhe seo), go bhfuil údar leis an riachtanas maidir le réamhúdarú le haghaidh cóireáil ospidéil mar gheall ar an ngá go gcinnteofaí go bhfuil rochtain leordhóthanach agus bhuan ar raon cothrom de chóireáil ospidéil ar ardchaighdeán sa Bhallstát lena mbaineann, chun costais a choimeád faoi smacht agus chun aon chur amú acmhainní airgeadais, teicniúla agus daonna a sheachaint. Ag an am céanna, chinn an Chúirt nach mór do na coinníollacha chun réamhúdarú den chineál sin a fháil a bheith neamh- idirdhealaitheach agus comhréireach agus go mbeadh údar leo (12 Iúil 2001, Smits agus Peerboms, C-157/99). Dá réir sin, le haghaidh cóireáil ospidéil sceidealta, teastaíonn réamhúdarú i gcónaí, bíodh sé chun cumhdach a fháil le haghaidh cóireáil den sórt sin de réir na dtaraifí a chuirtear i bhfeidhm i dtír na cóireála (Rialacháin 2004 agus 2009) nó de réir na dtaraifí a chuirtear i bhfeidhm i dtír an othair (Treoir 2011).

Is féidir an réamhúdarú a dhiúltú más ann do chóireáil chomhchosúil nó a bhfuil an éifeacht chéanna aici agus atá ag an gcóireáil atá beartaithe thar lear i dtír an othair, agus más féidir an chóireáil sin a sholáthar in am trátha i dtír an othair. Chuige sin, caithfidh na húdaráis náisiúnta riocht sláinte agus stair liachta an othair, cúrsa dóchúil na breoiteachta agus méid an phian nó nádúr an mhíchumais a chur san áireamh (13 Bealtaine 2003, Müller-Fauré agus Van Riet, C-385/99).

Ní féidir le Ballstát aisíocaíocht chostais an ospidéil a theorannú do chatagóirí áirithe daoine (leanaí mar shampla) nó de réir nádúr poiblí nó príobháideach an ospidéil a sholáthraíonn an chóireáil. Bheadh eisiamh chomh leathan sin ar aisíocaíocht costas cóireáil ospidéil contrártha do dhlí AE, ós rud é go gcuirfí drogall nó fiú cosc leis ar othair dul isteach san ospidéal i mBallstáit eile (19 Aibreán 2007, Stamatelaki, C-444/05).

Ar deireadh, má tá na taraifí atá i bhfeidhm i dtír na cóireála maidir leis an gcóireáil ospidéil lena mbaineann níos ísle ná na taraifí is infheidhme i dtír an othair, tá an t othar i dteideal aisíocaíocht bhreise a fháil atá ag teacht leis an difríocht idir an dá tharaif sin (‘an méid breise difreálach’) (12 Iúil 2001, Vanbraekel e. a. C-368/98).

Document