Couleur Chapitre | Tropical rain forest |
Image Chapitre |
![]() |
Titre d'image Chapitre (infobulle) | |
Texte alternatif d'image Chapitre | |
Contenu |
Tá feidhm ag prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise, go bunúsach, i réimse na fostaíochta agus an tsaothair, cibé acu ó thaobh cúrsaí earcaíochta, feidhmiú gníomhaíochtaí nó cearta pinsin de. Ó 2010, tá sé cinnte ag an gCúirt roinnt uaireanta, nach féidir, go ginearálta, teorainn aoise a leagan síos i dtaca le hearcú i ngairmeacha áirithe. D’fhéadfaí nach amhlaidh an cás nuair a bhíonn cumais fhisiciúla áirithe ina riachtanas gairme dáiríre cinntitheach chun an ghairm a shaothrú (mar shampla i gcás comhraiceoirí dóiteáin a bhfuil baint dhíreach acu le tinte a chomhrac nó le póilíní a n-éilíonn a ndualgais fórsa fisiciúil a úsáid) (breithiúnais an 12 Eanáir 2010, Wolf, C-229/08; 13 Samhain 2014, Vital Pérez, C-416/13; 15 Samhain 2016, SalaberriaSorondo, C-258/15). I gcodarsnacht leis sin, d’aithin an Chúirt go bhféadfadh scor éigeantach oibrithe ag 65 bliana d’aois a bheith incheadaithe má tá sin dírithe ar dháileadh oibre níos fearr a chinntiú idir na glúnta agus, go háirithe, chun dífhostaíocht a choinneáil faoi smacht agus i gcás ina bhfuil na hoibrithe lena mbaineann i dteideal pinsean scoir leordhóthanach a tharraingt (breithiúnas an 16 Deireadh Fómhair 2007, Palacios de la Villa, C 411/05). Ar an gcuma chéanna, mheas an Chúirt gur teorainn bhailí í an teorainn aoise 65 bliana atá leagtha síos i ndlí an Aontais do phíolótaí aerárthaí tráchtála atá ag iompar paisinéirí, lasta nó poist. Tá údar léi de bharr na haidhme sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a chinntiú (breithiúnas an 5 Iúil 2017, Fries, C-190/16). Chinn an Chúirt, áfach, gur idirdhealú ar fhorais aoise é an toirmeasc glan ar phíolótaí aerlíne a ngníomhaíocht phíolótach a dhéanamh os cionn 60 bliana d’aois toisc go dtéann toirmeasc den sórt sin níos faide ná mar is gá chun cosaint sábháilteachta aerthráchta a chinntiú (breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2011, Prigge e.a., C-447/09). Ina theannta sin, chinn an Chúirt nach dtugann an cuspóir oibrithe scothaosta dífhostaithe a imeascadh sa saol oibre údar do reachtaíocht náisiúnta lena n-údaraítear, gan srianta, conarthaí fostaíochta ar théarma seasta a thabhairt i gcrích i gcás gach oibrí os cionn 52 bliana d’aois, cibé acu a bhí nó nach raibh siad dífhostaithe sular tugadh an conradh i gcrích agus cibé fad a mhair aon tréimhse dífhostaíochta (breithiúnas an 22 Samhain 2005, Mangold, C-144/04). Chinn an Chúirt freisin go raibh idirdhealú ann nuair a coimeádadh liúntas téarfa ó oibrithe ar an bhforas go bhféadfaidís pinsean scoir a tharraingt (breithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 2010, Andersen, C-499/08). Ar deireadh, thug an Chúirt dá haire, fiú amháin i ndíospóidí idir daoine príobháideacha, go gcaithfidh cúirt náisiúnta a chinntiú go gcomhlíontar prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise, diúltú, más gá, do chur i bhfeidhm aon fhoráil de reachtaíocht náisiúnta atá contrártha leis an bprionsabal sin (breithiúnas an 19 Aibreán 2016, Dansk Industri, C-441/14). |
Document |