Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Idirdhealú ar fhorais aoise

Couleur Chapitre Tropical rain forest
Image Chapitre
Titre d'image Chapitre (infobulle)
Texte alternatif d'image Chapitre
Contenu

Tá feidhm ag prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise, go bunúsach, i réimse na fostaíochta agus an tsaothair, cibé acu ó thaobh cúrsaí earcaíochta, feidhmiú gníomhaíochtaí nó cearta pinsin de.

Ó 2010, tá sé cinnte ag an gCúirt roinnt uaireanta, nach féidir, go ginearálta, teorainn aoise a leagan síos i dtaca  le hearcú i ngairmeacha áirithe. D’fhéadfaí nach amhlaidh an cás nuair a bhíonn cumais fhisiciúla áirithe ina riachtanas gairme dáiríre cinntitheach chun an ghairm a shaothrú (mar shampla i gcás comhraiceoirí dóiteáin a bhfuil baint dhíreach acu le tinte a chomhrac nó le póilíní a n-éilíonn a ndualgais fórsa fisiciúil a úsáid) (breithiúnais an 12 Eanáir 2010, Wolf, C-229/08; 13 Samhain 2014, Vital Pérez, C-416/13; 15 Samhain 2016, SalaberriaSorondo, C-258/15).

I gcodarsnacht leis sin, d’aithin an Chúirt go bhféadfadh scor éigeantach oibrithe ag 65 bliana d’aois a bheith incheadaithe má tá sin dírithe ar dháileadh oibre níos fearr a chinntiú idir na glúnta agus, go háirithe, chun dífhostaíocht a choinneáil faoi smacht agus i gcás ina bhfuil na hoibrithe lena mbaineann i dteideal pinsean scoir leordhóthanach a tharraingt (breithiúnas an 16 Deireadh Fómhair 2007, Palacios de la Villa, C 411/05). Ar an gcuma chéanna, mheas an Chúirt gur teorainn bhailí í an teorainn aoise 65 bliana atá leagtha síos i ndlí an Aontais do phíolótaí aerárthaí tráchtála atá ag iompar paisinéirí, lasta nó poist. Tá údar léi de bharr na haidhme sábháilteacht na heitlíochta sibhialta a chinntiú (breithiúnas an 5 Iúil 2017, Fries, C-190/16). Chinn an Chúirt, áfach, gur idirdhealú ar fhorais aoise é an toirmeasc glan ar phíolótaí aerlíne a ngníomhaíocht phíolótach a dhéanamh os cionn 60 bliana d’aois toisc go dtéann toirmeasc den sórt sin níos faide ná mar is gá chun cosaint sábháilteachta aerthráchta a chinntiú (breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2011, Prigge e.a., C-447/09).

Ina theannta sin, chinn an Chúirt nach dtugann an cuspóir oibrithe scothaosta dífhostaithe a imeascadh sa saol oibre údar do reachtaíocht náisiúnta lena n-údaraítear, gan srianta, conarthaí fostaíochta ar théarma seasta a thabhairt i gcrích i gcás gach oibrí os cionn 52 bliana d’aois, cibé acu a bhí nó nach raibh siad dífhostaithe sular tugadh an conradh i gcrích agus cibé fad a mhair aon tréimhse dífhostaíochta (breithiúnas an 22 Samhain 2005, Mangold, C-144/04).

Chinn an Chúirt freisin go raibh idirdhealú ann nuair a coimeádadh liúntas téarfa ó oibrithe ar an bhforas go bhféadfaidís pinsean scoir a tharraingt (breithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 2010, Andersen, C-499/08).

Ar deireadh, thug an Chúirt dá haire, fiú amháin i ndíospóidí idir daoine príobháideacha, go gcaithfidh cúirt náisiúnta a chinntiú go gcomhlíontar prionsabal an neamh-idirdhealaithe ar fhorais aoise, diúltú, más gá, do chur i bhfeidhm aon fhoráil de reachtaíocht náisiúnta atá contrártha leis an bprionsabal sin (breithiúnas an 19 Aibreán 2016, Dansk Industri, C-441/14).

Document