Tríd an gclár oideachasúil fíorúil seo, leag an Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sprioc amach di féin:
Cruthaítear an clár do na cuairteanna seo in éineacht le seirbhís na gcuairteanna. Is féidir le cuairteoirí a gclár féin a chur le chéile trí úsáid a bhaint as na eilimintí idirghníomhacha seo a leanas:
Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí ag deireadh gach coda den chlár.
Déanfaidh seirbhís na gcuairteanna a dícheall chun an cruinniú fíorúil a eagrú ar cheann de na trí dháta a chuirfidh na heagraithe ar aghaidh.
Teanga dhúchais na gcuairteoirí (ceann amháin de na 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, rogha na gcuairteoirí)
20 rannpháirtí ar a laghad; le grúpa le níos mó na 60 duine, ní mór an seisiún ceisteanna agus freagraí a eagrú i gcomhar le seirbhís na gcuairteanna.
Is é uasfhad a mholtar ná 2 uair.
Beidh modhnóir a labhraíonn teanga an ghrúpa i dteannta leis na cuairteoirí.
Roimh an gcuairt, cuirfidh seirbhís na gcuairteanna sraith doiciméad agus nasc ar fáil chun cabhair a thabhairt do mhúinteoirí ullmhú don chruinniú fíorúil sa rang.
Roimh an gcuairt, eagróidh seirbhís na gcuairteanna dáta leis na heagraithe chun an nasc a thástáil. (Mairfidh sé timpeall 10 nóiméad). Úsáidtear ardán na Cúirte, Webex, don chruinniú fíorúil seo. Ní gá do na cuairteoirí an feidhmchlár a íoslódáil.
Teastaíonn clárú roimh ré ó mhúinteoirí leasmhara nó ó cheannairí grúpa chun páirt a ghlacadh sna cuairteanna. Is féidir le roinnt ranganna ó scoileanna éagsúla páirt a ghlacadh sa chuairt chéanna ag an am céanna.
Más múinteoir nó ceannaire grúpa thú a bhfuil spéis agat páirt a ghlacadh i gcianchuairt, is féidir iarratas a chur isteach tríd an bhfoirm chlárúcháin a chomhlánú.