1
Seng Sprooch mat hire friemen Téin,
D’Gemittlechkeet déi mécht se schéin.
A theanga lena tuineacha iasachta
An tseascaireacht a chuireann áilleacht uirthi.
Michel Lentz, De Feierwon
2
A rondëmmer bis un d’Grenzen,
d’ganzegt Ländchen nur ee Gaart.
Agus mórthimpeall go dtí na teorainneacha
níl sa tírín ach aon ghairdín amháin.
Poutty Stein, Lëtzebuerg
3
Намериха решението, но то бе написано на непознат език.
Tháinig siad ar an réiteach, ach i dteanga anaithnid a scríobhadh é.
Венцеслав Константинов (Ventseslav Konstantinov), „Тайният живот на дъжда“, 2012 г.
4
Езикът на един народ е най-великото негово дело. Той е сложното живо оръдие за всестранно напредване.
Is í teanga pobail a shaothar is mó. Is í gléas beo agus ilchasta an dul chun cinn uile í.
Кирил Христов (Kiril Hristov), сп. „Родна реч”, 1938 г.
5
El traductor es un escritor privilegiado que tiene la oportunidad de reescribir obras maestras en su propia lengua.
Is éard is aistritheoir ann scríbhneoir a bhfuil de phribhléid aige sárshaothair a athscríobh ina theanga féin.
Javier Marías
6
La traducción es una de las poquísimas actividades humanas donde lo imposible ocurre por principio.
Tá an t-aistriúchán ar cheann de na gníomhaíochtaí daonna annamha sin ina dtarlaíonn an ní nach bhfuil indéanta de ghnáth.
Mariano Antolín Rato
7
Jazyk není jen ozdobou a přívěskem lidské skutečnosti: je jejím základem.
Ní hé go bhfuil teanga ina maisiúchán ná ina géag ar bheithsine an duine daonna amháin, is í a bunchloch í.
Václav Jamek, O patřičnosti v jazyce, Nakladatelství Franze Kafky, Praha, 1998, p. 191
8
Jazyk nám ustavičně artikuluje svět. Vidíme svět skrze jazyk.
Cuirtear an domhain in iúl dúinn de shíor le teanga. Feicimid an domhain le teanga.
Jan Patočka, ≃ 1975 (Tělo, společenství, jazyk, svět, Praha, Oikoymenh, 1995, p. 130)
9
Mit modersmål. Du dyrebare Tolk for mine Tanker.
Mo theanga dúchais. A ateangaire mánla mo chuid smaointe.
Steen Steensen Blicher, Mit Modersmaal, 1840
10
Du danske sprog, du er min Moders Stemme.
A theanga na Danmhairge, is tusa guth mo mháthar.
Hans Christian Andersen, I Danmark er jeg Født, 1850
11
Mit jeder Sprache mehr, die Du erlernst,
befreist Du einen bis daher in dir gebundnen Geist.
Le gach teanga eile a fhoghlaimíonn tú,
Scaoileann tú spiorad a bhí ceangailte ionat go dtí sin.
Friedrich Rückert, Die Weisheit des Brahmanen, Gedicht Nr. 297 aus der Sammlung (1836-1839)
12
Durch die Mannigfaltigkeit der Sprachen
wächst unmittelbar für uns der Reichtum der Welt.
Is coinníoll láithreach í éagsúlacht na dteangacha
d’fhás ar shaibhreas an domhain dúinn.
Wilhelm von Humboldt, Wert und Ehre Deutscher Sprache, Hrsg. H. v. Hofmannsthal
13
Kas siis selle maa keel laulu tuules ei või
taevani tõustes üles igavikku omale otsida?
Nach féidir le teanga na tíre seo, ar an ngaoth dhraíochta seo, ardú sna flaithis, ar lorg na síoraíochta?
Kristjan Jaak Peterson, Luuletus « Kuu ». 1818
14
Keel on võimas realiteet
ja keelesugulus äratab tugevaid tundeid.
Réaltacht chumhachtach is ea an teanga, agus músclaíonn an teanga mothúcháin láidre.
Lennart Meri, Hõbevalgem, 1976
15
Θαμνώδη ρήματα και φύλλα καταπράσινα της γλώσσας.
Briathra ar fás ar nós na dtor agus duilliúr glas ar theanga.
Νίκος Καρούζος (Nikos Karouzos), Ο ακέραιος κυρ’ Αλέξανδρος, εκδ. Εγνατία, 1974
16
Mήγαρις έχω άλλο στο νου μου πάρεξ ελευθερία και γλώσσα;
Ar deireadh thiar thall, an bhfuil aon ní eile i m’aigne seachas an tsaoirse agus an teanga?
Διονύσιος Σολωμός (Dionysios Solomos), «Διάλογος» (περ. 1824), Άπαντα, 2ος τόμος, εκδ. Ίκαρος, 1986
17
If you have the words, there's always a chance that you'll find the way.
Má tá na focail agat, is maith is dócha go bhfaighidh tú eolas na slí.
Seamus Heaney, Stepping stones: interviews with Seamus Heaney, Dennis O’Driscoll, 2008
18
The world is not real for me until it has been pushed through the mesh of language.
Ní fíor an saol dom nó go mbrúitear trí mhogall na teanga é.
John Banville, Interviewed by Belinda McKeon - The Art of Fiction No 200. - The Paris Review, Issue 188 Spring 2009
19
La traduction ne se contente pas d’être un mariage. Elle doit être un mariage d’amour.
Ní leor go mbeadh an t-aistriúchán ina phósadh. Caithfidh sé a bheith ina phósadh grámhar.
Jean Cocteau, Journal d’un inconnu, p. 121
20
La pensée de l’auteur gagne à passer d’un idiome dans l’autre.
Baineann smaointeoireacht an údair tairbhe as aistriú ó theanga amháin go teanga eile.
Théophile Gautier, Portraits contemporains, « Baudelaire »
21
Cuirim mo dhóchas ar snámh
i mbáidín teangan faoi mar a leagfá naíonán i gcliabhán
Nuala Ní Dhomhnaill, Ceist na teangan, Pharaoh’s Daughter, Nuala Ní Dhomhnaill, The Gallery Press, 1990
22
Beatha teanga í a labhairt.
Seanfhocal
23
Po jeziku dok te bude,
I glavom će tebe biti!
Fad is atá tú ansiúd leis an teanga, beidh tú ansiúd le do cheann chomh maith.
Petar Preradović, Rodu o jeziku, 1860.
24
Jezik je disanje tajno
i draga duboka jeka.
Anáil rúnda í an teanga,
Macalla domhain daor.
Vesna Parun, Ja tjeram krdo riječi, Pjesme, Matica Hrvatska, Zagreb, 1963. p. 15.
25
Tradurre significa diventare anche l’altro pur restando noi stessi e farlo diventare noi.
Is éard is ciall le haistriúchán ná sinn féin iompú ina rud eile fad a fhanaimid dílis dúinn féin agus sinn féin a dhéanamh den rud eile.
Claudio Magris, Corriere della Sera, 8 luglio 2020
26
La lingua dell’Europa è la traduzione.
Is é teanga na hEorpa an t-aistriúchán.
Umberto Eco, Dire quasi la stessa cosa
27
Bet es jau tieši gāju vārdu meklēt
Ach ní dheachaidh mé ach ar lorg an fhocail.
Ojārs Vācietis, Ex libris : dažādu gadu dzejoļi / Ojārs Vācietis; sastādījusi Vija Kaņepe; priekšvārdu sarakstījusi Anna Rancāne; māksliniece Maija Dragūne. Rīga : Liesma, 1988.
28
Doma ir sakne, kas zemē stiedz,
Viņas uzplaucis brīnišķais zieds: izsacīts vārds.
Is é an smaoineamh an fhréamh a thochlaíonn sa talamh,
Tagann bláth ar a gas: an focal labhartha.
Aspazija, Lirika; sakārtojuši un priekšvārdu sarakstījuši Ilgonis Bērsons un Jānis Lūsis; mākslinieks Zigurds Zuze. Rīga : Latvijas valsts izdevniecība, 1956.
29
Kalba yra bendras meilės ryšys, vienybės motina, pilietiškumo tėvas, […].
Is é an teanga nasc coiteann an ghrá, máthair an aontachais, athair na saoránachta, […].
Mikalojus Daukša, „Prakalba į malonųjį skaitytoją“, 1599 m.
30
Tautos kalboje yra išdėta visa jos prigimtis - istorija, būdo ypatybės, siela, dvasia.
Cuimsítear le teanga pobail iomlán a chineáil – a stair, a shlí bheatha, a anam, a spiorad.
Jonas Jablonskis, Jablonskio raštai V t., Kaunas 1936
31
A nyelv él, lüktet, fejlődik. Folyton-folyvást növekszik, mint az eleven köntös.
Preabann an teanga, forbraíonn sí. Fásann sí gan stad mar a bheadh fallaing bheo ann.
Dezső Kosztolányi, Ábécé a nyelvről és a lélekről, 1927
32
Idő van a szavakban, a mi időnk, a használóké, a mi történelmünk, mi magunk.
Tá an aimsir sna focail, ár n-aimsir, aimsir na n-úsáideoirí, ár stair, sinn féin.
Péter Esterházy, A szavak csodálatos életéből, 2003
33
Malli taqra u tikteb bi lsienek tħossok minnufih tistenbaħ, billi tiftaħ għajnejk u tara dawl ġdid.
A luaithe a léann agus a scríobhann tú i do theanga féin, músclaítear láithreach thú, trí do shúile a oscailt ar sholas nua.
Mikiel Anton Vassalli, A letter on the eligibility of the Maltese dialect as a written medium of instruction in the government primary schools, 1841, Antoloġija ta‘ proża Maltija, ed. Ġużé Aquilina (1980, p. 11)
34
Kull sillaba kejjilt bir-riga tiegħi, insiġt flimkienl
-aċċenti f’melodija u lsieni nħall. Qallibt il-lingwi kollha.
Fuarthas tomhais gach siolla le mo rialóir féin, shní mé
na canúintí ina séis agus ní raibh srian ar mo theanga. Lorg mé i ngach uile teanga.
Oliver Friggieri, Qawsalla, 1990, Il-Poeżiji Miġbura (Mireva Publications, 2002, p. 414)
35
Overwogen taalgebruik verrijkt het leven.
Saibhriú saoil le cruinnúsáid teanga.
Drs. P (Heinz H. Polzer)
36
Taal is de uitdrukking van cultuur. Zonder goed onderhoud van de taal verschraalt het denken.
Is é an teanga léiriú an chultúir. Mura bhfuil an teanga sealbhaithe, teipeann ar an smaointeoireacht.
Hella S. Haasse
37
Ile kto języków posiada,
tylekroć zmnożył w sobie człowieka.
Dá mhéad teanga ar a gcuireann duine máistreacht sea is mó a mhéadaíonn an daonnacht ann.
Karol Libelt, «O miłości ojczyzn», 1844 (wydanie lwowskie z 1924)
38
Ten, kto wyraża się słowem, co chwila odradza się na nowo.
Athshaolaítear anois agus arís an té a chuireann é féin in iúl le focail.
Witold Gombrowicz, Dziennik (1957-1961)
39
Enquanto há línguas, há esperança.
Beidh dóchas ann fad a bheidh teangacha ann.
Vasco Graça Moura, entrevista, « Diário de Notícias », 2018
40
Os escritores fazem as literaturas nacionais e os tradutores fazem a literatura universal.
Litríochtaí náisiúnta a dhéanann na scríbhneoirí agus an litríocht dhomhanda a dhéanann na haistritheoirí.
José Saramago, Gómez Aguillera, F (Org) (2010) José Saramago nas suas Palavras, Editorial Caminho
41
Limba este întâiul mare poem al unui popor.
Is é teanga an chéad mórdhán atá ag pobal.
Lucian Blaga,Elanul insulei, Editura Dacia, Cluj-Napoca, 1977, p. 251
42
Nu noi suntem stăpânii limbei, ci limba e stăpâna noastră.
Ní sinne máistir na teanga, is í an teanga ár máistir.
Mihai Eminescu, Fragmentarium, Bucureşti, 1981, p. 241
43
Jazyky by ľuďom mali pomáhať v komunikácii a nie ich vzájomne oddeľovať.
Ba chóir do theangacha a bheith ina dtaca ag an gcumarsáid idir daoine, ní ina gconstaic eatarthu.
Milan Hodža, HODŽA, M.: Federácia v strednej Európe. Bratislava: Kaligram, 1997, p. 238
44
Jazyk nevyhnutne ovplyvňuje naše myslenie a jeho prostredníctvom aj naše vnímanie.
Bíonn tionchar dosheachanta ag an teanga ar ár gcuid smaointe agus leo sin, ar ár ndearcadh.
Pavel Vilikovský, VILIKOVSKÝ, P.: Preklad ako tvorba. Bratislava : Slovenský spisovateľ, 1984, p. 13
45
Prevajalci zidajo mostove med narodi […], s svojim delom služijo globoki mednarodni misli.
Tógann aistritheoirí droichid idir náisiúin […], is díol dianmhachnaimh idirnáisiúnta a gcuid oibre.
Fran Albreht, Cary, Edmond, (ed.), Quality in Translation (Proceedings of the IIIrd Congress of the International Federation of Translators, Bad Godesberg, 1959), Pergamon Press, Oxford, 1963
46
Prevajalci lovimo odseve […] reke besed, odmeve njenega žuborenja, pri njenem čistem izviru, v njenem izvirniku.
Rithimidne inár n-aistritheoirí i ndiaidh scáthanna […] ar abhainn na bhfocal, macalla a plobarnaigh, ag a fíorfhoinse, ina bunleagan.
Boris A. Novak, 2011, Salto Immortale, Študije o prevajanju poezije, Prva knjiga, Založba ZRC, ZRC SAZU, Ljubljana, 2011 (p. 14)
47
Äidinkieli on ääretön ja uskoni siihen pohjaton.
Níl teorainn leis an teanga dúchais agus tá m’iontaoibh inti gan trá.
Tarja Roinila, «Runon sielu ja runon ruumis». Tuli&Savu 4/2016
48
Kääntämisen ihme on kahden, toisilleen vieraan kielen dialogissa ja hankauksessa
Le hagallamh agus cnaí dhá theanga lena chéile, mar a strainséirí ag a chéile, a tharlaíonn míorúilt an aistriúcháin.
Mika Kukkonen, Samat sanat, Teos, 2022
49
Språkens fotspår bildar ett myllrande mönster som fyller hela mänsklighetens historia.
Cruthaíonn lorg coise ó theangacha na mílte pátrún ar stair an duine dhaonna.
Sverker Johansson, På vandring i språkens fotspår, 2022
50
Att översätta är inte bara ett hantverk. Det är också konsten att kunna skriva. Och lyssna.
Ní ceird amháin atá san t-aistriúchán. Eolas ar ealaíon na scríbhneoireachta atá i gceist chomh maith, agus ar an éisteacht.
Lars Erik Blomqvist & Mats Löfgren, Något att orda om: tankar kring konsten att översätta, éd. Norstedts 1997