An Anneau

Tá oifigí na mBreithiúna agus na nAbhcóidí Ginearálta ón gCúirt Breithiúnais, chomh maith le seomraí plé, mar chuid den Anneau, eadhon foirgneamh atá thart timpeall ar an Palais. Mar sin, croílár na cúirte atá inti.

Tá sí ar pheristíl de 116 cholún ar 10 méadar ar airde.

Scarann sí na spásanna príobháideacha ina ndéantar obair mhachnaimh na mBreithiúna agus na nAbhcóidí Ginearálta ó na spásanna atá dírithe ar an gcuid phoiblí den ghníomhaíocht bhreithiúnach.

Is san fhoirgneamh seo a dhéantar formhór na hoibre a bhaineann leis an gcúram a leagtar ar an gCúirt Bhreithiúnais. Ina n‑oifigí a dhéanann na Breithiúna is Rapóirtéirí a gcuid breithiúnas a dhréachtú agus a dhéanann na hAbhcóidí Ginearálta a gcuid tuairimí a ullmhú. Gan ateangairí ná comhoibritheoirí, tagann na Breithiúna atá ag suí i gcás le chéile i gceann de na seomraí pléite chun an dréacht-bhreithiúnas a phlé agus chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an leagan deiridh dá gcuid foras.