Dlíodóir, Ollamh le Dlí agus Breitheamh ina dhiaidh sin ba ea Thomas More (1478-1535), sular chrom sé ar ghairm pholaitíochta ardchéimiúil i Sasana faoi réimeas Anraí VIII. Thug sé seo air teacht i réim san oifig is airde sa ríocht, oifig an Ard-Seansailéara. Cháin sé mian an Rí neamhniú pósta a fháil, agus an siosma leis an Róimh dá dheasca sin, agus níor thréigh Sir Thomas More a thuairimí daingne riamh, nó gur daoradh as tréas ar deireadh é agus baineadh an ceann de. Cara mór aige ba ea Erasmus, cuimhnítear air mar fhealsamh agus mar scríbhneoir polaitiúil, ach ba staraí, aistritheoir agus file freisin é. Mar údar ar raidhse saothair, scoláire agus daonchara, cháin sé tíorántacht agus éagóir i leith na ndaoine ba mhó a bhí faoi mhíbhuntáiste agus b’fhollas mar a luí sé go beacht leis an athnuachan a léirigh daonnachas na hAthbheochana, dá raibh sé ar cheann dá ionadaithe ba chlúití.
Tugann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh urraim dá réir sin do dhaonnachaí mór Eorpach, agus léiríonn sí ómós do shlánchúiseacht agus do dhaingneacht a thuairimí in aghaidh aon ionsaí ar shaoirsí.
Osclaíodh áras Thomas More, arb é an dara síniú a cuireadh leis an Palais, in 1993. Tá sé bunaithe ar cheithre patio agus tá sé suite laistiar d’fhoirgneamh Erasmus, a bhfuil gnéithe den ailtireacht roinnte leis. Dearadh aghaidh an fhorhalla mar chuar mór gloine le struchtúr cothrománach atá mar nasc idir árais Erasmus agus Thémi. Tógtha as meascán idir coincréite agus cruach, tá fráma modúlach ag an bhfoirgneamh. Tá aghaidheanna an fhoirgnimh déanta as eibhir le struchtúr alúmanaim gloinithe.
Sa lá atá inniu ann, is san fhoirgneamh seo a bhíonn breithimh agus chlárlann na Cúirte Ginearálta. I dteannta leis sin, tá seomra gorm agus seomra glas mar chuid de, chomh maith le seomra comhdhála.