Ar aghaidh go dtí an príomhábhar



Túr Montesquieu

Ba dhlíodóir, breitheamh agus scríbhneoir é Charles-Louis de Secondat de la Brède, Barún Montesquieu (1689-1755). Bhain sé clú amach lena shaothar De l’esprit des lois (Spiorad an Dlí), arna fhoilsiú in 1748 i ndiaidh roinnt blianta ar taisteal ar fud na hEorpa, ar chaith sé i mbun staidéir ar chórais pholaitiúla, eacnamaíocht, aeráid, stair agus nósmhaireachtaí na dtíortha ar ar thug sé cuairt. Ar an mbonn sin, táthar den tuairim go raibh sé ar cheann de na chéad daoine a rinne comparáid idir dhlíthe, agus go raibh sé ina cheannródaí ar an tsocheolaíocht nua-aoiseach chomh maith. Chuir sé coincheap nua chun cumhachtaí an stáit a scaradh chun cinn, a bhí bunaithe ar a scartha agus ar a n-idirspleáchais, ionas go ráthófaí a gcuid cothromaíochta. Leag sé, dá réir sin, bunchloch phrionsabal scaradh na gcumhachtaí, a áirítear go fóill ina bhunchloch ar an daonlathas ina iomláine. 

De réir mar a roghnaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh Montesquieu, ar chuidigh a chuid smaointeoireachta le prionsabal neamhspleáchas an chirt, tugann sí na luachanna is coiteann do na Ballstáit chun cuimhne, lena sonraítear fíor-shainiúlacht an Aontais mar dhlíchóras neamhspleách. 

Tá Túr Montesquieu mar chuid den cheathrú síneadh a cuireadh leis an Palais.

Tagann dath órga an Túir ó mhogall alúmanaim anóidithe a bhfuil feidhm séad gréine aige. Úsáidtear an mogalra céanna sna foirgnimh eile leis an ailtireacht a thabhairt le chéile. Tugtar sainiúlacht shoiléir don fhoirgneamh le fíodóireacht an mhiotail agus an dlúth agus inneach atá ann, le gile na huigeachta agus leis an stíl de na fillteacha.

Tráth a n‑insealbhaithe i mí na Nollag 2008, ba iad Túr Comenius agus a leathbhreac, Túr Comenius, na foirgnimh is airde sa tír. 103 méadar atá sa 26 urlár dá chuid, méid atá sáraithe anois ag Túr Rocca.