Ar aghaidh go dtí an príomhábhar



Túr Rocca

Táthar den tuairim go raibh Giustina Rocca ar an gcéad dlíodóir baineann dá raibh riamh ann. Mhair a cáil de bharr dámhachtain eadrána arna tabhairt an 8 Aibreán 1500 i ndlíthíocht ar fúithi a bhí sé breith a thabhairt uirthi. I gcúirt an Ghobharnóra Veinéisigh in Trani, thug G. Rocca a breithiúnas i dteanga na háite, seachas i Laidin, de réir mar ba ghnách le linn na haimsire sin – ionas go dtuigfeadh an pobal a tháinig chun bheith i láthair agus é á thabhairt. Ghairm sí ansin ar an bpáirtí caillteach na táillí gnách a íoc léi, rud a léirigh, tráth nach raibh aon rochtain ag mná ar mhúineadh ná ar chleachtadh an dlí, a mian a bheith ar comhchéim leis na fir a raibh na cearta sin acu.

De réir mar a d’ainmnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an túr is airde aici i ndiaidh Giustina Rocca, tugann sí a tiomantas ar son inrochtaineacht an dlí agus an chirt chun cuimhne, agus dearbhaíonn a cuid gníomhaíochta ar son comhdheiseanna, rud a thagann lena cásdlí féin. 

Is é Túr Rocca an foirgneamh is airde in Lucsamburg, le 29 urlár agus 118 méadar ann. Cé nach bhfuil ann ach foirgneamh amháin, tá cuma dá thúr ar Thúr Rocca .

Ós rud é gurb é an túr seo an ghné dheireanach den coimpléasc foirgneamh a bhí le tógáil, bhí fonn ar a dearthóirí an leanúnachas a tionscnaíodh le Túir Comenius agus Montesquieu a bhriseadh trína chur ar fiar, mar chonclúid ailtireachta. Ní dhearnadh struchtúr agus toisí Thúir Comenius agus Montesquieu a atháirgiú ach le taobh amháin de, agus tá an taobh eile dubh agus ardaithe. Dá réir sin, tá Túr Rocca slánaithe sa suíomh mar atá sé trí dhialóg ailtireachta a chruthú leis féin agus an Palais agus Túir Comenius agus Montesquieu. Rinneadh nasc leis na foirgnimh eile trí leathnú an Ghailearaí agus trí staighre mór a thógáil, lena gcuirtear an staighre atá mar nasc idir an Gailearaí agus Palais i gcuimhne.

Tá deimhniú fuinnimh úrscothach ag Túr Rocca, atá coibhéiseach le deimhniú fuinnimh d’fhoirgneamh éighníomhach, le laghdú 55 % ar riachtanais teasa i gcomparáid leis an bhfoirgneamh tagartha, agus tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus astaíochtaí CO² laghdaithe 45 %.

Le hinsealbhú Thúr Rocca i mí Mheán Fómhair 2019 cuireadh ranna na Cúirte go léir in aon ionad foirgneamh amháin, atá leithleach, rud a thug na baill foirne agus comhaltaí ar fad le chéile faoi aon díon amháin.