In 2022, cheiliúir Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cothrom 70 bliain a bunaithe. In ómós na hócáide, tharla roinnt imeachtaí i gcaitheamh na bliana, go háirithe Fóram na mBreithiúna ar an téama “Ceartas atá gar don saoránach”, Éisteacht Shollúnta agus eisiúint stampa chomórtha.
Foilsíodh imeachtaí an tsiompóisiam (i mBéarla agus i bhFraincis), lena n‑áirítear ábhar ionchuir na n‑aíonna i bhFóram Urghnách na mBreithiúna chomh maith leis na haithisc a tugadh le linn na hÉisteachta Sollúnta.
Ina theannta sin, léiríodh an scannán “70 bliain de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh” le rannpháirtíocht ó chomhaltaí na Cúirte agus ó shaineolaithe i ndlí an Aontais.
Ag an deireadh ar fad, d’fhoilsigh Comhlachas iarChomhaltaí Chúirteanna an Aontais an leabhar “Tuairiscí ó iarChomhaltaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cothrom 70 bliain ó bunaíodh an Chúirt ” chomh maith, lena dtéitear siar ar stair 70 bliain na hInstitiúide (i mBéarla agus i bhFraincis).