Caimiléireacht bunaithe ar chomhfhreagras a mhaíonn gur ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a tháinig sé
An bhfuair tú aon ghlao, ríomhphost, litir nó aon chomhfhreagras ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó ó chomhlacht le hainm comhchosúil?
Déan machnamh air! Déanann roinnt caimiléirí iarracht eagla a chur ar dhaoine ionas go n‑íocfaidh siad airgead nó ionas go seolfaidh siad faisnéis phearsanta, agus an Chúirt á pearsanú acu.
Má fhaigheann tú cumarsáid ag ligean gurb ón gCúirt atá sé, seo a leanas comharthaí rabhaidh a thugann le fios gur caimiléireacht atá ann:
- cuirtear cion coiriúil i do leith nó deirtear leat gur cosantóir i gcás tú;
- iarrtar airgead nó faisnéis phearsanta uait;
- iarrtar ort feidhmchlár nó comhad a íoslódáil ón idirlíon.
Ná bíodh aon dul amú ort faoi seo — tá an comhfhreagras go léir bréagach!
- Ní chuirfidh an Chúirt glaoch ar shaoránaigh ná ní sheolfaidh sí riamh ríomhphoist ná litreacha gan iarraidh chuig saoránaigh.
- Ní féidir le saoránach a bheith ina chosantóir i gcás a thugtar go díreach os comhair na Cúirte Breithiúnais nó na Cúirte Ginearálta.
- Ní iarrfaidh an Chúirt riamh táillí dlí nó riaracháin a íoc — tá imeachtaí os comhair na Cúirte saor in aisce.
- Ní eisíonn an Chúirt fíneálacha i gcoinne saoránach agus ní ghlacann sí le híocaíochtaí.
Cad atá le déanamh má bhaineann caimiléireacht mar seo leat?
Má fhaigheann tú litir, ríomhphost nó glao gutháin amhrasach ag ligean gurb ón gCúirt atá sé:
- Coinnigh guaim ort féin, níl aon chúis deifre;
- Ná freagair riamh: le freagra deimhneoidh tú do sheoladh agus gur léigh tú an teachtaireacht, as a dtagann fiosruithe comhchosúla eile;
- I gcás glao teileafóin, croch suas an fón láithreach agus cur bac ar an uimhir;
- Ná téigh i dteagmháil leis an seoltóir riamh, cuirfidh siad níos mó brú ort;
- Ná híoc aon rud;
- Ná cliceáil ar aon nasc ná ceangaltán: d’fhéadfadh an nasc sin tú a thabhairt chuig suíomh mailíseach ag ligean air gur suíomh institiúideach atá ann, agus d'fhéadfá faisnéis phearsanta a chur ar fáil nó doiciméid a íoslódáil ina bhfuil bogearraí mailíseacha;
- Marcáil an ríomhphost mar thurscar ionas gur féidir ríomhphoist eile mar seo ina dhiaidh sin a scagadh trí do bhosca ríomhphoist;
- Coinnigh fianaise le seatanna scáileáin: nóta bagartha, seoladh ríomhphoist an tseoltóra, etc.;
- Má tá seirbhís den sórt seo i do thír féin, cuir an tseirbhís cibearshlándála nó an roinn calaoise digití ar an eolas faoin iarracht chalaoise;
- Má fhreagair tú: déan gearán láithreach leis na póilíní i do thír féin.