Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Chlárlann

Tá an chlárlann freagrach na cáschomhaid a choimeád agus as clár na Cúirte Ginearálta a choinneáil ina ndéantar gach doiciméad nós imeachta a thaifeadadh.

Tá an chlárlann freagrach as gach doiciméad a fháil, a sheoladh agus a choinneáil, chomh maith le doiciméad nós imeachta a sheirbheáil ar ionadaithe na bpáirtithe agus ar iarratasóirí ar chúnamh dlíthiúil.


Faisnéis dóibh siúd ar mian leo teagmháil a dhéanamh le Clárlann na Cúirte

Is achoimre ar rialacha ábhartha na Cúirte Ginearálta é an fhaisnéis seo a leanas maidir leis na modhanna chun doiciméid a thaisceadh. Le haghaidh tuilleadh sonraí, déan tagairt do na téacsanna a rialaíonn an nós imeachta atá ar fáil tríd an nasc seo a leanas: An Chúirt Ghinearálta/Nós Imeachta

 

Ionadaithe

Ní mór do na hionadaithe dá dtagraítear in Airteagal 19 den Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (gníomhairí arna gceapadh ag na Ballstáit nó ag na Stáit is páirtithe sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, seachas na Ballstáit, nó Údarás Faireacháin CSTE, gníomhairí arna gceapadh ag institiúidí an Aontais Eorpaigh, dlíodóirí atá údaraithe chun cleachtadh i gcúirteanna de chuid Ballstáit nó de chuid Stát eile is páirtí sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus teagascóirí ollscoile ar náisiúnaigh de Bhallstát iad ina n-aithnítear a gceart chun pléadála) gach doiciméad nós imeachta agus iarscríbhinní a thaisceadh, chomh maith le haon doiciméad eile a bhaineann le cásanna tríd an bhfeidhmchlár leictreonach e-Curia.

Is féidir teacht ar e-Curia tríd an nasc seo a leanas: e-Curia

logo e-Curia

 

warning Ón 1 Nollaig 2018 i leith, is é e-Curia an t-aon bhealach chun doiciméid a mhalartú idir ionadaithe agus an Chlárlann i ngach imeacht os comhair na Cúirte Ginearálta. Baineann an méid sin leis na páirtithe uile (iarratasóirí, cosantóirí, idirghabhálaithe, páirtithe eile os comhair Bhoird Achomhairc EUIPO), chomh maith leis na hiarratasóirí ar idirghabháil a dhéanamh. Ní ghlactar le modhanna eile taiscthe (tríd an bpost, facs, ríomhphost nó seachadadh fisiceach chuig an gCúirt Ghinearálta) ach amháin i gcásanna ar leith dá bhforáiltear leis an dlí.

 

Le haghaidh tuilleadh faisnéise:

Faisnéis i leith e-Curia

e-Curia éigeantach don Chúirt Ghinearálta

 

Iarratasóirí ar chúnamh dlíthiúil

Ní mór d’iarratasóirí ar chúnamh dlíthiúil nach bhfuil ionadaíocht á déanamh dóibh ag dlíodóir an fhoirm iarratais ar chúnamh dlíthiúil a chur faoi bhráid na clárlainne tríd an bpost nó trí sheachadadh fisiceach chuig an gCúirt Ghinearálta.

Tá an fhoirm iarratais ar chúnamh dlíthiúil ar fáil tríd an nasc seo a leanas: An Chúirt Ghinearálta/Nós Imeachta

Níor cheart aon fhoirm eile a úsáid. Caithfidh síniú lámhscríofa an iarratasóra a bheith ar an bhfoirm iarratais ar chúnamh dlíthiúil arna taisceadh leis an gclárlann.

Iarratais eile

Ba chóir fiosrúcháin ghinearálta a sheoladh tríd an bhfoirm theagmhála leictreonach atá ar fáil tríd an nasc seo a leanas:Déan teagmháil linn

 

Clárlann Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh

Rue du Fort Niedergrünewald

L-2925 Lucsamburg

 

Fón. : (+352) 4303-1

Facs: (+352) 4303 2100

Ríomhphost: GC.Registry@curia.europa.eu