Léiriú

Comhdhéanamh na Cúirte Ginearálta

Dlínse na Cúirte Ginearálta

Nós imeachta

Cásdlí na Cúirte Ginearálta

 

Comhdhéanamh na Cúirte Ginearálta

vignette-tpi  

Tá an Chúirt Ghinearálta comhdhéanta de bheirt bhreithiúna ó gach Ballstát. Is iad rialtais na mBallstát a cheapann, de thoil a chéile, na breithiúna, tar éis dóibh dul i gcomhairle le painéal atá an cúram air tuairim a thabhairt maidir le hoiriúnacht na n-iarrthóirí na dualgais mar bhreitheamh a chomhlíonadh. Is téarma oifige sé bliana a bhíonn acu, agus is téarma inathnuaite an téarma sin. Ainmníonn siad breitheamh as a measc féin mar uachtarán ar feadh téarma trí bliana. Ainmníonn siad Cláraitheoir ar feadh téarma oifige sé bliana.

Feidhmíonn na Breithiúna a ndualgais ar mhodh atá go hiomlán neamhchlaonta agus neamhspleách.

Murab ionann agus an Chúirt Bhreithiúnais, níl abhcóidí ginearálta ag an gCúirt Ghinearálta. I gcásanna eisceachtúla, áfach, féadfaidh Breitheamh tabhairt faoin gcúram sin.

Cuirtear cásanna atá os comhair na Cúirte Ginearálta faoi bhráid dlísheomraí de chúigear nó de thriúr breithiúna nó, i gcásanna áirithe, faoi bhráid breitheamh aonair. Féadfaidh an Chúirt Ghinearálta suí mar Mhór‑Dhlísheomra (cúig Bhreitheamh déag) nuair atá údar leis sin mar gheall ar chastacht dlí an cháis nó thábhacht an cháis.

Toghann na Breithiúna na hUachtaráin ar na dlísheomraí de chúigear breithiúna as a líon féin.

Tá a Clárlann féin ag an gCúirt Ghinearálta, ach baineann an Chúirt Ghinearálta úsáid as seirbhísí riaracháin agus seirbhísí teanga na hinstitiúide le freastal ar a riachtanais eile.

 

Dlínse na Cúirte Ginearálta

Tá an dlínse ag an gCúirt Ghinearálta na caingne seo a leanas a éisteacht agus a chinneadh:

  • caingne arna dtionscnamh ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha in aghaidh gníomhartha de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (ar gníomhartha iad atá dírithe chuig na daoine sin nó a bhaineann go díreach agus go leithleach leo) agus caingne in aghaidh gníomhartha rialála (ar gníomhartha iad a bhaineann go díreach leis na daoine sin agus nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag gabháil leo) nó i gcoinne neamhghnímh de chuid na n-institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí sin; mar shampla, cás arna thionscnamh ag cuideachta in aghaidh cinneadh ón gCoimisiún lena bhforchuirtear fíneáil ar an gcuideachta sin;
  • caingne a thionscnaíonn na Ballstáit i gcoinne an Choimisiúin;
  • caingne a thionscnaíonn na Ballstáit i gcoinne na Comhairle agus a bhaineann le gníomhartha arna nglacadh maidir le Státchabhair, bearta cosanta trádála (dumpáil) agus gníomhartha lena gcuireann sí cumhachtaí cur chun feidhme chun feidhme;
  • caingne lena n-éilítear cúiteamh as damáiste arna dhéanamh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh nó a bhfoireann;
  • caingne atá bunaithe ar chonarthaí atá déanta ag an Aontas Eorpach agus lena bhforáiltear iontu go sainráite go bhfuil dlínse ag an gCúirt Ghinearálta ina dtaobh;
  • caingne maidir le maoin intleachtúil arna dtionscnamh in aghaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh agus in aghaidh na hOifige Comhphobail um Chineálacha Plandaí;
  • díospóidí idir institiúidí an Aontais Eorpaigh agus a bhfoireann maidir le caidreamh fostaíochta agus leis an gcóras slándála sóisialta.

Féadfaidh achomharc a dhéanamh i gcoinne chinntí na Cúirte Ginearálta, laistigh de dhá mhí, chuig an gCúirt Bhreithiúnais, ach tá an t-achomharc sin teoranta do phointí dlí.

 

Nós imeachta

Tá a Rialacha Nós Imeachta féin ag an gCúirt Ghinearálta. I bprionsabal, beidh cuid de na himeachtaí i scríbhinn agus cuid eile de ó bhéal.
Cuirtear tús leis na himeachtaí le hIarratas scríofa, ó dhlíodóir nó ó ghníomhaire, a sheoltar chuig an gClárlann. Foilsítear príomhphointí na caingne i bhfógra, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Seolann an Cláraitheoir an t-iarratas chuig an bpáirtí eile sa chás agus tá tréimhse dhá mhí ag an bpáirtí sin chun cosaint a thaisceadh. I bprionsabal, i gcaingne díreacha féadfaidh an t-iarratasóir freagra a thaisceadh, laistigh de theorainn ama áirithe, agus féadfaidh an cosantóir athfhreagra a thabhairt ar an bhfreagra sin.

Féadfaidh duine ar bith atá in ann léiriú go bhfuil leas aige nó aici i réiteach na díospóide atá os comhair na Cúirte Ginearálta, chomh maith leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh, idiragairt a dhéanamh sna himeachtaí. Déanann an t-idiragraí ráiteas idiragartha a thíolacadh ag tacú le héilimh ceann de na páirtithe, nó ag cur ina n-aghaidh, agus féadfaidh na páirtithe freagra a thabhairt ar an idiragairt ansin.
Le linn an chuid ó bhéal de na himeachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann, déanfar éisteacht phoiblí a thionól. I ndiaidh dóibh éisteacht a thabhairt d'argóintí na ndlíodóirí, féadfaidh na Breithiúna ceisteanna a chur ar ionadaithe na bpáirtithe. I dtuarascáil don éisteacht, déanann an Breitheamh is Rapóirtéir achoimre ar na fíricí ar a bhfuil na páirtithe ag brath orthu agus ar argóintí na bpáirtithe uile agus, más ann, ar fhíricí agus ar argóintí na n-idiragraithe. Bíonn an doiciméad sin ar fáil don phobal i dteanga an cháis.

Déanann na Breithiúna plé ar an gcás ar bhonn dréachtbhreithiúnas atá ullmhaithe ag an mBreitheamh is Rapóirtéir agus fógraítear an breithiúnas ag éisteacht phoiblí.

Ní ghearrtar táillí cúirte maidir le himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta. Ní íocann an Chúirt Ghinearálta as costais an dlíodóra atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirt i mBallstát agus atá ag teastáil chun ionadaíocht a dhéanamh ar pháirtithe. Mar sin féin, féadfaidh duine ar bith nach féidir leis nó léi costais an cháis a íoc cúnamh dlíthiúil a iarraidh.

Imeachtaí eatramhacha

Ní chuirtear oibríocht an ghnímh faoi chonspóid ar fionraí nuair a thugtar cás os comhair na Cúirte Ginearálta. Féadfaidh an Chúirt Ghinearálta, áfach, a ordú go gcuirfear an gníomh ar fionraí nó go mbeadh faoiseamh eatramhach eile ar fáil.
Rialaíonn Uachtarán na Cúirte Ginearálta nó, más gá, an Leas-Uachtarán ar an iarratas ar fhaoiseamh eatramhach trí ordú réasúnaithe.

Caithfear trí choinníoll a chomhlíonadh sula ndeonófar faoiseamh eatramhach:

  1. Ar an gcéad amharc, níor cheart go mbeadh an chosúlacht ann go bhfuil an chaingean sna príomhimeachtaí gan bunús réasúnta;
  2. Ní mór don iarrthóir a léiriú go bhfuil práinn leis an bhfaoiseamh agus go ndéanfar dochar tromchúiseach doleigheasta dó nó di gan é;
  3. Caithfear cothromaíocht idir leas na bpáirtithe agus leas an phobail a chur san áireamh le faoiseamh eatramhach ar bith.

Faoiseamh sealadach atá i gceist le hordú eatramhach agus ní dhéantar réamhbhreith ar bith ar bhreith na Cúirte Ginearálta sna príomhimeachtaí. Ina theannta sin, féadfaidh achomhairc a dhéanamh ina leith chuig Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais.

Nós imeachta brostaithe

Leis an nós imeachta brostaithe, is féidir leis an gCúirt Ghinearálta breith a thabhairt go tapa ar shubstaint na ceiste i gcásanna a mheastar a bhfuil práinn ar leith ag baint leo.
Féadfaidh an t-iarratasóir nó an cosantóir araon iarratas a dhéanamh ar an nós imeachta brostaithe. Féadfaidh an Chúirt Ghinearálta cinneadh a dhéanamh, uaithi féin, go mbainfear úsáid as an nós imeachta brostaithe chomh maith.

 

Cásdlí na Cúirte Ginearálta

Comhshaoil agus Tomhaltóirí

Chuir an tAontas Eorpach toirmeasc ar tháirgí a fhaightear as rónta a dhíol ach amháin más táirgí iad a thagann ón bhfiach traidisiúnta róin a chleachtann na hIonúitigh. Sa bhliain 2013, seasadh leis an toirmeasc sin i mbreithiúnas de chuid na Cúirte Ginearálta. Chinn an Chúirt Ghinearálta, agus na rialacha éagsúla arna nglacadh ag na Ballstáit maidir le trádáil i dtáirgí róin á gcur san áireamh aici, go raibh sé de cheart ag an Aontas Eorpach na rialacha a bhaineann le díol na dtáirgí sin a chomhchuibhiú ar mhaithe le míshocracht sa mhargadh a sheachaint. Cuireadh an tsaincheist faoi leas ainmhithe san áireamh chomh maith.

Breithiúnas an 25 Aibreán 2013 i gcás T-526/10 Inuit Tapiriit Kanatami v An Coimisiún

 

Ní fhéadfar Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe (OGM) a dhíol laistigh den Aontas Eorpach ach amháin i gcás ina bhfuil siad údaraithe. Sa bhliain 2010, thug an Coimisiún údarú maidir leis an bpráta géinmhodhnaithe Amflora a dhíol i ndiaidh tuairim eolaíoch a fháil. Thug an tuairim eolaíoch sin le fios nach raibh baol ag baint leis an bpráta Amflora do shláinte an duine nó don chomhshaol. Chuir an Chúirt Ghinearálta an t‑údarú sin ar neamhní ar an mbonn go ndearnadh earráidí nós imeachta. I measc na n-earráidí sin, níor chuir an Coimisiún an dréacht-údarú faoi bhráid na gcoistí inniúla.

Breithiúnas an 13 Nollaig 2010 i gcás T-240/10 An Ungáir v An Coimisiún

Saoirse chun seirbhísí a sholáthar

De réir dhlí an Aontais Eorpaigh, caithfear ócáidí a mheasann Ballstáit a bhfuil fíorthábhacht shóisialta ag baint leo a chraoladh ní hamháin ar theilifís ar phá ach ar theilifís shaorchraolta chomh maith. Sa bhliain 2011, dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta go bhféadfadh Ballstát ceangal a fhorchur go gcraolfaí cluichí sacair de chuid an Choirn Dhomhanda agus de chuid Chraobhchomórtas na hEorpa ar theilifís shaorchraolta. Mar údar leis an mbreith sin, thagair an Chúirt Ghinearálta don cheart atá ag an bpobal teacht ar fhaisnéis agus don ghá atá ann go n-áiritheofaí go mbeadh rochtain fhorleathan ag an bpobal ar na craoltaí teilifíse a dhéantar ar na hócáidí sin.

Breithiúnas an 17 Feabhra 2011 i gcás T-385/07 FIFA v An Coimisiú

Dlí maidir le hInstitiúidí AE

Sa bhliain 2007 d'fhoilsigh an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) glao ar léiriú spéise maidir le foireann ar conradh a earcú sna hinstitiúidí Eorpacha. Scríobhadh an fógra sin i nGearmáinis, i mBéarla agus i bhFraincis amháin. Neamhnigh an Chúirt Ghinearálta an glao ar léiriú spéise ar an mbonn gur idirdhealú ar bhonn teanga a bhí ann. Toisc nár foilsíodh an glao ach amháin i dtrí theanga, ní raibh roinnt daoine a bhféadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ar an eolas faoi agus thug sé buntáiste d’iarrthóirí a raibh Gearmáinis, Béarla nó Fraincis acu.

Breithiúnas an 3 Feabhra 2011 i gcás T-205/07 An Iodáil v An Coimisiún

Trádmharcanna – Maoin Intleachtúil agus Tionsclaíoch

Sa bhliain 2012, dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta nach bhféadfar VIAGUARA a chlárú mar thrádmharc Comhphobail le haghaidh deochanna mar gheall ar an trádmharc VIAGRA a cláraíodh roimhe sin le haghaidh táirgí íocshláinte. Cé gur ghlac an Chúirt Ghinearálta gurb earraí difriúla iad deochanna agus táirgí íocshláinte, mheas an Chúirt go bhféadfadh VIAGUARA buntáiste éagórach a bhaint as dea-cháil an trádmhairc VIAGRA. D’fhéadfaí an tomhaltóir a spreagadh leis an deoch a cheannach de bharr go sílfidís go bhfuil tréithe ag an deoch atá cosúil leo siúd atá ag an táirge íocshláinte (go háirithe, go gcuirfear le libídeo an té a úsáideann an táirge).

Breithiúnas an 25 Eanáir 2012 i gcásT-332/10 Viaguara v OHIM

 

Chuir an chuideachta Apple Corps, a bhí bunaithe ag The Beatles, i gcoinne chlárú an trádmhairc “BEATLE” mar thrádmharc do scútair leictreacha do dhaoine maol-luaineachta. Ghlac an Chúirt Ghinearálta le hargóint Apple Corps go bhféadfaí, trí úsáid a bhaint as an bhfocal “Beatle”, buntáiste a bhaint as dea-cháil agus cumhacht díola sheasmhach na dtrádmharcanna (THE) BEATLES, ar trádmharcanna iad de chuid Apple Corps. D’fhéadfaí na híomhánna dearfacha de shaoirse, óige agus luaineacht atá ceangailte leis na trádmharcanna de chuid Apple Corps daoine ar bheagán luaineachta a mhealladh.

Breithiúnas an 29 Márta 2012 i gcás T-369/10 You-Q v OHIM

 

Sa bhliain 2010, d’iarr rialtas Phrionsacht Mhonacó ar chosaint san Aontas Eorpach don trádmharc “MONACO” a bhí cláraithe go hidirnáisiúnta, iarratas a diúltaíodh a mhéid is a bhain sé leis na catagóirí de shiamsaíocht, spórt agus lóistín, i measc catagóirí eile. Sheas an Chúirt Ghinearálta leis an gcinneadh sin. Chinn an Chúirt go meabhraíonn an téarma MONACO an chríoch gheografach mar gheall ar an gcáil, go háirithe, a bhaineann le teaghlach ríoga Mhonacó, an Grand Prix i bhFoirmle 1 a eagraítear ann agus an fhéile shorcais, agus gur téarma é atá mar thuairisc ar thionscnamh nó ar cheann scríbe geografach na seirbhísí lena mbaineann sé. Dá bhrí sin, ní féidir é a chosaint mar thrádmharc san Aontas Eorpach.

Breithiúnas an 15 Eanáir 2015 i gcásT-197/13 MEM v OMIH (Monacó)

Iomaíocht

Ghearr an Coimisiún fíneáil €497 milliún ar Microsoft sa bhliain 2004 as mí-úsáid a bhaint as a cheannasaíocht ar an margadh toisc gur dhiúltaigh sé, ar feadh roinnt blianta, faisnéis a roinnt lena iomaitheoirí a bheadh riachtanach le réitigh mhalartacha a bheadh comhoiriúnach le Windows a fhorbairt agus a dháileadh. Sheas an Chúirt Ghinearálta leis an bhfíneáil sin i mbreithiúnas sa bhliain 2007. Sa bhliain 2008, ghearr an Coimisiún fíneáil bhreise €899 milliún ar Microsoft mar gheall ar an drogall a bhí air chun gníomhú ar chinneadh 2004 agus an fhaisnéis ábhartha a scaoileadh dá iomaitheoirí laistigh den tréimhse ama a leagadh amach agus ar luach saothair réasúnta. Dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta anailís an Choimisiúin, ach laghdaigh an Chúirt an dara fíneáil go €860 milliún ós rud é gur thug an Coimisiún údarás do Microsoft leanúint le cleachtais oibre áirithe ar bhonn idirthréimhseach.

Breithiúnas an 17 Meán Fómhair 2007 i gcás T-201/04 agus Breithiúnas an 27 Meitheamh 2012 i gcás T-167/08 Microsoft v An Coimisiún

 

Sa bhliain 2009 ghearr an Coimisiún dhá fhíneáil €553 milliún an ceann ar an gcuideachta Ghearmánach E.ON agus ar an gcuideachta Fhrancach GDF Suez. Rinne an Coimisiún líomhaint go raibh comhaontú tugtha i gcrích ag an dá chuideachta lenar chuir siad cosc ar a chéile gás a sheachadtar ón Rúis chun na Fraince agus chun na Gearmáine a dhíol i margadh baile na cuideachta eile. Dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta measúnú an Choimisiúin ach laghdaigh an Chúirt gach fíneáil go €320 milliún ar mhaithe le hearráid de chuid an Choimisiúin maidir le fad an chomhaontaithe a chur san áireamh (mhair an comhaontú bliain níos lú ná an fad a bhí luaite ag an gCoimisiún).

Breithiúnas an 29 Meitheamh 2012 i gcásanna T-360/09 E.ON Energie AG v An Coimisiún, agusT-370/09 GDF Suez v An Coimisiún

 

Bíonn cumann bailithe dleachtanna freagrach as cearta na n-údar a bhainistiú maidir le saothair cheoil i measc saothair eile. Ansin, déanann siad an ceart chun úsáid a bhaint as na saothair sin a dheonú orthu siúd a iarrann é fad is a dhéanann siad íocaíocht ríchíosa. Sa bhliain 2008 rialaigh an Coimisiún gur chuir 24 de na cumainn sin srian le hiomaíocht trí na ceadúnais a deonaíodh maidir le saothair cheoil ar leith a úsáid a theorannú chun a gcríche náisiúnta féin. Chuir an Chúirt Ghinearálta anailís an Choimisiúin ar ceal de bharr easpa fianaise, go háirithe ós rud é go bhféadfaí an teorannú geografach ar na ceadúnais a mhíniú trí thagairt a dhéanamh don riachtanas a bhí ann aon úsáid neamhúdaraithe de shaothair cheoil a chomhrac go héifeachtúil.

Breithiúnas an 12 Aibreán 2013 i gcás T-442/08 CISAC v An Coimisiún

 

Sa bhliain 2011 chinn an Coimisiún go raibh an táthcheangal a bhí beartaithe ag Microsoft le déanamh ar Skype i gcomhréir le dlí an Aontais. Thóg dhá iomaitheoir de chuid Skype caingean os comhair na Cúirte Ginearálta ag argóint go mbeadh tionchair fhrithiomaíocha ag an táthcheangal. Sheas an Chúirt Ghinearálta le cinneadh an Choimisiúin, áfach. Chinn an Chúirt Ghinearálta nach gcuirfeadh an cumasc srian ar an iomaíocht sa mhargadh cumarsáide idirlíonbhunaithe do thomhaltóirí nó sa mhargadh cumarsáide idirlíonbhunaithe do ghnóthaí.

Breithiúnas an 11 Nollaig 2013 i gcás T-79/12 Cisco Systems agus Messagenet v An Coimisiún

Státchabhair

San Ostair cuirtear na costais a thabhaíonn an Stát ar mhaithe le táirgeadh leictreachais ghlais ó acmhainní inathnuaite ar aghaidh chuig na tomhaltóirí. Sa bhliain 2008, bheartaigh Rialtas na hOstaire uasteorainn a chur leis na costais sin a gearradh ar ghnólachtaí a bhíonn dian ar fhuinneamh. Bhí an Coimisiún den tuairim, áfach, gurbh ionann an uasteorainn sin agus Státchabhair nach raibh ag luí le dlí an Aontais Eorpaigh. D’aontaigh an Chúirt Ghinearálta leis an tuairim sin, ag rialáil gurbh ionann uasteorainn den sórt sin agus díolúine ó cháin speisialta chun tairbhe roinnt gnólachtaí ach a dhéanann dochar do ghnólachtaí eile agus nach raibh údar leis an difríocht lena gcaitear leo ar bhonn an chuspóra inmhianaithe a bhaint amach. Ina theannta sin, ní raibh an chabhair sin i gcomhréir leis na treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil.

Breithiúnas an 11 Nollaig 2014 i gcás T-251/11 An Ostair v An Coimisiún

 

Is institiúid airgeadais as an Ísiltír í ING san earnáil baincéireachta agus árachais. Le linn na géarchéime airgeadais, thug an Ísiltír cabhair do ING i bhfoirm instealladh caipitil, ach athraíodh na téarmaí aisíocaíochta ar an instealladh caipitil sin thar am. Rialaigh an Coimisiún gur tugadh státchabhair €2 billiún sa bhreis do ING mar thoradh ar na téarmaí aisíoctha nua seo. Chinn an Chúirt Ghinearálta, áfach, nárbh fhéidir a bhunú gurbh ionann sin agus Státchabhair ós rud é nach ndearna an Coimisiún scrúdú an ndiúltódh infheisteoir príobháideach sa staid chéanna is a bhí Stát na hÍsiltíre athrú den sórt sin ar na téarmaí aisíoctha a dheonú agus, mar sin, leas sa bhreis den sórt sin a chur ar fáil.

Breithiúnas an 2 Márta 2012 i gcásanna uamtha T-29/10 agus T-33/10 An Ísiltír v An Coimisiún

 

Tráth a bhí ar an gcuideachta aerlíne Iodálach Alitalia déileáil le deacrachtaí tromchúiseacha airgeadais, thug an Iodáil iasacht airgid € 300 milliún don chuideachta sa bhliain 2008 agus chinn an Stát na scaireanna a bhí acu in Alitalia a dhíol. Rinne an Coimisiún an iasacht a tugadh do Alitalia a aicmiú mar iasacht mhídhleathach (toisc nach ndeonódh infheisteoir príobháideach iasacht den sórt sin dá mbeadh siad sa staid chéanna), ach cheadaigh an Coimisiún díol na scaireanna ar an gcoinníoll go ndíolfar iad ar phraghas an mhargaidh. Chuir Ryanair cás faoi bhráid na Cúirte Ginearálta lena ndearna siad gearán gur bhain Alitalia buntáiste as Státchabhair nach raibh i gcomhréir le dlí an Aontais. Níor ghlac an Chúirt Ghinearálta leis an argóint, ag seasamh le hanailís an Choimisiúin ar gach pointe.

Breithiúnas an 28 Márta 2012 i gcás T-123/09 Ryanair v An Coimisiún

Talmhaíocht

In 2011 thug an Coimisiún isteach lipéadú éigeantach do thorthaí citris a ndéantar próiseáil orthu i ndiaidh an fhómhair a thabhairt isteach agus ina mbaintear úsáid as oibreáin leasaitheacha nó substaintí ceimiceacha eile. D'iarr an Spáinn ar an gCúirt Ghinearálta na rialacha sin a chur ar neamhní ar an bhforas gur bhain na rialacha le táirgeoirí torthaí citris amháin - agus nár bhain siad le táirgeoirí torthaí eile a phróiseáiltear tar éis an fhómhair chomh maith - agus go raibh na rialacha idirdhealaitheach dá bhrí sin.  Chinn an Chúirt Ghinearálta, áfach, murab ionann agus na torthaí eile sin (bananaí, mealbhacáin uisce, mealbhacáin), go mbaintear úsáid as craiceann na dtorthaí citris sa chócaireacht agus go n-áirithítear leis na rialacha pacáistithe, ar bhealach nach bhfuil idirdhealaitheach, cosaint ardleibhéil aonfhoirmigh do thomhaltóirí.

Breithiúnas an 13 Samhain 2014 i gcás T-481/11 An Spáinn v An Coimisiún

Sláinte Phoiblí

Is cógas leighis é Orphacol atá foirmlithe le cóireáil a chur ar dhaoine in aghaidh neamhoird ae atá an‑neamhchoitianta ach atá an-tromchúiseach; d'fhéadfadh na neamhoird seo a bheith ina thrúig bháis i gcás leanaí. Sa bhliain 2009, d’iarr an tsaotharlann chógaisíochta Fhrancach Laboratoires CTRS ar an gCoimisiún an táirge íocshláinte seo a údarú. Dhiúltaigh an Coimisiún údarú a dhéanamh ar an mbonn nár leag Laboratoires CTRS amach torthaí ar thrialacha cliniciúla a rinneadh ar an táirge. Chuir an Chúirt Ghinearálta an cinneadh sin ar neamhní, ag rialú nach raibh Laboratoires CTRS, de réir na bhforálacha cuí, faoi iallach torthaí den sórt sin a sholáthar ós rud é go raibh na substaintí gníomhacha sa táirge íocshláinte in úsáid mar leigheas seanbhunaithe laistigh den Aontas ar feadh 10 mbliana ar a laghad.

Breithiúnas an 4 Iúil 2013 i gcás T-301/12 Laboratoires CTRS v An Coimisiún

Caidreamh Seachtrach AE

Is uirlis bharrthábhachtach sa pholasaí eachtrach iad bearta sriantacha nó “smachtbhannaí” atá in úsáid ag an Aontas Eorpach ar mhaithe le hathrú a dhéanamh ar bheartas nó gníomhaíocht de thír. D’fhéadfadh bearta sriantacha a bheith i bhfoirm thrádbhaic arm, reo sócmhainní, srianta ar theacht isteach ar chríoch an Aontais Eorpaigh nó idirthuras a dhéanamh tríd, toirmisc allmhairiúcháin nó toirmisc onnmhairiúcháin etc. Is féidir bearta sriantacha a dhíriú ar rialtais, cuideachtaí, daoine aonair agus grúpaí nó eagraíochtaí (grúpaí sceimhlitheoireachta mar shampla).

De bhreis ar ghrúpaí sceimhlitheoireachta cosúil le Al-Quaeda, tá smachtbhannaí forchurtha ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ar thart ar thríocha tír amhail an Afganastáin, an Bhealarúis, an Cósta Eabhair, an Éigipt, an Iaráin, an Libia, an Rúis, an tSiria, an Túinéis, an Úcráin agus an tSiombáib.

 

Rinne an Chomhairle cistí Eyad Makhlouf (col ceathrair le Bashir Al Assad, Uachtarán na Siria) a reo ar an mbonn gur deartháir é le Rami Makhlouf (duine de na fir ghnó is cumhachtaí sa tSiria) agus gur oifigeach é de chuid na Stiúrthóireachta Ginearálta um Fhaisnéise a bhí gafa leis an bpobal sibhialtach sa tSiria a chur faoi chois go foréigneach. Sheas an Chúirt Ghinearálta leis an reo, ag rialú nár chuir Eyad Makhlouf fianaise ar fáil lena mbréagnófaí an líomhaint go raibh tacaíocht tughta aige don réimeas sa tSiria. Ina theannta sin, níor sáraíodh cearta chun cosanta Eyad Makhlouf toisc gur tugadh an deis dó é féin a chosaint go héifeachtach i gcoinne na Comhairle.

Breithiúnas an 13 Meán Fómhair 2013 i gcás T-383/11 Makhlouf v An Coimisiún

 

Sa bhliain 2010 cuireadh an chuideachta Fulmen agus stiúrthóir na cuideachta faoi réir reo ar a gcístí toisc go raibh baint acu, dar leis an gComhairle, le trealamh leictreach a shuiteáil ag suíomh rúnda atá ceangailte le clár núicléach na hIaráine. Chuir an Chúirt Ghinearálta an reo ar neamhní, áfach. Chinn an Chúirt Ghinearálta go raibh réasúnaíocht na Comhairle bunaithe ar líomhaintí gan aon bhunús amháin agus, dá bhrí sin, nach raibh cruthúnas curtha ar fáil ag an gComhairle d’idirghabháil ó Fulmen nó óna stiúrthóir ag an suíomh lena mbaineann. Rialaigh an Chúirt Ghinearálta go raibh an Chomhairle faoi cheangal fianaise den sórt sin a chur ar fáil.

Breithiúnas an 21 Márta 2012 i gcásanna uamtha T-439/10 agus T440/10 Fulmen agus Fereydoun Mahmoudian v An Chomhairle

Beartas Eacnamaíoch

Is comhlachtaí airgeadais iad “contrapháirtithe lárnacha” a chinntíonn go ndéantar idirbhearta a imréiteach trí riosca creidmheasa na bpáirtithe a bhainistiú. Sa bhliain 2011 chuir an Banc Ceannais Eorpach choinníoll i bhfeidhm go mbeadh contrapháirtithe lárnacha a bhíonn ag déileáil le hidirbhearta euro lonnaithe sa limistéar euro. D’iarr an Ríocht Aontaithe, nach bhfuil mar chuid den limistéar euro, go gcuirfí an coinníoll sin ar neamhní toisc gur fhág sé contrapháirtithe sa Ríocht Aontaithe faoi mhíbhuntáiste. Ghlac an Chúirt Ghinearálta leis sin, ag cinneadh nach raibh BCE inniúil chun a leithéid de choinníoll maidir le suíomh a bhunú.

Breithiúnas an 4 Márta 2015 i gcás T-496/11 An Ríocht Aontaithe v BCE

Rochtain ar dhoiciméid

Sa bhliain 2009 d’iarr Sophie In’t Veld, Feisire de Pharlaimint na hEorpa ón Ísiltír, ar an gComhairle rochtain a thabhairt di ar thuairim óna Seirbhís Dlí maidir le tús a chur le caibidlíocht idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i dtaobh an Chomhaontaithe SWIFT a bheadh ann sa todhchaí (comhaontú lena n‑údaraítear d’údaráis SAM rochtain a fháil ar shonraí baincéireachta Eorpacha mar chuid den chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta). Dhiúltaigh an Chomhairle rochtain a thabhairt di don Tuairim ina hiomláine. Chuir an Chúirt Ghinearálta an diúltú sin ar neamhní go páirteach (eadhon a mhéid is nár bhain sé le hinneachar an chomhaontaithe go sonrach ná leis na treoracha caibidlíochta). Chinn an Chúirt Ghinearálta nach raibh sé cruthaithe ag an gComhairle, le fianaise ar leith – agus fiosrú á dhéanamh aici an bhféadfaidh údar a thabhairt le nochtadh na n-eilimintí lena mbaineann ar bhonn leas sáraitheach poiblí – go raibh baol ann go mbainfí an bonn den chosaint a thugtar do thuairimí dlí agus nár chuir an Chomhairle san áireamh gur bhain an tuairim lena mbaineann le sainréimse chosaint na sonraí pearsanta.

Breithiúnas an 4 Bealtaine 2012 i gcás T-529/09 In’t Veld v An Chomhairle