Bailítear sonraí pearsanta nuair a bhíonn cuairteanna á n-eagrú chun a chinntiú go dtarlaíonn na cuairteanna faoi na coinníollacha is fearr (teagmháil agus malartú comhfhreagrais, clár na cuairte a chur le chéile sa teanga oiriúnach, caighdeán oideachais agus spéis na cuairteoirí). Déanann an Stiúrthóireacht um Prótacal agus Cuairteanna próiseáil ar na sonraí pearsanta nuair atá an cuairt á heagrú agus á reáchtáil agus scriostar sonraí 6 bliana tar éis na cuairte ar a dhéanaí. Ní thugtar na sonraí ach d’eagraithe na cuairte (na cuairteoirí lena mbaineann agus an Stiúrthóireacht um Prótacal agus Cuairteanna), na comhaltaí foirne a bhuaileann leis na cuairteoirí, Stiúrthóireacht na hAteangaireachta má tá gá le hateangaireacht agus, más gá, comhlachtaí inniúla chun seiceálacha a dhéanamh faoin reachtaíocht.
De bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann leat agus, más gá, na sonraí sin a cheartú.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis sin nó chun rochtain a fháil ar na sonraí a phróiseáiltear, déan teagmhail leis an Stiúrthóireacht um Prótacal agus Cuairteanna. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí am ar bith chomh maith.
Chun sábháilteacht na ndaoine agus na hábhair agus an fhaisnéis ina foirgnimh a chinntiú, tá córas físfhaireachais suiteáilte ag an gCúirt Bhreithiúnais ar na láithreáin inmheánacha agus sheachtracha. Coimeádtar na híomhánna arna dtaifeadadh ar feadh tréimhse theoranta agus cuirtear iad ar fáil do líon beag daoine údaraithe.
Déantar taifead ar íomhánna agus faireachas le ceamara i gcomhréir leis an reachtaíocht i leith sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint. Tugann picteagram ar leith sna háiteanna clúdaithe le fios go bhfuil córas físfhaireachais ann.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise:
- Fógra faisnéise maidir le físfhaireachas FR EN
Tá córas ag an gCúirt Bhreithiúnais chun rochtain ar a foirgnimh agus laistigh dá foirgnimh a rialú, chun teorainn a chur leis na rioscaí ionraidh nó gníomhartha mailíseacha a d’fhéadfaí a dhéanamh iontu agus, mar sin, sábháilteacht daoine, faisnéise agus maoine a áirithiú.
Cuirtear an córas chun rochtain ar fhoirgnimh na Cúirte Breithiúnais a rialú chun feidhme ar bhonn na rialacha slándála inmheánacha arna nglacadh ag an institiúid
Tuilleadh eolais: Notice d’information - Information notice
Chuir an Chúirt Bhriethiúnais bearta i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh aon neamhréir, mífheidhmiú, cúnamh éigeandála nó fadhb a d’fhéadfadh a bheith ann i leith sábháilteacht nó slándáil daoine, maoine nó foirgneamh mar ábhar tuairisce teagmhais inmheánaí.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise: