Ar aghaidh go dtí an príomhábhar



Anthony Michael Collins
Anthony Michael Collins

Rugadh Anthony Michael Collins in 1960 in New Haven (Stáit Aontaithe Mheiriceá). Bhain sé céim amach in Eolaíocht an Dlí ó Chóláiste na Tríonóide (Éire) in 1984 agus bhain sé cáilíocht amach mar Abhcóide ó Chumann Onórach Óstaí an Rí (Baile Átha Cliath) in 1986.

Lean sé lena slí bheatha ghairmiúil ag Barra na hÉireann mar abhcóide, ó 1986 go 1990 agus ó 1997 go 2003, agus mar abhcóide sinsir ina dhiaidh sin, ó 2003 go 2013. Chuir sé a chuid oibre mar abhcóide ar fionraí go sealadach idir 1990 agus 1997 chun dul isteach i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach mar Rúnaí Dlí in oifigí na mbreithiúna Thomas Francis O’Higgins (ó 1990 go 1991) agus John L. Murray (ó 1991 go 1997). Ceapadh é ina chomhalta de Bhuantoscaireacht Chomhairle Bharraí na hEorpa (CCBE) chuig an gCúirt Bhreithiúnais agus chuig Cúirt Bhreithiúnais de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (AELE) idir 2006 agus 2013. Ó 2015, bhí post aige mar ollamh comhlach i ndlí an Aontais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (Éire). Tá sé ina údar freisin ar roinnt foilseachán agus leabhar ar dhlí riaracháin na hÉireann agus ar an dlí AE.

Breitheamh sa Chúirt Ghinearálta ón 16 Meán Fómhair 2013 go dtí an 7 Deireadh Fómhair 2021. Abhcóide Ginearálta sa Chúirt Bhreithiúnais ón 7 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 7 Deireadh Fómhair 2024.