Rugadh Virgilijus Valančius in 1963 in Plungė (an Liotuáin). Bhain sé céim sa dlí amach in Vilniaus universitetas (Ollscoil Vilnias, an Liotuáin) in 1986 agus dochtúireacht sa dlí in Mykolo Romerio universitetas (Ollscoil Mykolas Romeris, an Liotuáin) in 2000. In 2008 chuir sé a iarratas isteach ar chéim iardhochtúireachta (habilitation) chuig Mykolo Romerio universitetas, a bhronn an teideal seo air sa bhliain 2008.
In 1986, chuir an tUasal Valančius tús lena shlí bheatha ghairmiúil mar ionchúisitheoir, post a bhí aige go dtí 1990. Idir 1991 agus 1994, chuaigh sé isteach i seirbhís na mbreithiúna ina thír dhúchais mar bhreitheamh agus ansin, ó 1993 go 1994, mar Leas-Uachtarán den Vilniaus miesto apylinkės teismas (Chúirt Dúiche Vilnias, an Liotuáin). Idir 1995 agus 2002, ceapadh é ina bhreitheamh den Lietuvos apeliacinis teismas (Cúirt Achomhairc na Liotuáine), áit a raibh sé ina chathaoirleach freisin ar an dlísheomra sibhialta. Ó 2002 go 2013, bhí sé ina bhreitheamh den Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (Cúirt Uachtarach Riaracháin na Liotuáine), a raibh sé ina Uachtarán uirthi idir 2002 agus 2008.
Ó 1997, bhí baint ag an Uasal Valančius leis an teagasc chomh maith mar léachtóir ag Vilniaus universitetas. Theagasc sé freisin ag Mykolo Romerio universitetas mar léachtóir ó 1998 go 2000 agus mar ollamh comhlach idir 2000 agus 2008. Idir 2002 agus 2006, ceapadh é ina Cheann ar an Roinn Nós Imeachta Shibhialta agus ceapadh ina ollamh é in 2008.
Ó 2006 go 2008 bhí sé ina chathaoirleach ar an Association européenne des magistrats (Comhlachas Eorpach na mBreithiúna) (AEM), agus bhí sé ina Leas-Uachtarán ar an Union internationale des magistrats (Comhlachas Idirnáisiúnta na mBreithiúna) (UIM) ó 2006 go 2014. Bhí sé ina chomhalta freisin de Chomhairle Chomhairleach na mBreithiúna Eorpacha (CCJE) ó 2000 go 2014, agus bhí sé ina chomhalta den bhord bainistíochta de Chomhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas-Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh (ACA-Europe) ó 2010 go 2013. Bhí sé ina chomhalta freisin de choiste comhairleach d’Acadamh an Dlí Eorpaigh (ERA) idir 2008 agus 2011.
Breitheamh den Chúirt Ghinearálta ón 13 Aibreán 2016 go dtí an 27 Meán Fómhair 2023