D’fhéadfadh sé go mbeadh ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sonraí pearsanta a phróiseáil agus a cúraimí breithiúnacha á bhfeidhmiú aici, ach freisin agus í i mbun a cúraimí neamhbhreithiúnacha.
Tá tréithe sonracha ag baint le cosaint sonraí pearsanta, ag brath ar na cúraimí atá i gceist. Agus a gcúraimí breithiúnacha á bhfeidhmiú acu, is amhlaidh go bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta faoi réir ceanglais ar leith, a eascraíonn as cineál na gcúraimí sin agus, go háirithe, as an ngá atá ann le prionsabal an neamhspleáchais agus an prionsabal go riarfar an ceartas go poiblí a urramú.
Agus a gcúraimí breithiúnacha á bhfeidhmiú acu, bailíonn agus próiseálann an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta sonraí pearsanta chun seoladh rianúil na n‑imeachtaí breithiúnacha a chinntiú agus, go háirithe, chun a chinntiú go seoltar na doiciméid nós imeachta chuig na páirtithe sna himeachtaí.
Tá an phróiseáil sin ceaptha chomh maith chun faisnéis úsáideach maidir leis na himeachtaí cúirte a scaipeadh, idir imeachtaí atá fós ar siúl agus imeachtaí a bhfuil clabhsúr curtha leo, de réir an phrionsabail go riarfar an ceartas go poiblí.
Is ionann an fhaisnéis sin agus an fhaisnéis dá bhforáiltear sa Phrótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i Rialacha Nós Imeachta na gcúirteanna agus sna téacsanna arna nglacadh de bhun an chéanna, faoi seach. Is féidir teacht ar na téacsanna sin ar na leathanaigh atá tiomnaithe chuige sin:
- An Nós Imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais
- An Nós Imeachta os comhair na Cúirte Ginearálta
Ós rud é gur féidir leis an bhfaisnéis maidir le himeachtaí cúirte arna foilsiú ar an idirlíon a bheith luaite agus a bheith aimsithe ina dhiaidh sin le hinneall cuardaigh, iarrtar ar na daoine a ghlacann páirt in imeachtaí os comhair ceann de na cúirteanna lena gcomhdhéantar Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh na mínithe seo a leanas maidir le deonú anaithnideachta i gcaitheamh na n‑imeachtaí cúirte a léamh go cúramach:
- Deonú anaithnideachta le linn na n‑imeachtaí cúirte os comhair na Cúirte Breithiúnais
- Anaithnideacht a dheonú do pháirtithe in imeachtaí cúirte os comhair na Cúirte Ginearálta
Ní mór na hiarratais ar anaithnideacht i gcomhthéacs imeachtaí cúirte a sheoladh chuig an gcúirt lena mbaineann, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta is infheidhme.
Leagtar síos na modhanna éagsúla chun dul i dteagmháil le Clárlann na cúirte lena mbaineann ar a leathanaigh faoi seach:
- Clárlann na Cúirte Breithiúnais
- Clárlann na Cúirte Ginearálta
I gcás ina bhfuil próiseáil na sonraí dá dtagraítear in iarratas de fhreagracht ar Chláraitheoir na cúirte lena mbaineann, cuir i gcás de bharr a fhreagrachta as foilseacháin na cúirte, agus, go háirithe, as breitheanna na cúirte, tabharfaidh sé breith ar an iarratas sin laistigh de dhá mhí i bprionsabal, agus mura bhfaighfear freagra laistigh den tréimhse sin, measfar gurb ionann sin agus cinneadh intuigthe an t‑iarratas a dhiúltiú.
Féadfar gearán a thabhairt in aghaidh chinneadh Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais nó Chláraitheoir na Cúirte Ginearálta, laistigh de dhá mhí, os comhair coiste arna bhunú, faoi seach, laistigh den Chúirt Bhreithiúnais nó den Chúirt Ghinearálta, coiste atá freagrach as urramú na rialacha maidir le cosaint sonraí a chinntiú.
Leagtar síos na coinníollacha faoina bhféadfar gearán a thabhairt os comhair an Chláraitheora nó an choiste inniúil sna cinntí seo a leanas:
Beidh tréimhse ceithre mhí ag an gcoiste inniúil chun breith a thabhairt ar an ngearán. Mura dtabharfaidh an coiste freagra laistigh den tréimhse sin, measfar gur deimhniú intuigthe é sin ar chinneadh an Chláraitheora a ndearnadh an gearán ina choinne.
Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil na coistí sin inniúil chun breith a thabhairt ar na cinntí arna nglacadh ag Cláraitheoir na cúirte lena mbaineann ach amháin sa chás go bhfuil an phróiseáil atá i gceist de fhreagracht air. Ní hionann gearán a thabhairt os comhair na gcoistí sin agus leigheas in aghaidh cinneadh cúirte arna ghlacadh ag an gCúirt Bhreithiúnais nó ag an gCúirt Ghinearálta.
D’fhéadfadh sé go mbeadh ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sonraí pearsanta a phróiseáil agus a cúraimí neamhbhreithiúnacha á bhfeidhmiú aici chomh maith, cuir i gcás mar chuid dá gníomhaíochtaí riaracháin.
Coimeádann an tOifigeach Cosanta Sonraí taifead ar phróiseáil na sonraí pearsanta
Áireofar sa taifead sin, go háirithe, faisnéis faoin rialaitheoir, faoi chríocha na próiseála, faoi na daoine agus faoi na sonraí a mbaineann an phróiseáil leo, faoi fhaighteoirí na sonraí, faoi aon aistriú de na sonraí agus faoin tréimhse stórála.
Tá an taifead sin ar fáil don phobal:
- Féach an Lárthaifead de Ghníomhaíochtaí Próiseála
I gcás ina bpróiseálann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sonraí pearsanta faoi chuimsiú a cúraimí neamhbhreithiúnacha, is féidir leis na daoine a bpróiseáiltear a gcuid sonraí na cearta a bhronntar orthu le Rialachán (AE) 2018/1725 a fheidhmiú agus, go háirithe, an ceart chun rochtain ar a gcuid sonraí a iarraidh ar an rialaitheoir, an ceart chun iad a cheartú nó a léirscriosadh nó an ceart chun srian a chur leis an bpróiseáil. Faoi choinníollacha áirithe, foráiltear leis an rialachán thuasluaite don cheart chun agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála sin, ar fhorais a bhaineann le staid leithleach an duine lena mbaineann.
Féadfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gcásanna eisceachtúla, srian a chur le raon feidhme ceart áirithe. Is féidir na srianta sin a chur i bhfeidhm maidir leis an gceart chun faisnéise, leis an gceart rochtana, leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin, leis an gceart go ndéanfaí léirscriosadh, leis an gceart go gcuirfí srian le próiseáil, leis an oibleagáid fógra a thabhairt maidir leis na cearta seo, leis an oibleagáid duine a chur ar an eolas maidir le sárú i ndáil le sonraí nó rúndacht na cumarsáide leictreonaí.
Leagtar síos an creat rialála le haghaidh na srianta sin le Cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha inmheánacha maidir le srianta ar chearta áirithe de chuid na ndaoine is ábhar do shonraí i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus a cúraimí neamhbhreithiúnacha á bhfeidhmiú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Ní mór do gach cinneadh chun srian a chur le cearta na ndaoine is ábhar do shonraí a bheith riachtanach agus comhréireach, ag féachaint don chás atá idir lámha. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis sin sna cásanna seo a leanas go háirithe:
- mar chuid d’fhiosrúcháin, d’imscrúduithe, d’iniúchtaí nó de nósanna imeachta inmheánacha eile;
- agus faisnéis á seoladh ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chuig an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF);
- i gcomhthéacs comhar leis na hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, le húdaráis na mBallstát nó le tríú tíortha chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
- agus próiseáil á déanamh ag na seirbhísí riaracháin ar chásanna cúirte ina bhfuil Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina páirtí féin iontu.
Tá na srianta sin faoi réir faireachán rialta agus athbhreithniú tréimhsiúil.
Is féidir leat dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí maidir le ceist ar bith faoi shonraí pearsanta arna bpróiseáil i gcomhthéacs gníomhaíochtaí neamhbhreithiúnacha na hinstitiúide agus faoi do chearta a fheidhmiú.
Chuige sin, iarrtar ort úsáid a bhaint as an bhfoirm theagmhála bheartaithe agus, “Baineann mo cheist le: próiseáil mo chuid sonraí pearsanta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh” a roghnú ar an liosta anuas.
Má mheasann duine go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta ar neamhréir le Rialachán (AE) 2018/1725, féadfaidh sé gearán a sheoladh chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. Ní féidir, áfach, faireachán a dhéanamh ar phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus a cúraimí breithiúnacha á bhfeidhmiú aici.