Tá sé mar aidhm ag an gCúirt Bhreithiúnais an Chúirt a thabhairt níos cóngaraí dá saoránaigh, go háirithe trí chuairteanna a eagrú. Is é cuspóir na gcuairteanna ná daoine a chuir ar a gcumas chun tuiscint níos fearr ar bhunchúis agus bhunról Chúirteanna an Aontais a fháil agus an tslí ina mbíonn tionchar díreach ag breithiúnais na Cúirte ar saol shaoránaigh na hEorpa.
Toisc nádúr ar leith ghníomhaíochtaí na hinstitiúide, cuireann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ag a suíomh i Lucsamburg, fáilte roimh ghrúpaí speisialaithe, amhail breithiúna naisiúnta, abhcóidí, ollúna ollscoile, dlíodóirí inmheánacha etc. Freisin, cuireann an Chúirt an fháilte chéanna roimh líon mór cuairteoirí eile, mic léinn dlí ach go háirithe.
Fiú go moltar cuairteanna i bpearsa fós chun cuairt a thabhairt ar an institiúid, tá cuairteanna fíorúla le fáil anois.
Tá na cuairteanna teoranta de réir théarmaí na Cúirte agus bíonn siad ar siúl ar laethanta oibre idir 8 a.m. agus 5.30 p.m.
Le haghaidh cuairteanna aonair nó treoraithe, féach ar an leathanach ábharthach, le do thoil.
Bíonn cuairteanna a eagraíonn an tAonad Seimineár agus Cuairteanna saor in aisce agus bíonn siad ar siúl i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
I gcomhthéacs chóras ‘EMAS’, tá Séirbhís Cuairteanna Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tiomanta, i ngach réimse, do ghníomhú ar bhealach atá oiriúnach don chomhshaol agus a cuid gníomhaí a fheabhsú go leanúnach, ach go háirithe, trí chláir fhíorúla a chur ar fáil agus trí cháipéisí digiteacha a scaipeadh.
Sula ndéanann tú d’iarratas ar chuairt, léigh go cúramach an fhaisnéis a bhaineann leis na coinníollacha clárúcháin agus eagraíochta, le do thoil.
Cuireann Seirbhís na gCuairteanna dhá chineál gníomhaíochtaí ar fáil: cuairteanna agus seimineáir.
Tá an dá ghníomhaíocht le fáil i bpearsa agus i bhformáid fhíorúil.
Is é an feidhmchlár My Visit a úsáidtear chun cuairteanna i bpearsa agus cuairteanna fíorúla a bhainistiú. Iarrtar ar cheannaire an ghrúpa úsáid a bhaint as an bhfeidhmchlár sin chun an t-iarratas ar chuairt a dhéanamh. Agus an t-iarratas á dhéanamh agat, luaigh go sonrach, le do thoil, sa mhír le haghaidh ‘tráchtanna’ má tá cuairt fhíorúil uait.
Le haghaidh cuairteanna i bpearsa agúis fíorúla, is féidir gnéithe an chláir atá oiriúnach do do chuid ábhair spéise agus do chuid tuiscint dlíthiúil, agus a bhfuil am agat dóibh, a roghnú.
Is féidir na gnéithe sin den chlár a roghnú sa cheistneoir a iarrtar ort a chomhlíonadh san fheidhmchlár (féach ar an mír ‘Ceangal le My Visit’). Ag brath ar fhoireann na Cúirte a bheith ar fáil agus acmhainní eile, déanfaidh Seirbhís na gCuairteanna a ndícheall freastal ar d’iarratas.
Is ionann na himthosca faoina n-eagraítear cuairteanna fíorúla agus cuairteanna i bpearsa, ach ní gá go mbeadh níos lú ná 35 dhuine sa ghrúpa. Féadfaidh tú do rogha a dhéanamh de na ghnéithe thuas chun do chlár féin a dhéanamh. Is féidir cuairteanna fíorúla a mhodhnú chun iad a chur in oiriúint do leibhéal tuisceana agus d’ábhair spéise an ghrúpa. Tá feidhmchlár faoi leith ag an gCúirt Bhreithiúnais atá beartaithe le haghaidh na gchlár sin, ach, faoi choinníollacha áirithe, glacfaidh Seirbhís na gCuairteanna leis go dtarlóidh an chuairt fíorúil ar do rogha fheidhmchláir. Is féidir leis na rannpháirtithe logáil isteach ar bhonn indibhidiúil agus cuirfidh Seirbhís na gCuairteanna nasc logáil isteach ar fáil duit chomh maith le, más gá, dáta agus nasc chun an logáil isteach a thástáil.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar chuairt fíorúil trí ‘My Visit’ (féach ar an mír ‘Ceangal le My Visit’). Agus an t-iarratas á dhéanamh agat, luaigh go sonrach, sa mhír le haghaidh ‘tráchtanna’, má tá cuairt fhíorúil uait.
Laistigh de thréimhse réasúnta ama (coicís roimh an dáta, ar a laghad) is féidir iarratas a dhéanamh freisin ar chuairt i bpearsa a athrú go cuairt fhíorúil nó vice versa.
I gcás deacrachta nó má tá aon cheist agat a bhaineann le heagrú do chuairte, téigh i dteagmháil le Seirbhís na gCuairteanna (foirm theagmhála – an mhír ‘cuairteanna eagraithe’).
Is féidir Seimineáir a mhaireann ar feadh lá nó dhó agus lena mbeartaítear cláir a shocraítear le hábhair spéise na rannpháirtithe go díreach san áireamh a shocrú ar iarratas ó ghrúpa breithiúna.
Is í aidhm na seimineár sin cuir le scaipeadh agus le tuiscint fheabhsaithe dhlí an Aontais go dtí go gcuirfear feabhas ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais. Aidhm eile atá ag na seimineáir ná an plé idir an breitheamh náisiúnta agus an breitheamh Eorpach a éascú, sa chéad háit, agus, sa dara háit, an comhoibriú breithiúnach idir na Ballstáit éagsúla a éascú.
Tá na seimineáir ar fáil i bhformáid fhíorúil freisin.
Má tá suim agat i bhformáid faoi leith, téigh i dteagmhail le Séirbhís na gCuairteanna (foirm theagmhála – an mhír ‘cuairteanna eagraithe’), agus cuirfidh siad na treoracha riachtanacha go léir ar fáil duit.
https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/MY_Visit_Evaluation
https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/MY_Visit_Evaluation
Ligeann My Visit duit cuairteanna i bpearsa agus fíorúla a bhainistiú. Iarrtar ar cheannasaí an ghrúpa an feidhmchlár a úsáid chun an t-iarratas a dhéanamh. Agus an t-iarratas á dhéanamh agat, luaigh go sonrach, sa mhír le haghaidh ‘tráchtanna’, má tá foirm fíorúil uait.
Chun an feidhmchlár a úsáid, ní mór seoladh ríomhphoist bailí a bheith agat agus ní mór próifíl phearsanta a chruthú. Tríd an bpróifíl phearsanta, is féidir:
Nuair a bheidh an t-iarratas déanta agat, beidh tú in ann logáil isteach ar do phróifíl phearsanta agus:
Má eascraíonn fadhb ar bith agus tú ag úsáid My Visit, is féidir breathnú ar lámhleabhar ar líne an úsáideora trí chliceáil ar ‘?’ , nó bain úsáid as an bhfoirm teagmhála – an mhír ‘cuairteanna eagraithe’.
Mura bhfuil seoladh ríomhphoist agat, féach Teagmháil.
A bhuí le tabhartais agus iasachtaí na mBallstát, coimeádann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cnuasach ealaíne a léiríonn oidhreacht chultúrtha na hEorpa. Mar gheall ar obair ailtireachta Dominique Perrault ar fhoirgneamh na Cúirte, rinneadh iad a athlonnú agus a fheabhsú. Is minic a eagraíonn Seirbhís Chuairteanna Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cuairteanna treoraithe saor in aisce chun taitneamh a bhaint as an gcnuasach ealaíne seo faoin ailtireacht aitheanta seo.
Eagraítear na turais sin, de réir amchláir réamhsháinithe, as Béarla, as Fraincis nó as Gearmáinis, do ghrúpaí nach mó ná 20 duine an turais. Iarrtar ar aon daoine a bhfuil súim acu páirt a ghlacadh i dturas dá leithéid cláraigh 2 lá oibre roimh ré, ar a laghad, trí úsáid a bhaint as an bhfoirm clárúcháin . Iarrtar ar chuairteoirí a bhfuil áiteanna deimhnithe acu teacht go bealach isteach na gcuairteoirí (plean) 15 nóiméad roimh thús an turais, le doiciméad aitheantais.
Is féidir cuairteanna treoraithe sa bhreis, do ghrúpaí amháin (le 7 rannpháirtithe ar a laghad), a eagrú ach iad a iarraidh ó Sheirbhís na gCuairteanna (foirm teagmhála – an mhír ‘turais eagraithe’)