Déanann seirbhís aistriúcháin dhlíthiúil na hinstitiúide, ina a bhfuil 600 dlíodóir, doiciméid bhreithiúnacha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a aistriú. Cinntíonn an tseirbhís, mar sin, reáchtáil réidh nósanna imeachta agus scaipeadh ilteangach an chásdlí, rud a thugann rochtain do shaoránaigh uile an Aontais ar cheartas agus cásdlí na hEorpa, beag beann ar a dteanga.
Déanann an tseirbhís réimse leathan téacsanna dlí a aistriú agus iad éagsúil de réir roinnt gnéithe: nádúr an cháis, an t-ábhar, an cineál doiciméid (doiciméid nós imeachta, Tuairimí Abhcóidí Ginearálta, breithiúnais, orduithe), teanga, stíl, fad, cultúr dlíthiúil an údair, etc.
Tá beagnach trian de na téacsanna aistrithe ag comhoibrithe seachtracha (saoraistritheoirí). Is daoine nádúrtha nó dlíthiúla iad seo ar chuir an institiúid conradh i gcrích leo, bunaithe ar na rialacha rúndachta is déine, agus a bhfuil dlúthchaidreamh oibre aici leo. Cé go bhfuil cuspóirí cáilíochta aistriúcháin an-ard, baineann saoraistritheoirí tairbhe as tacaíocht agus cúnamh sheirbhís aistriúcháin na Cúirte chun é sin a bhaint amach.
Tá na saoraistritheoirí saor chun a n-áit oibre a roghnú, ós rud é go ndéanann siad a gcuid oibre ó chian (tríd an teileafón, ríomhphost agus ardáin éagsúla Idirlín a úsáid). Ina theannta sin, is féidir le saoraistritheoirí glacadh leis an méid aistriúcháin a oireann dóibh, ag brath ar na spriocdhátaí éagsúla. Mar sin, is féidir an cineál comhoibrithe seo a dhéanamh mar ghníomhaíocht chomhlántach, go háirithe ag gairmithe dlí.
Roghnaítear saoraistritheoirí trí fhógraí conartha a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tá na fógraí conartha seo, a chlúdaíonn líon mór teaglamaí teanga, buan agus oscailte, i.e. ceadaíonn siad rannpháirtíocht conraitheoirí nua tráth ar bith. Síníonn na daoine a roghnaítear ar bhonn tástálacha aistriúcháin – a dhéantar ó chian –creatchonradh leis an gCúirt.
Cuirfear conraitheoirí san áireamh i liosta a bhfuil ord an aicmithe bunaithe ar chaighdeán an aistriúcháin, arna mheasúnú le linn na dtástálacha, agus ar iomaíochas an phraghais a ghearrann an conraitheoir. Moltar an obair aistriúcháin dóibh go rialta de réir an oird aicmithe seo. Déantar athbhreithniú air seo go tréimhsiúil de réir chaighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil, rud a cheadaíonn go háirithe tairiscintí nua a bhreithniú.
Tá an conradh aistriúcháin dhlíthiúil oscailte do chomórtas ar bhonn buan le linn a fhad (48 mí ar a mhéad), ar choinníoll, áfach, nár thángthas ar an líon uasta conraitheoirí don bheart lena mbaineann (d'fhonn an líon uasta conraitheoirí atá údaraithe le haghaidh birt a fháil amach, féach an fógra conartha lena mbaineann). Faoi réir an fhorchoimeádais sin, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlíthenach, dá bhrí sin, iarratas ar rannpháirtíocht a chur isteach le linn fhad an chonartha, déanfaidh an Chúirt measúnú rialta ar na hiarratais nua ar rannpháirtíocht a fhaigheann sí. |
Is féidir iarratais ar fhaisnéis/rannpháirtíocht a sheoladh chuig:
Féadfaidh aon duine cáilithe ar mian leo aistriúcháin a dhéanamh, mar shaoraistritheoir, do na teaglamaí teanga a léirítear sna fógraí conarthaí iarratas ar rannpháirtíocht a chur isteach.
Sprioctheanga | Cur síos | Fógra conartha | |||
GA | Tabhairt i gcrích creatchonarthaí le haghaidh téacsanna dlí i dteangacha oifigiúla áirithe den Aontas Eorpach a aistriú go Gaeilge | 2023/S 031-089998 |
Tá dhá chéim sa soláthar poiblí:
Céim 1: na critéir eisiata agus roghnúcháin a fhíorú chun na hiarrthóirí a roghnú a dtabharfaí cuireadh dóibh tairiscintí a chur isteach
Sa chéad áit, má tá suim agat sa chonradh seo, iarrtar ort iarratas ar rannpháirtíocht a chur isteach.
Céim 2 : creatchonarthaí a dhámhachtain ar bhonn an mheasúnaithe ar thairiscintí a fuarthas ó iarrthóirí ar tugadh cuireadh dóibh tairiscintí a chur isteach
Sa dhara háit, ní thabharfar cuireadh ach do na hiarrthóirí a roghnófar sa chéad chéim tairiscint a chur isteach. Diúltófar d’aon tairiscint a gheofar ó dhuine dlítheanach nó nádúrtha nach bhfuair cuireadh tairiscint a chur isteach.
Is féidir teacht ar na doiciméid ábhartha, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha go léir le haghaidh gach céime, anseo thíos:
Iarrtar ar iarratasóirí a n-iarratas ar rannpháirtíocht i sprioctheanga an fhógra lena mbaineann a chomhlánú.
Ní mór iarratais shínithe ar rannpháirtíocht a sheoladh trí ríomhphost (foirm chlárúcháin shínithe, agus scanta i gceangal leis an ríomhphost) nó tríd an bpost [foirm chlárúcháin shínithe) ag an seoladh a shonraítear i bpointe I.1 den Fhógra Conartha. Ní ghlacfar le naisc chuig spásanna stórála ar líne.
Sonraítear an spriocdháta chun iarratais ar rannpháirtíocht a fháil i mír IV.2.2 den Fhógra Conartha. Mar sin féin, ós rud é gur glao buan é an glao ar thairiscintí, tá na conarthaí aistriúcháin dhlíthiúil fós oscailte chun go bhféadfaidh conraitheoirí nua teacht isteach tráth ar bith. Dá bhrí sin, is féidir measúnú a dhéanamh ar iarratais ar rannpháirtíocht a cuireadh isteach tar éis an spriocdháta a luaitear, ar choinníoll nár sroicheadh uaslíon na gconraitheoirí don bheart (teaglaim teanga)..
Целеви език | Описание | Обявление | |||
BG | Сключване на рамкови договори за превод на юридически текстове от някои официални езици на Европейския съюз на български | Поправка: |
|||
ES | Celebración de contratos marco para la traducción al español de textos jurídicos a partir de determinadas lenguas oficiales de la Unión Europea | ||||
CS | Uzavření rámcových smluv na překlad právních textů z některých úředních jazyků Evropské unie do českého jazyka | 2021/S 101-265573 | |||
DA | Indgåelse af flere rammeaftaler vedrørende oversættelse af juridiske tekster fra bestemte af Den Europæiske Unions officielle sprog til dansk | 2021/S 101-265583 | |||
DE | Abschluss von Rahmenverträgen für die Übersetzung juristischer Texte aus bestimmten Amtssprachen der Europäischen Union ins Deutsche | 2021/S 101-265572 | |||
ET | Raamlepingud juriidiliste tekstide tõlkimiseks Euroopa Liidu teatud ametlikest keeltest eesti keelde | 2021/S 101-265569 | |||
EL | Σύναψη συμβάσεων-πλαισίων για τη μετάφραση νομικών κειμένων από ορισμένες επίσημες γλώσσες της Ευρωπαϊκής Ενώσεως προς τα ελληνικά | 2021/S 101-265585 | |||
EN | Conclusion of framework contracts for the translation of legal texts from certain official languages of the European Union into English | 2021/S 101-265564 | |||
FR | Conclusion de contrats-cadres pour la traduction de textes juridiques de certaines langues officielles de l'Union européenne vers le français | 2021/S 101-265565 | |||
HR | Sklapanje okvirnih ugovora za prijevod pravnih tekstova s određenih službenih jezika Europske unije na hrvatski | 2021/S 101-265575 | |||
IT | Conclusione di contratti-quadro per la traduzione di testi giuridici da determinate lingue ufficiali dell'Unione europea in italiano | 2021/S 101-265574 | |||
LV | Pamatlīgumu par juridisku tekstu tulkošanu no noteiktām Eiropas Savienības oficiālajām valodām uz latviešu valodu noslēgšana | Labojums: |
|||
LT | Bendrųjų sutarčių sudarymas dėl teisinių tekstų vertimų raštu iš kai kurių Europos Sąjungos oficialiųjų kalbų į lietuvių kalbą | 2021/S 101-265570 | |||
HU | Jogi szövegeknek az Európai Unió egyes hivatalos nyelveiről magyar nyelvre történő fordítására irányuló keretszerződések megkötése | 2021/S 101-265579 | |||
MT | Konklużjoni ta' kuntratti qafas għat-traduzzjoni ta' testi ġuridiċi minn ċerti lingwi uffiċjali tal-Unjoni Ewropea lejn il-Malti | 2021/S 101-265581 | |||
NL | Sluiten van raamcontracten voor de vertaling van juridische teksten vanuit een aantal officiële talen van de Europese Unie naar het Nederlands | 2021/S 101-265578 | |||
PL | Zawarcie umów ramowych o tłumaczenie tekstów prawniczych z niektórych języków urzędowych Unii Europejskiej na język polski | 2021/S 101-265568 | |||
PT | Celebração de contratos-quadro para a tradução de textos jurídicos a partir de certas línguas oficiais da União Europeia para português | 2021/S 101-265586 | |||
RO | Încheierea de contracte-cadru pentru traducerea unor texte juridice din anumite limbi oficiale ale Uniunii Europene în limba română | 2021/S 101-265584 | |||
SK | Uzavretie rámcových zmlúv na preklad právnych textov z niektorých úradných jazykov Európskej únie do slovenského jazyka | 2021/S 101-265577 | |||
SL | Sklenitev okvirnih pogodb za prevajanje pravnih besedil iz nekaterih uradnih jezikov Evropske unije v slovenščino | 2021/S 101-265576 | |||
FI | Puitesopimusten tekeminen oikeudellisten tekstien kääntämisestä tietyistä Euroopan unionin virallisista kielistä suomeen | 2021/S 101-265566 | |||
SV | Ramkontrakt för översättning av juridiska texter från vissa av Europeiska unionens officiella språk till svenska | 2021/S 101-265580 |
Tá dhá chéim sa soláthar poiblí:
Céim 1: na critéir eisiata agus roghnúcháin a fhíorú chun na hiarrthóirí a roghnú a dtabharfaí cuireadh dóibh tairiscintí a chur isteach
Sa chéad áit, má tá suim agat sa chonradh seo, iarrtar ort iarratas ar rannpháirtíocht a chur isteach.
Céim 2 : creatchonarthaí a dhámhachtain ar bhonn an mheasúnaithe ar thairiscintí a fuarthas ó iarrthóirí ar tugadh cuireadh dóibh tairiscintí a chur isteach
Sa dhara háit, ní thabharfar cuireadh ach do na hiarrthóirí a roghnófar sa chéad chéim tairiscint a chur isteach. Diúltófar d’aon tairiscint a gheofar ó dhuine dlítheanach nó nádúrtha nach bhfuair cuireadh tairiscint a chur isteach.Is féidir teacht ar na doiciméid ábhartha, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha go léir le haghaidh gach céim, anseo thíos:
Iarrtar ar iarratasóirí a n-iarratas ar rannpháirtíocht i sprioctheanga an fhógra lena mbaineann a chomhlánú.
Ní mór iarratais shínithe ar rannpháirtíocht a sheoladh trí ríomhphost (foirm chlárúcháin shínithe, agus scanta i gceangal leis an ríomhphost) nó tríd an bpost (foirm chlárúcháin shínithe) ag an seoladh a shonraítear i bpointe I.1 den Fhógra Conartha. Ní ghlacfar le naisc chuig spásanna stórála ar líne.
Sonraítear an spriocdháta chun iarratais ar rannpháirtíocht a fháil i mír IV.2.2 den Fhógra Conartha. Mar sin féin, ós rud é gur glao buan é an glao ar thairiscintí, tá na conarthaí aistriúcháin dhlíthiúil fós oscailte chun go bhféadfaidh conraitheoirí nua teacht isteach tráth ar bith. Dá bhrí sin, is féidir measúnú a dhéanamh ar iarratais ar rannpháirtíocht a cuireadh isteach tar éis an spriocdháta a luaitear, ar choinníoll nár sroicheadh uaslíon na gconraitheoirí don bheart (teaglaim teanga)..