Is feidhmchlár de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é e-Curia lena gcuirtear ar chumas ionadaithe na bpáirtithe i gcásanna arna dtabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, chomh maith leis na cúirteanna agus na binsí náisiúnta i gcomhair iarraidh ar réamhrialú arna tabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais doiciméid nós imeachta a mhalartú leis na Clárlanna trí mheán leictreonach amháin.
Coinníollacha úsáide fheidhmchlár e-Curia
Chun úsáid a bhaint as e‑Curia, ní mór iarratas i leith cuntas a oscailt a dhéanamh le ceann de na foirmeacha le haghaidh iarratas ar rochtain.
Athraíonn na modhanna chun cuntas a oscailt de réir an mhodha a leanann an t-úsáideoir, eadhon an gnáthnós imeachta nó an nós imeachta speisialta.
Faoin ngnáthnós imeachta, is féidir cuntas a oscailt chun doiciméid nós imeachta a mhalartú leis an gCúirt Bhreithiúnais nó leis an gCúirt Ghinearálta. Tá sé ar fáil d’ionadaí páirtí (cuntas “ionadaí”), nó, i gcás iarraidh ar réamhrialú os comhair na Cúirte Breithiúnais, do dhuine atá ag feidhmiú thar ceann cuntas cúirte nó binse de chuid Ballstáit (cuntas “cúirte”), nó do dhuine nach bhfuil an cháil gníomhaire nó dlíodóra aige ach, de bhua na rialacha nós imeachta náisiúnta, a bhfuil an ceart aige ionadaíocht a dhéanamh ar son páirtí os comhair cúirt nó binse de chuid Ballstáit (cuntas “duine údaraithe”). Tógann próiseáil an iarratais sin roinnt laethanta agus cuirfear dul chun cinn an iarratais in iúl duit trí ríomhphost.
Tá an nós imeachta speisialta ceaptha le haghaidh cásanna práinneacha agus ceadaítear leis cuntas a oscailt go sealadach chun doiciméid nós imeachta a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta amháin.
Tá úsáid fheidhmchlár e-Curia saor in aisce.
Tá úsáid fheidhmchlár e-Curia éigeantach i leith na Cúirte Ginearálta.
An Gnáthn-ós Imeachta (Iarratas a dhéanamh i leith cuntas a oscailt) |
An Nós Imeachta Speisialta (Cuntas a oscailt go sealadach chun doiciméid nós imeachta a thaisceadh láithreach) |
|||
Cáil |
An Chúirt Bhreithiúnais |
An Chúirt Ghinearálta |
An Chúirt Bhreithiúnais |
An Chúirt Ghinearálta |
Ionadaí : |
Is féidir |
Is féidir |
Ní féidir |
Is féidir |
Duine nach bhfuil an cháil gníomhaire nó dlíodóra aige ach, de bhua na rialacha nós imeachta náisiúnta, a bhfuil an ceart aige ionadaíocht a dhéanamh ar son páirtí os comhair cúirt nó binse de chuid Ballstáit in imeachtaíréamhrialaithe |
Is féidir |
Is féidir |
Ní féidir |
Ní féidir |
Duine atá ag feidhmiú thar ceann cuntas cúirte nó binse de chuid Ballstáit in imeachtaí réamhrialaithe |
Is féidir |
Is féidir |
Ní féidir |
Ní féidir |
Ní mór na doiciméid nós imeachta a thaisceadh i bhfoirm PDF. Ní féidir leis na comhaid dul thar 30 MB. Ní gá go mbeadh síniú i scríbhinn curtha leis na doiciméid arna dtaisceadh. Is féidir leis an úsáideoir doiciméad PDF a ghiniúint go simplí trína bhogearraí próiseála focal a úsáid. Más gá, is féidir leis an úsáideoir iarscríbhinní agus/nó doiciméid sa bhreis a cheangal lena dhoiciméad nós imeachta. A luaithe a dheimhnítear na doiciméid atá á seoladh, déantar taifead ar thaisceadh na ndoiciméad sin in e-Curia agus seoltar ríomhphost deimhniúcháin chuig an úsáideoir. Dá bhrí sin, ní gá an doiciméad bunaidh a sheoladh leis an bpost ná ní gá cóipeanna deimhnithe a sheoladh.
Nuair a sheirbheálann an Chlárlann doiciméad nós imeachta trí mheán e-Curia, seoltar ríomhphost don fhaighteoir beartaithe chun é a chur ar an eolas faoi sin agus go bhfuil an doiciméad arna sheirbheáil ar fáil dó chun é a léamh in e-Curia. Cuirtear an Chlárlann ar an eolas a luaithe a léitear doiciméad arna sheirbheáil. A mhalairt air sin, meastar go nglactar le seirbheáil 7 lá i ndiaidh sheoladh an ríomhphoist fógartha.
Is féidir le húsáideoirí stair na ndoiciméad arna seirbheáil orthu agus stair na ndoiciméad a thaisc siad féin a scrúdú am ar bith. Is féidir le húsáideoirí na doiciméid arna seirbheáil orthu agus na doiciméid a thaisc siad a shortáil trí fhoirm chuardach.
Is féidir leis an úsáideoir a phasfhocal, a sheoladh ríomhphoist nó a theanga taispeána a athrú dá phróifíl. I gcás ina bhfuil dearmad déanta ar an aitheantas úsáideora nó ar an bpasfhocal, tá córas ann chun iad a fháil ar ais. Is féidir le hionadaí páirtí agus le duine atá ag feidhmiú thar ceann cuntas cúirte cúntóir amháin nó níos mó a chlárú chun na doiciméid a sheolann na Clárlann a fháil. Is féidir leis an gcúntóir sin taisceadh a ullmhú, nach mór ansin a bheith deimhnithe ag an ionadaí nó ag an té atá ag feidhmiú thar ceann cuntas cúirte.